Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Láithreoirí nua aimsire á lorg ag TG4

| , ,

Tá TG4 ag iarraidh painéal nua láithreoirí aimsire a earcú agus iarrthóirí a bhfuil “Gaeilge chruinn, líofa agus teacht i láthair taitneamhach acu” á lorg acu. Is “obair shealadach” a bheidh ar bun ag na daoine a bheidh ar an bpainéal nua agus cuirfear traenáil ar fáil dóibh – ní gá taithí láithreoireachta ar bith a bheith ag iarrthóirí.

Ar na tréithe eile a bheidh ag na daoine a cheapfar tá “Gaeilge den scoth, cumas láithreoireachta, teacht i láthair taitneamh, urlabhra shoiléir, agus ardchumas scríofa agus cumarsáide”.

Is i gceannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe a bheidh na láithreoirí sealadacha ag obair agus iad ag ullmhú míreanna láithreachais agus aimsire agus á gcur i láthair. Beidh orthu scripteanna a dhréachtú agus guth a chur leo do bhlaisíní TG4 agus cúram a dhéanamh d’ardáin TG4 ar na meáin shóisialta.

“Tá muid ríméadach go bhfuil painéal nua á earcú ag TG4. Is deis iontach é do dhuine ar bith atá ag iarraidh coiscéim a thabhairt ar dhréimire na hoibre in earnáil na mean. Is iomaí láithreoir aitheanta a thosaigh amach ar phainéal láithreoirí leanúnachais TG4: Aoife Ní Thuairisg, Síle Seoige, Páidí Ó Lionáird, Dáithí Ó Sé agus mórán eile nach iad,” a dúirt Caitlín Nic Aodha, láithreoir aimsire agus leanúnachais le TG4.

Ní mór d’iarrthóirí míre físe nóiméad amháin ina ndéantar cur síos ar an duine maraon le CV a sheoladh chuig cv@tg4.ie roimh an 8 Meitheamh. Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus tabharfar cuireadh do roinnt iarrthóirí freastal ar lá trialacha scáileáin i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann níos deireanaí sa mí.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta