Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cártaí do Lá Fhéile Pádraig, Lá na Máithreacha, agus an Cháisc

|

Tá Lá Fhéile Pádraig linn ar an Aoine seo, Lá na Máithreacha ar an Domhnach, agus an Cháisc ar an 9ú hAibreáin. Seo thíos achoimre ónár n-Eolaire Gnó ar na cártaí gleoite atá ar fáil ó chomhlachtaí éagsúla in Éirinn do na lánna speisialta seo. Tá an chuid is mó dóibh i nGaeilge agus ar fáil ar líne.

Is féidir do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis na comhlachtaí seo freisin – bain triail as!

An Siopa Leabhair

Tá An Siopa Leabhar lonnaithe in 6 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, agus tá siad ag díol leabhar Gaeilge agus níos mó ó 1975.

Connect the Dots Design

Is siopa ar líne é seo atá lonnaithe ar imeall Bhéal Feirste.

Dingle Wild Card

Is déantóir cártaí í Neasa Murphy, a bhunaigh an comhlacht seo.

Ealaín Iarthar na hÉireann

Cuireann an comhlacht seo cártaí dátheangacha ar ardchaighdeán ar fáil anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

Prints of Ireland

Bíonn priontaí, cartaí agus málaí tote á ndíol ag an gcomhlacht seo.

Siopa an Carn

Siopa Bronntanais agus leabhar le rogha leathan bronntanais, réimse leabhar do gach aois, cártaí, potaireacht agus neart ábhair Ghaeilge eile.

Siopa Údar

Siopa ar líne is ea Siopa Údar, a dhíolann earraí Gaeilge cosúil le leabhair, cluichí, t-léinte agus níos mó.

Is cinnte go bhfaighfeá cártaí Éireannacha ó shiopaí eile ar líne freisin:

Agus dar ndóigh, is dóichí ná a mhalairt go bhfuil cártaí Éireannacha ar fáil sna siopaí áitiúla i do cheantar.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta