Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Naoi gCeist’ le Manchán Magan

|

Tugann Manchán Magan freagraí dúinn anseo ar ár gceistneoir Naoi gCeist, atá bunaithe ar mhúnla an Cheistneora Proust.

Déanann an scríbhneoir, colúnaí agus craoltóir cur síos ar cathain a bhíonn sé is sona sásta, ar céard a chaitheann sé a chuid airgid, na leabhair is fearr leis agus níos mó.


Cathain a bhíonn tú is sona sásta? Nuair a bhím ag tochailt im gharraí, nó ag tabhairt aire dom crainn.

Cén duine a mhaireann an bhfuil an meas is mó agat orthu? Tá meas iontach mór agam ar chrógacht agus dílseacht Sinéad O’Connor. Braithim go raibh sí toilteanach rúin a scaoileadh agus an fhírinne a scaipeadh faoi rudaí a bhí faoi cheilt le fada. Bhí sí ionraic, dílis, cróga i gcónaí.

Céard é an só is mó ar a gcaitheann tú d’airgead? Cnónna. Is breá liom cnónna. D’íosfainn ó mhaidin go hoíche iad, dá bhféadfainn.

Cén sórt giúmar atá ort faoi láthair? Tá sceitimíní orm. Táim díreach tar éis trí sheachtain a chaitheamh le ceannairí agus saoithe bundúchasacha na hAstráile. Tá mo chroí agus m’anam lán go barr, agus mé ag súil anois leis an eolas agus an léargas a scaipeadh go poiblí.

Cén tréith is luachmhaire leat i gcara? Fonn grinn agus dearfacht.

Cén focail nó nathanna cainte a úsáideann tú rómhinic? Pé scéal é, ach go háirithe (tá sé deacair dom gan an dá abairt a shníomh le chéile, mar a dhein Nell Purge i gCorca Dhuibhne nuair a bhíos óg).

Ainmnigh cúpla rud a chuireann isteach ort? Diúltachas, cnáimhseáil agus aighneas.

Cé hiad na húdair/an leabhar is fearr leat? Is breá liom saothair an údair Kerri Ní Dochartaigh.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú fút féin, céard a roghnófá? Dhéanfainn iarracht a bheith beagán níos réchúisí – gan a bheith i gcónaí chomh gnóthach agus dírithe ar rudaí a chur amach go tapa agus go beacht.

Go raibh míle maith ag Manchán as a chuid freagraí suimiúla.


Tuilleadh ón tsraith seo:

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta