Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Filleadh na gcoláistí samhraidh

| ,

Le dhá bhliain anuas ní raibh na coláistí samhraidh in ann a gcúrsaí a chur ar fáil mar gheall ar Covid-19 ach tá a ndoirse ar oscailt arís.

Thug Meon Eile cuairt ar Choláiste Bhun an Inbhir i nGaoth Dobhair ar na mallaibh, ceann de na chéad choláistí samhraidh atá ar ais. Labhair muid le Shane Ó Coinn a thug cur síos ar an tábhacht a bhaineann leis na seirbhísí seo do dhaoine óga agus do na ceantair Ghaeltachta araon. De bharr Covid d’éirigh cuid mhór de na mná tí as páistí a choinneáil agus chaill coláistí maoiniú, rud a d’fhág nach raibh siad in ann an méid céanna daltaí a ghlacadh i mbliana.

Tugann na coláistí samhraidh deis ar leith do na páistí Gaeilge a fhoglaim agus a úsáid amuigh den seomra ranga agus iad i mbun gníomhaíochtaí sultmhara faoin aer. Ag Bun an Inbhir is féidir surfáil agus cadhcáil a dhéanamh go fiú.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta