Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bean Gaeltachta i mbun feachtas bailiúcháin airgid ar mhaithe le láthair machnaimh i dTír Chonaill.

| , ,

Tá Bean Gaeltachta i mbun feachtas bailiúcháin airgid ar mhaithe le gairdín cuimhneacháin a thógáil ina pobal féin.

Tá sé mar sprioc ag Bríd Nic Suibhne, de bhunadh Ghaoth Dobhair, ag  dul amach ag siúl achan lá ar feadh bliana.

Téann Bríd amuigh ag siúl go rialta lena cara Ella, Deireann sí go bhfuil sé maith don chorp agus don intinn.

Aithníonn Bríd go bhfuil carthanachtaí agus grúpaí pobail thíos go mór leis de bharr an CVOID 19 agus go mbeidh sé níos deacra orthu anois ná riamh airgead a chruinniú.

Chinn Bríd tús a chur le feachtas bailiúcháin airgid ar mhaithe a hionad pobail áitúla, Ionadh Naomh Pádraig Dobhair.

Ba mhaith le Ionad Naomh Pádraig  láthair machnaimh a fhorbairt sa phobal, i ndíl chuimhne ar dhaoine óga a fuair bás agus orthu sin a cailleadh go tobann, tubaisteach i mbláth na hóige, fríd na blianta.

Tearmann síochána, spioradálta agus foinse faoisimh agus sóláis do thuismitheoirí, chaomhnóirí, baill teaghlaigh agus cairde an aos óg, nach maireann ach i gcuimhne agus i gcroithe a muintir agus a bpobail.

Creideann siad go láidir go bhfuil géarghá le leithid de thearmann le haird a dhíriú ar chúrsaí meabhair shláinte agus folláine.  Áit suaimhnis agus scríste ó challán agus clampar na saoltaí seo ina maireann muid.

Tá €5,230 cruinnuithe go dtí seo. Meastar go gcosnóidh costas iomlán an togra thart ar € 12,000

Labhair ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill le Bríd Nic Suibhne ar na mallaibh agus i mbun a dushlán siúl.

Tuilleadh eolais ANSEO

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta