Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ceol na Sióg: Leabhar amhrán agus dlúthdhiosca

| , ,

 

Thart ar an gheimhreadh seo caite, bhuail Andrew Whitson agus Gráinne Holland le chéile le leabhar amhrán a dhéanamh a bheadh bunaithe ar an dúlra agus ar na daoine beaga a chónaíonn ann.

Bhí cúpla amhrán ag Gráinne a chum sí dá páistí cheana féin agus bhí neart taithí ag Andrew ar dhearadh agus ar tharraingt na sióga, mar sin, thug siad faoin tionscadal le fonn.

A bhuí le maoiniú ón Chomhairle Ealaíon, bhí An tSnáthaid Mhór in ann an saothar draíochta a fhoilsiú. Tá 13 amhrán ag dul leis an leabhar agus is iad Seán Óg Graham, Niamh Dunne agus Brian Finnegan a chuireann an ceol le liricí áille Ghráinne.

I ndiaidh ceithre mhí, tá an leabhar agus na hamhráin réidh le seoladh agus labhair Meon Eile le Gráinne, Andrew agus Caitríona Nic Seáin ó An tSnathaid Mhór faoin leabhar, na hamhráin agus an ealaín.

Beidh an leabhar ar díol ón 31 Márta ar aghaidh ach is féidir é a réamhordú anois ó shuíomh gréasáin An tSnatháid Mhór.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta