Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Éisteacht faighte ag achomharc an Stáit faoi Ghaeilge ar tháirgí leighis d’ainmhithe

| , ,

Éisteadh sa Chúirt Achomhairc inniu cás an Stáit i gcoinne chinneadh Ard-Chúirte go gcaithfear rialacháin nua a thabhairt isteach ag ordú go mbeadh Gaeilge agus Béarla ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Ar bhonn práinne a éisteadh an cás inniu mar ón 28 Eanáir 2022 ar aghaidh, beidh saoirse ag ballstáit an Aontais Eorpaigh maidir le lipéadú agus beidh cead ag an Stát Béarla nó Gaeilge a roghnú do na lipéid.

Ní bheadh aon fheidhm ag aon rialacháin nua a thabharfaí isteach ón dáta sin amach.

Roimhe sin i mí Eanáir a fhógrófar cinneadh na Cúirte Achomhairc. Na Breithiúna Cian Ferriter, Aileen Donnelly agus Gerry Hogan an triúr a d’éist an cás sa Chúirt Achomhairc.

Deir an Stát nach mbaineann an cheist le hábhar mar go bhfuil an treoir ag dul in éag agus nach bhfuil aon éifeacht ag an treoir.

Deir lucht dlí Pheadair Mhic Fhlannchadha, a thóg an cás faoin lipéadú, go bhfuil an treoir chéanna ‘soiléir, beacht agus neamhchoinníollach’.

Is é achomharc an Stáit an cor is déanaí i gcás arbh é an chéad chás ar phléigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh leis i nGaeilge.

Rialaigh an Ard-Chúirt mí an Mheithimh seo caite go gcaithfear rialacháin nua a thabhairt isteach ag ordú go mbeadh Gaeilge agus Béarla ar lipéid agus ar phacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais i Lucsamburg mí an Mhárta go gcaithfeadh an Ard-Cúirt in Éirinn a dhearbhú gur theip ar an Stát cloí leis an treoir gur gá an Ghaeilge a chur ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.  Cinneadh gur gá feidhm a thabhairt don treoir sin láithreach in ainneoin go bhfuil sí le hathrú an bhliain seo chugainn.

Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Ardrúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thug an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis sa tír seo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta