Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Leabhair Ghaeilge ar phraghas níos lú ná €20

|

An bhfuil a lán am saor agat anois de dheasca COVID-19? Ar mhaith leat tuilleadh leabhair Ghaeilge a léamh? Seo chugaibh cuid de na leabhair Ghaeilge atá ar fáil ar chostas íseal a foilsíodh le déanaí.

Leabhair Ghaeilge:

An Féar Nárbh Fhéidir a Fheiscint  | €12

An tÚdar: H.G. Wells | Séamus Ó Coileáin a d’aistrigh

Seánra: Ficsean Eolaíochta

Baineann an scéal seo leis an bpríomhcharachtar darb ainm Griffin. Ba mhaith leis a bheith dofheicthe agus déanann sé gach iarracht chun é a dhéanamh. Cuireann sé a chuid ama, airgid agus iarrachta chun a smaoineamh a chur i bhfeidhm. Dar leis, d’fhéadfadh rud ar bith tarlú. 

Inní | €14 

An tÚdar: Réaltán Ní Leannáin 

Seánra: Gearrscéalta

Scríbhneoir cáiliúil is ea Réaltán Ní Leannáin. Déanann sí comparáid idir an saol mar a bhí sé i mBéal Feirste agus Baile Átha Cliath sa lá atá inniu ann. Pléitear le topaicí sa leabhar seo nach mbíonn mórán cainte orthu. Cuireann Réaltán na téamaí os ár gcomhair trí na carachtair.

Meascra Ón Aer | €10

An tEagarthóir: Marcus Mac Chongail 

Seánra: Meascán d’fhicsean, aistí agus gearrscéalta

Sa leabhar seo gheobhaidh tú gearrscéalta, úrscéalta, aistí stairiúla agus grianghraif. Tagann an leabhar ón tsraith “Meascra” a craoladh ar Raidió na Gaeltachta. Ina theannta sin, déanann Marcus Mac Chongail machnamh ar chúrsaí ina stíl féin. Díríonn sé an machnamh seo ar chreideamh, ar shláinte agus ar an timpeallacht. Tugann sé léargas dúinn faoin tsochaí agus faoin mbealach ina mbíonn sí ag athrú. Níl aon cheann de na píosaí cosúil lena chéile.

Mise do Mhamó | €10

An tÚdar: Majella Ní Dhomhnaill 

Seánra: Ficsean 

Is scéal cumhachtach nua-aimseartha é Mise do Mhamó. Déanann an leabhar seo comparáid idir an saol ar líne agus an fíorshaol. Nochtar dúinn sa leabhar an fhírinne atá taobh thiar de phróifílí meán sóisialta. Tá fadhbanna a bhaineann le drugaí, aonrú sóisialta agus foréigean baile le feiceáil sa leabhar seo. Troideann an príomhcharachtar i gcoinne uaignis agus alcóil mar ba mhaith léi a gariníon a fheiceáil lá a Céad Chomaoineach. An éiróidh léi?

Léigh tuilleadh ábhar ó PEIG.ie anseo

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta