Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Saoire sa bhaile: Tithe Lóistín le Gaeilge

|

Tá thart ar 30 teach lóistín ar fáil inár n-eolaire gnó*, agus gach ceann acu sásta Gaeilge a úsáid lena gcustaiméirí. Mar a léirítear sa léarscáil ar dheis, tá an chuid is mo dóibh scaipthe ar chósta an iarthair. Déantar cur síos thíos ar na roghanna lóistín atá againn – lóistín atá ar fáil sna bailte beaga ar an gcósta, nó ar oileáin, lóistín atá ar fáil ar bhonn féinfhreastail, agus lóistín atá ar fáil i dtithe tábhairne.

*Roghnaigh ‘Óstáin agus Taisteal’ mar chatagóir chun iad a fheiceáil.

Lóistín sna bailte beaga

Tá sé thar a bheith úsáideach a bheith ag fanacht i lóistín atá gar do bhaile beag, ina bhfuil siopaí, bialanna agus áiseanna eile mar iad. Féach thíos ar an lóistín atá ar fáil sna bailte beaga timpeall na tíre.

Ciarraí: Is i dtuaisceart Chiarraí atá Áras Mhuire B&B suite,  bungaló nach bhfuil ach céim troithe as Lios Tuathail. Ar leithinis Chorca Dhuibhne, i mBaile Ghainín, tá leaba agus bricfeasta ar fáil i gCoill an Róis. Idir Sliabh Bhreandáin agus Slí an Atlantaigh Fhiáin ar an leithinis a shuíonn teach tuaithe An Riasc, agus geallann siad béilí blasta dár gcuairteoirí. Is i mBaile an Fheirtéaraigh atá Óstán Ceann Sibéal suite, óstán a mheallann cuairteoirí as na ceithre hairde. Dar ndóigh, tá cúpla lóistín ar fáil i ndeisceart na leithinse freisin – tá radharc álainn as Dingle Heights ar Bhá an Daingin, agus níl Bamburys Guesthouse ach cúpla nóiméad as lár an bhaile féin.

Gaillimh, Dún na nGall, agus Maigh Eo:  Cúig nóiméad ag siúl ó lárbhaile an Spidéil, tiocfaidh tú ar Ard Eoinín B&B. I Maigh Eo, suite gar do Theach Sholais an Fhóid Dhuibh, tá lóistín Léim Siar, agus, thart ar 10 nóiméad ó Chruach Phádraig i gCathair na Mart, tiocfaidh tú ar Holly House B&B.

Níos faide ó thuaidh, cuireann Teach Campbell lóistín ar fáil i gcroílár na Gaeltachta i nDún na nGall. San oirthear, is gnó teaghlaigh The Town House Hotel atá lonnaithe i Nás i gCill Dara.

Saoire ar Oileán

Is iontach an tsaoire é cuairt a thabhairt ar oileán, is sos ceart é ón ngnáthshaol. Féach thíos ar an lóistín atá ar fáil ar oileáin na tíre seo.

Is ar Oileán Chléire i gCorcaigh atá Ard na Gaoithe B&B suite, ‘an teach lóistí is faide ó dheas in Éirinn’ mar a deir siad féin.

Ar Inis Meáin, tá trí rogha ar a laghad ann. Is ann a bhfaighfeá Inis Meáin Restaurant and Suites, atá dírithe ar dhaoine a bhíonn ar thóir suaimhneas agus a bhfuil grá acu don nádúr. Tá lóistín Cois Cuain suite in aice tithe tábhairne, bialanna agus an trá, agus soláthraíonn Creig Mór B&B glasraí úra óna ngairdín.  Is ar Inis Mór, i gCill Rónáin, atá Claí Bán, le radhairc áille ar Chuan na Gaillimhe agus ar chósta an Chláir.

Saoire Fhéinfhreastail

Is deas a bheith in ann do bhéilí féin a réiteach, go mór mór nuair atá grúpa daoine i gceist.  Féach thíos ar an lóistín féinfhreastail atá ar fáil.

Ciarraí:  Tá teachíní le radhairc iontacha ar fáil ó Valentia Island Cottages ar Dhairbhre. Dhá mhíle dhéag ón Daingean, in aice Dhún Chaoin, cuireann Brú na Gráige spás mór ar fáil do ghrúpaí.

Gaillimh: Bíonn lóistín samhraidh ar fáil i mBaile na Coiribe agus, sa Spidéal, tá páirc tithe so-ghluaiste agus campáil Páirc Saoire An Spidéil suite i bhfoisceacht mhíle den tsráidbhaile.

Tithe Tábhairne le Lóistín

Má tá fonn ort oíche a chaitheamh ag éisteacht le ceol den scoth i dteach tábhairne, agus ansin dul i do luí ina sheomraí codlata, seo rogha de na tithe tábhairne a chuireann lóistín ar fáil.

Ciarraí & Gaillimh: I mBaile an Fheirtéaraigh tá Tigh an tSaorsaigh, teach tábhairne traidisiúnta le seomraí codlata le radhairc áille ar an mBéal Bán. Bíonn ceol beo ag an deireadh seachtaine i dTigh Terry An Chéibh i Ros a Mhíl i nGaillimh.

Dún na nGall: Tá an-chuid tithe tábhairne le lóistín i nDún na nGall. Tá Tábhairne Leo suite i sráidbhaile Mhín na Leice i gcontae Dhún na nGall, lár bhealach idir Cnoc Earagail agus an tAigéan Atlantach, agus clú agus cáil air mar ionad ceoil. Ba shíbín é Teach Hiúdaí Beag i mBun Beag uair amháin, agus anois tá sé aitheanta mar ionad ceoil agus ealaíne. Bialann aitheanta is ea Bialann Danny Minnie in Anagaire, le seomraí codlata. Agus níos faide ó thuaidh i nGlaisigh, tá Teach Jack suite i gcroílár na Gaeltachta ar imeall na farraige.

Ar ndóigh, is cinnte go bhfuil tithe lóistín eile ar fáil timpeall na tíre a bhíonn ag úsáid Gaeilge lena gcuairteoirí, is fiú triail a bhaint as i gcónaí, go mór mór sna ceantair Ghaeltachta.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta