Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Céard é Focal Gaeilge na Bliana 2022?

| , ,

Céard é ‘Focal Gaeilge na Bliana 2022’ dar leatsa? Tá muid ag iarraidh ar léitheoirí NÓS a vóta a chaitheamh don fhocal Gaeilge is mó in 2022 as an liosta atá curtha le chéile ag an Ollamh Kevin Scannell in Ollscoil Missouri dúinn. 

Rinne Kevin anailís ar fhocail a tháinig chun cinn go mór sa phlé ar líne i gcaitheamh na bliana agus tá na deich bhfocal is mó a d’aimsigh sé bailithe anseo againn le cur faoi bhráid léitheoirí NÓS. 

Is iad na deich bhfocal atá ar an liosta: frithionsaí, conbhua, Foclach, dúrthóireacht baochta, tailidimíd, meanapás, fliú éanúil, lánstádas, puiteachaí, agus Úcráin.

Mar is léir ón liosta, ní focail nuachumtha ná nuacheaptha iad na focail seo ach na focail is mó a bhí i mbéal an phobail ar na meáin shóisialta agus ar na meáin thraidisiúnta scríofa den chéad uair i mbliana.

Baineann trí fhocal ar an liosta leis an gcogadh san Úcráin a tosaíodh i mí Feabhra na bliana seo: ‘frithionsaí’, ‘Úcráin’, agus ‘conbhua’. Tá an focal ‘puiteachaí’ ar an liosta mar gheall ar an gcaint uilig a rinne muintir Inis Meáin ar na sméara dubha agus Féile na bPuiteachaí á reáchtáil acu, i measc rudaí eile.

Baineann dhá fhocal le cláracha teilifíse a craoladh ar TG4 agus ar RTÉ – ‘tailidimíd’ agus ‘meanapás’. Bhí an ‘fliú éanúil’ go mór i mbéal an phobail, go mór mór i bpobail chósta ar fud na hÉireann agus an galar ag marú na gcéadta éan. As scéal nuachta eile a tháinig ‘lánstádas’ chun cinn agus an dea-scéala ann ag tús na bliana go raibh stádas iomlán ag an nGaeilge mar theanga de chuid an Aontais Eorpaigh. 

Ar ndóigh, focal as an nua é ‘Foclach’ – teideal an chluiche mhóir focal a chuaigh i bhfeidhm go mór ar lucht labhartha na Gaeilge sa chéad ráithe den bhliain agus atá fós á imirt ag go leor daoine. 

An ‘focal’ is aistí ar an liosta gan aon agó ná ‘dúrthóireacht baochta’ – téarma a bhí le feiceáil ar chomhartha bóthair i Mionlach i nGaeltacht Oirthear na Gaillimhe. Ba é Cathal Seoighe a tharraing aird ar an gcomhartha ar dtús agus bhí siar is aniar ann leis an údarás áitiúil faoin nGaeilge aisteach a bhí le feiceáil air go dti gur cuireadh an scéal ina cheart cúpla seachtain ó shin. 

“Toisc go bhfuil mórán staitisticí úsáide agam ó na meáin shóisialta, blaganna, Tuairisc.ie, NÓS, agus araile, ní raibh sé ródheacair anailís a dhéanamh ar na focail leis an méadú is mó úsáide in 2022 a phiocadh amach. Tá na sonraí sin ar fáil go poiblí ón suíomh Treochtaí a sheol mé in 2019,” a dúirt Kevin Scannell le NÓS agus an liosta focal á chur le chéile aige.

Tá an deis anois ag léitheoirí NÓS an focal is fearr leo as liosta Kevin a roghnú ar na pobalbhreitheanna atá á reáchtáil againn ar Instagram, Facebook, agus Twitter. Caith do vóta! 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta