Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Lá Idirnáisiúnta um Infheictheacht Daoine Trasinscneacha

| , ,

Inniu Lá Idirnáisiúnta um Infheictheacht Daoine Trasinscneacha. Déantar leithcheal ar an phobal trasinscneach go fóill agus tá go leor dúshlán roimh dhaoine trasinscneacha in Éirinn. Baintear úsáid as an lá seo le haird a tharraingt ar na deacrachtaí agus na dúshláin a bhaineann le bheith i do dhuine trasinscneach agus le céiliúradh a dhéanamh ar an phobal fosta.

Is mac léinn de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é Finn Ó Muiris atá díreach tosaithe ag glachadh leigheas hormónach ag tús na bliana seo. Bhí air taisteal go Londain leis an leigheas seo a fháil mar gheall go mbeadh air fanacht cúpla bliain air in Éirinn.

Tá Finn ag labhairt amach agus ag insint a scéil le cur in iúl nach bhfuil na seirbhísí sláinte in Érinn maith go leor do dhaoine trasinscneacha agus go bhfuil níos mó tacaíochta de dhíth orthu. Tugann sé comhairle do dhaoine eile atá ag ceistiú a n-inscne agus do dhaoine atá ag iarraidh tacú leis an phobal.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta