Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Trí phost le Conradh na Gaeilge

|

Tá go leor dualgais éagsúla faoi chúram Chonradh na Gaeilge. Tá trí phost á bhfógairt ag an gConradh faoi láthair i réimsí áirithe; seo daoibh thíos achoimre ghearr orthu. Má tá aon cheist agaibh orthu, bí i dteagmháil linn ag post@cnag.ie.

Bainisteoir Abhcóideachta ó dheas

Is ról é seo a bhaineann le stocaireacht agus gníomhú ar son na Gaeilge.

D’fheilfeadh an ról seo d’aon duine a bhfuil suim acu i gcúrsaí polaitíochta, ar stádas agus cur chun cinn na Gaeilge.

Spriocdháta: 11:00 Dé Luain, 25 Iúil 2022.

Faigh gach eolas faoin mBainisteoir Abhchóideachta anseo.

Bainisteoir Raidió Rí-Rá

Is cairt-stáisiún ceoil é Raidió Rí-Rá a bhíonn ag craoladh go hiomlán trí Ghaeilge.

Bíonn an ceol ar fad ó na cairteacha le cloisteáil ar an stáisiún, mar aon le nuacht siamsaíochta, an nuacht spóirt agus an nuacht scannánaíochta is déanaí. Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil 24/7 ar líne, ar an raidió DAB nó is féidir aip Raidió Rí-Rá a íoslódáil saor in aisce. Beidh an té a cheapfar i gceannas ar an sceideal, ag plé le foireann an stáisiúin agus i bhfad níos mó. Is ról suimiúil leathan é seo d’aon duine a bhfuil suim acu sna meáin agus sa chraoltóireacht.

Spriocdháta: 11:00 Dé Céadaoin, 27 Iúil 2022.

Léigh tuilleadh faoi Bhainisteoir Raidió Rí-Rá anseo.

Comhordaitheoir, Gníomhaí Gaeilge

Is tionscadal nua meantóireachta, gradaim agus aitheantas é Gníomhaí Gaeilge do dhaoine atá gníomhach leis an nGaeilge sa Tríú Leibhéal, reáchtáilte ag Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn.

Tá sé i gceist ag an gConradh Comhordaitheoir a fhostú le tacaíocht agus comhordú a chur ar fáil don chóras seo. Beidh comhordú ar an meantóireacht, na ceardlanna oiliúna agus an searmanas Gníomhaí Gaeilge á reáchtáil ag an duine a cheapfar.

Spriocdháta:  11:00 Déardaoin, 4 Lúnasa 2022.

Tuilleadh eolais faoin gComhordaitheoir, ‘Gníomhaí Gaeilge’ anseo.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta