Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Dhá thaispeántas nua sa Chultúrlann

| ,

Seoladh dhá thaispeántas nua ar na mallaibh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich in Iarthar Bhéal Feirste.

Is sa dá ghailearaí, Dánlann Dillon agus Na Ballaí Bána, a bheidh na taispeántais, ‘Slabhra na gCuimhní’ le Tomas Monteiro agus ‘Homing’ le Lane Shipsey.

Chruthaigh Lane Shipsey réimse íomhánna trí úsáid a bhaint as colláisí de ghrianghraif a ghlac sí agus í ag taisteal na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe.

Bhain Tomas, ar bronnadh Gradam Dillon air le déanaí, úsáid as slabhraí a bhí ceangailte le potaí ceirmeacha chun naisc teaghlaigh agus an fhéiniúlacht aiteach a léiriú.

Bronntar Gradam Dillon ar mhac léinn ealaíne gach bliain – tugtar £500 dóibh agus cuirtear a saothar ar taispeántas i Dánlann Dillon.

Thug Meon Eile cuairt ar sheoladh na dtaispeántas agus labhair muid leis an bheirt ealaíontóirí. Bhí focal againn fosta le Caoimhe Ní Ruanaidh ón Chultúrlann agus le hAisling O’Beirn ón choláiste ealaíne a bhí an-tógtha le saothar a cuid scoláirí a fheiceáil ar taispeántas.

Beidh an dá thaispeántas iontacha sa Chultúrlann go dtí an 7 Iúil.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta