Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bonn óir Oilimpeach buaite ag Kellie Harrington na hÉireann

Tá bonn óir Oilimpeach buaite ag Kellie Harrington na hÉireann i gcró na dornálaíochta i dTóiceo ar maidin.

Fuair Harrington an ceann is fearr ar an mBrasaíleach Beatriz Ferreira sa gcomhrac ceannais 60kg in Airéine Ryōgoku Kokugikan.

Tá Harrington ar an tríú dornálaí as Éirinn a chroch bonn óir abhaile ó na Cluichí Oilimpeacha.

Sárthaispeántas a bhí ann ó Kellie Harrington a chaill an chéad bhabhta, 3-2, ach a rinne teacht aniar iontach chun an dá cheann eile a bhuachan agus an bonn Oilimpeach a shaothrú.

Sa bhliain 1992 rinne Michael Carruth as Droimeanach i mBaile Átha Cliath an gaisce sin in Barcelona, in 2012 ba í Katie Taylor as Bré i gCill Mhantáin an gaiscíoch a bhí ag Éirinn i Londain agus maidin inniu i dTóiceo ba í laoch Rae Portland as lár na príomhchathrach a bhí ag ceiliúradh bua órga.

Tá gean na tíre meallta ag Kellie Harrington ó thosaigh na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo lena cumas, a gnaíúlacht, a teacht aniar agus a hionracas. Bhí daoine faoi gheasa ag a díocas diongbháilte sa bhfáinne agus a nós nath as The Lion King a lua nuair a bhí an beart déanta aici.

Ba é  ‘Hakuna Matata’, ná bí buartha nó tóg go bog é, a dán arís maidin inniu i dTóiceo ag an seaimpín Oilimpeach nua.

Ceithre bhonn a bhuaigh Foireann na hÉireann ag na Cluichí.

Chomh maith le bonn óir Kellie Harrington, tá bonn cré-umha eile ag an dornálaí Aidan Walsh, bonn óir ag Fintan McCarthy agus Paul O’Donovan agus bonn cré-umha  ag foireann rámhaíochta na mban – Aifric Keogh, Eimear Lambe, Fiona Murtagh agus Emily Hegarty.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta