Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Beochan faoi Ghaeilge Uladh – ‘It’s Yours Too’

| , ,

Nuair a bhog Don Ó Donnacháin go Béal Feirste le post a ghlacadh mar Léachtóir Cleachtais Craolacháin in Ollscoil na Banríona, níorbh fhada go bhfaca sé an obair iontach a bhí ar siúl ag Linda Ervine agus ag an eagras Turas in Oirthear Bhéal Feirste.

Chinn an bheirt acu tús a chur an tionscadal ‘It’s Yours Too’ chun aird a tharraingt ar an scéal dearfach a bhaineann le daoine ó chúlra aontachtach atá ag foghlaim na Gaeilge. Is i bhfoirm gearrscannáin bheochana a léiríodh an scéal, le  cuidiú ón chomhlacht graificí agus beochana Enter Yes.

Bhuail Meon Eile le Don agus thug sé cur síos ar an obair iontach atá déanta acu go dtí seo. Bhí an deis againn an dá fhíseán beochana a fheiceáil, mar aon leis an ealaín choincheapúil a rinne Enter Yes. Tá blaiseadh de san fhíseán thíos. 

Téigh anseo le breathnú ar an dá fhíseán iomlána a fheiceáil agus tá tuilleadh eolais faoi Turas le fáil anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta