Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cumann Camógaíochta Naomh Pádraig sásta le bheith ar ais ar an pháirc

| , ,

An tseachtain seo caite, baineadh cuid de na srianta a bhain leis an choróinvíreas ó Thuaidh agus anois tá cead againn spórt a imirt taobh amuigh i ngrúpaí suas le cúigear déag. Bhí áthas ar Chumann Camógaíochta Naomh Pádraig i nDún Geimhin go raibh siad in ann filleadh ar an traenáil agus mar sin labhair Meon Eile le roinnt ball den chumann chun a dtuairimí a fháil ar an athrú.

Bhí Caoimhe Uí Mhaoildeirg iontach sásta chun na cailíní ón fhoireann faoi 8 a fheiceáil arís agus tá sí ag súil leis an chamógaíocht ar fad atá le teacht i mbliana.

Labhair muid fosta le hOrlaith Ní Mhaoláin agus luaigh sí an tábhacht a bhaineann leis an spórt don mheabharshláinte. 

Is léir go bhfuil gach duine i nDún Geimhin ar mhuin na muice agus iad ar ais ag imirt arís – go n-éirí leo!

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta