Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Sean-Nós na Fearsaide 2021

| , ,

Beidh Sean-Nós na Fearsaide 2021 ag tarlú ar líne i mbliana ach tá neart imeachtaí ag titim amach san fhéile in ainneoin na srianta. Labhair Meon Eile le beirt amhránaithe aitheanta ar an sean-nós a bheidh ag glacadh páirt san fhéile an deireadh seachtaine beag seo.

Ní bheidh aon teacht le chéile fisiciúil ag Sean-Nós na Fearsaide i mbliana agus is ar líne amháin a chruinneoidh daoine chun céiliúradh a dhéanamh ar an amhránaíocht thraidisiúnta. Chuaigh Meon Eile i dteagmháil le Doiminic Mac Giolla Bhríde agus Bláithín Mhic Cana a bheidh páirteach san fhéile chun níos mó a fháil amach faoi. 

Beidh oíche airneáil ar siúl oíche Aoine agus ceolchoirm ar líne oíche Shathairn. Cé gur mór an trua é nach mbeidh na hamhránaithe ar fad baillithe i mBéal Feirste don deireadh seachtaine, creideann Doiminic gur rud dearfach é sa dóigh is go mbeidh daoine fud fad na hÉireann agus níos faide i gcéin in ann freastal ar na himeachtaí ar líne.

Tá meas mór ag Bláithín ar an mhéid atá ar siúl ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain leis an fhéile seo a eagrú agus tá sí ag súil leis an tsiamsaíocht agus craic a bheidh ann lena linn.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Shean-Nós na Fearsaide, téigh chuig: https://www.mhicreachtain.com

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta