Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Naoi gCeist’ ar Alan Titley

|

Tugann Alan Titley freagraí dúinn anseo ar ár gceistneoir nua Naoi gCeist, atá bunaithe ar mhúnla an Cheistneora Proust.

Déanann an scoláire, colúnaí, úrscéalaí, gearrscéalaí, fabhalscéalaí, file, staraí liteartha, craoltóir agus drámadóir cur síos ar cathain a bhíonn sé is sona sásta, ar céard a chaitheann sé a chuid airgid, na leabhair is fearr leis agus níos mó.


Cathain a bhíonn tú is sona sásta? Nuair a bhím ag taibhreamh

Cén duine a mhaireann an bhfuil an meas is mó agat orthu? Amaira Ghosh, bean Indiach anaithnid a bhfuil seisear páistí aici, a choinníonn greim lena mbéal agus nach gcothaíonn aon achrann d’aon duine agus a bhfuil croí maith mór aici in ainneoin na hainnise.

Céard é an só is mó ar a gcaitheann tú d’airgead? Leabhair

Cén sórt giúmar atá ort faoi láthair? Iontach, thar barr amach

Cén tréith is luachmhaire leat i gcara? Greann, deaghiúmar, dearfacht,

Cén focail nó nathanna cainte a úsáideann tú rómhinic? N’fheadar

Ainmnigh cúpla rud a chuireann isteach ort? Tinneas fiacaile, dúire, sprionlaitheacht, an faisean intleachtúil atá thuas faoi láthair ach a imeoidh i gceann bliana nó dhó, pé é é.

Cé hiad na húdair/an leabhar is fearr leat? Eduardo Galeano, Woody Allen, na Manuail de Litríocht na Gaeilge le Breandán Ó Doibhlin

Dá bhféadfá rud amháin a athrú fút féin, céard a roghnófá? Mé a bheidh 16 bliana arís, ach gach eolas atá agam anois a bheith agam


Go raibh míle maith ag Alan as a chuid freagraí suimiúla.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta