Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An snámhaí Gaeltachta Anrí Ó Domhnaill ar shlí na fírinne

| , ,

Tá an snámhaí agus an t-eachtraí Gaeltachta Anrí Ó Domhnaill ar shlí na fírinne. Bhásaigh sé go tobann aréir agus é 58 mbliana d’aois. Ba as an Charraig Fhinn i nGaeltacht Thír Chonaill ó dhúchas é Anrí agus bhí sé ina chónaí i nGleann an Chairthe i Leitir Ceannain.

Shnámh Anrí timpeall na hÉireann an bhliain seo caite le hairgead a bhailiú do Chumann Ailse na hÉireann agus Sábháilteacht Uisce na hÉireann, agus d’éirigh leis os cionn €50,000 a bhailiú agus an turas 1,569km á chur de aige. Bhí grá agus paisean aige don snámh agus bhí sé ina ambasadóir le Sábháilteacht Uisce na hÉireann. Ba é an chéad duine a rinne ‘snámh lapaí’ timpeall na hÉireann agus go deimhin timpeall tír ar bith ar domhan. Is éard atá i gceist leis an snámh eite ná lapaí a bheith ar chosa an tsnámhaí agus snorcal a bheith ar a éadan. 

Bronnadh an gradam speisialta ‘Freagracht Phobail agus Shóisialta’ ar Anrí i mí na Samhna 2020 as a éacht snámha. 

Sléibhteoir cruthanta a bhí in Anrí freisin agus is iomaí turas i sléibhte móra an domhain a rinne sé i gcaitheamh a shaoil – Aconcagua, an sliabh in airde i Meiriceá Theas, ina measc. 

Chaith Anrí 12 bliana in Arm na hÉireann agus bhí sé ina fhiannóglach san eagraíocht sin – grúpa saighdiúirí fíorchumasacha. Bhí sé ina bhall d’fhórsaí na Náisiún Aontaithe a bhí sa Liobáin sna 1980idí. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta