Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Lá Fhéile Vailintín – Cé hé Naomh Vailintín?

|

Stair Lá Fhéile Vailintín

Féile bhliantúil is ea Lá Fhéile Vailintín a ndéantar ceiliúradh air ar an 14 Feabhra. Deirtear gur eascair sé ón bhféile phágánach darbh ainm Lupercalia, féile a bhí bunaithe ar thorthúlacht. Roimh dheireadh an 5ú haois cuireadh cosc air le teacht na Críostaíochta agus tugtar “Lá Fhéile Vailintín” ar an lá ó shin amach. Ní raibh sé go dtí níos déanaí sa 4ú haois déag, áfach, gur bhain an lá go sonrach le cúrsaí grá.

Naomh Vailintín? Cé hé?

D’fhéadfadh Lá Fhéile Vailintín a bheith bunaithe ar bheirt ach fiú sa lá atá inniu ann tá mearbhall ar dhaoine ó thaobh féiniúlachta Naomh Vailintín de. Déanann cuntas amháin cur síos ar Vailintín agus é ina shagart agus bhain an tImpire Claudius II an ceann dó mar gur phós sé lánúineacha le chéile go mídhleathach. Maíodh i gcuntas eile gur Easpag Therni é agus chuir Claudius II chun báis é ar imeall chathair na Róimhe.

Teanga na mBláthanna

Cad as ar tháinig traidisiún na rósanna do Lá Fhéile Vailintín? Téann an traidisiún seo siar go dtí deireadh an seachtú haois déag nuair a bhí Rí Séarlas III i réim sa tSualainn. D’fhoghlaim sé faoin ealaín nua – teanga na mbláthanna agus é ar thuras thar lear. Bhí an smaoineamh seo dírithe ar a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh trí bhláthanna gan aon fhocal a rá. Tháinig borradh faoin nós thar oíche timpeall na hEorpa. Cuireann dath agus crobhaing na mbláthanna rudaí éagsúla in iúl, mar shampla:

Rósanna dearga – Grá mo chroí thú

Rósanna buí – Cairdeas

Rósanna dubha – Caoineadh 

Frásaí

Tá go leor bealaí le cur síos a dhéanamh ar chúrsaí grá i nGaeilge ó na téarmaí céanna go maoithneachas frithghrá. Seo cúpla ceann de na cinn is fearr linn:

Mearghrá – infatuation. Is éard atá i gceist leis an bhfocal mear ná rud éigean atá tapa nó sciobtha

Mí na meala – san am atá thart bhí sé de nós ag an lánúin nuaphósta mí a chaitheamh le chéile, deirtear go dtagann an focal ón smaoineamh gurb í an chéad mhí de phósadh an mhí is deise agus is milse.

Más rud é go bhfuil tú splanctha i ndiaidh duine éigin, ciallaíonn sé go bhfuil tú gafa leo.

 

Stór Focal

Caidreamh – Relationship, Leathbhádóir – Significant other, Rómánsúil – Romantic, Cliúsaíocht – Flirting, Lovers – Leannáin, Crobhaing bláthanna – Bouquet of flowers, Dinnéar faoi sholas coinnle – a candlelit dinner, Barróg – Hug, Bosca seacláidí – Box of chocolates, Cárta vailintín – Valetine’s card.

 

 

Léigh tuilleadh ábhar ó PEIG.ie anseo

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta