Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Year: 2020

310 cás nua fógartha, cúrsaí “seasmhach go maith” ó thaobh scaipeadh an ghalair

D’fhógair an Roinn Sláinte 310 cás nua den choróinvíreas tráthnóna.

15 duine eile a raibh an galar orthu atá básaithe. I mí na Nollag a bhásaigh deichniúr acusan.

Bhain 27 de chásanna an lae inniu le Dún na nGall, 15 cás a bhí i bPort Láirge, 15 cás a bhí i gcontae na Mí, 13 cás a bhí i nGaillimh, 11 cás a bhí i gCorcaigh agus 11 cás a bhí i Maigh Eo.

Ní raibh cás nua ar bith le fógairt i gCiarraí inniu, agus bhí an scéal amhlaidh i gcás dhá chontae eile, Uíbh Fhailí agus an Iarmhí.

80 den 310 cás nua a bhí i mBaile Átha Cliath.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach NPHET, go raibh cúrsaí “seasmhach” go maith ó thaobh scaipeadh an ghalair. Dúirt sé gur idir 250-300 cás sa lá a bhíonn anois ann agus ní dóigh le Nolan go rachaidh líon na gcásanna níos ísle ná sin.

Gar do 1 atá ráta atáirgthe an ghalair.

Tá ráta coicíse an Covid-19 sa stát tite beagáinín go dtí 79.

Tá an ráta is airde sa tír i nDún na nGall go fóill agus é imithe suas go dtí 231 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa chontae.

83 an ráta i bPort Láirge, 76 atá i Maigh Eo agus 60 atá i nGaillimh. Ráta 55 atá i gcontae na Mí, 27 atá i gCorcaigh agus 24 atá i gCiarraí.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh 14 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 441 cás nua a bhí le fógairt acu tráthnóna.

417 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 29 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 101% de na leapacha ansin lán inniu.

Scaoilfear le cuid de na srianta Covid-19 i dTuaisceart Éireann amárach agus cead oscailte ag siopaí, gruagairí agus ag roinnt gnóthaí san earnáil fáilteachais.

3,016 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,117 duine ó dheas den teorainn agus 1,099 duine ó thuaidh di.

131,922 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 75,203 cás ó dheas agus 56,719 ó thuaidh.

In 24 uair an chloig inné chuir Covid-19 breis is 3,000 duine den saol sna Stáit Aontaithe, de réir figiúirí ó Ollscoil Johns Hopkins, an lá is measa ó mhí an Aibreáin.

Maíonn lucht leighis ansin gurbh é an taisteal ar fad a rinne go leor den phobal fud fad na tíre le Féile an Altaithe a cheiliúradh lena muintir, an 26 Samhain, is cionsiocair leis an mbrúisc seo.

Tá an dianghlasáil i bhfeidhm arís in California ach bhí os cionn 30,000 cás nua ann inné. Sna vacsaíní atá muinín na n-údarás anois agus iarrachtaí ar bun ceadúnas éigeandála a thabhairt do vacsaín Pfizer-BioNTech.

Tá an comhlacht Meiriceánach Moderna tosaithe ar thástáil a dhéanamh ar a vacsaín féin ar dhéagóirí idir 12 agus 18 bliain agus, ach na torthaí a bheith dearfach agus sábháilte, súil acu go mbeifear in ann an vacsaín a thabhairt do dhaltaí roimh an gcéad scoilbhliain eile.

Anseo sa mbaile rinne comhcheannaire na nDaonlathach Sóisialta, Róisín Shortall, achainí sa Dáil inné go gcuirfí déagóirí faoi 18 a bhfuil fadhbanna sláinte acu ar liosta tosaíochta chlár vacsaínithe an Rialtais. Dúirt sí go raibh an saol an-chrua ar na daoine óga sin ó thús na paindéime agus iad féin agus a muintir ag iarraidh an víreas a sheachaint. Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar gur ‘ceist chuí’ í sin agus go labhródh sé leis an bPríomhoifigeach Sláinte faoin scéal ach a mbeadh sé ag caint leis.

Níos mó

Ceardaíocht le Gearóidín – cánaí candaí cniotáilte don chrann Nollag!

Beidh Gearóidín ar ais linn tráthnóna don dara rang deireanach roimh an Nollaig agus í ag múineadh dúinn an tseachtain seo cén chaoi cánaí candaí a chniotáil don chrann Nollag!

Bí léí ar leathanach Instagram NÓS ag 17.30 le haghaidh an ranga. Mura mbíonn tú in ann a bheith léi beo, ná bí buartha – beidh an rang ar fáil ar leathanach Instagram NÓS ina dhiaidh sin freisin.

Beidh bioráin chniotála 3mm ag teastáil uait, chomh maith le snáth i ndá dhath éagsúla (molann Gearóidín bán agus dearg!). Beidh sop lúbach uait freisin, mar a fhaigheann tú le do dheoch sa phictiúrlann nó in McDonald’s, chomh maith le biorán dearnála agus ribín. Cabhróidh réiteoir píopa leat freisin, ach ní gá ceann a bheith agat.

Is féidir breathnú ar gach rang a rinne Gearóidín go dtí seo ar ár leathanach Instagram. Beidh rang amháin eile léi ann seachtain ón lá seo, sula mbeidh sos na Nollag ann.

Níos mó

‘Tá an teanga seo ábalta don dá insint’ – Hozier meáite ar an nGaeilge a fhoghlaim

Tá an t-amhránaí cáiliúil Hozier meáite ar an nGaeilge a fhoghlaim.

Labhair an ceoltóir as Cill Mhantáin faoina shuim sa Ghaeilge leis an údar, aorthóir agus ceoltóir Blindboy Boatclub ar an bpodchraoladh aitheanta The Blindboy Podcast.

Agus cúrsaí béaloidis, cultúir agus teanga á bplé acu, dúirt Hozier, atá ina réalta idirnáisiúnta ó cuireadh a chéad singil ‘Take Me to Church’ amach in 2013, gurb iad na “miondifríochtaí” sa Ghaeilge a bhí á mhealladh i dtreo na teanga athuair.

“Rud amháin ba mhaith liom a dhéanamh sna blianta beaga seo romham dul ar ais agus Gaeilge a fhoghlaim i gceart arís. Tá an dá chiall le leannán – do ghrá geal nó galar is tinneas ainsealach.

“Bíonn na miondifríochtaí sin ann i gcónaí. Tá an teanga seo ábalta don fhéintuiscint dhóite agus don dá insint.  An focal sin céile – d’fhear nó do pháirtí b’fhéidir ach do chéile comhraic chomh maith i gcomhthéacs eile. Do chéile do namhaid nó b’fhéidir do chéile leapa,” arsa Hozier.

Níos mó

10 leabhar don té atá tugtha don cheol

“Tosnaíonn ceol san áit a gcríochnaíonn féidirtheachtaí na teanga”, a dúirt an cumadóir Fionlannach Sibelius tráth. Ag tagairt do luach an cheoil chun mothúcháin a chur in iúl nach bhfuil focail againn orthu a bhí Sebelius, gan amhras, ach go neamhdíreach leag sé béim ar an ndúshlán atá roimh an scríbhneoir a bheadh ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar cheol i bhfoirm focal. Rud beag, fé mar a dúirt an té a dúirt é (Elvis Costello, meastar), ar nós a bheith ag déanamh rince mar chur síos ar shaothar altaireachta. 

Tá údair na leabhar a mholaim thíos go maith ábalta chuige, ach níos tabhachtaí ná sin tá idir startha suilt, stair shóisialta, chomhairle mhacánta, mistéir agus gealtacht romhat i leathanaigh na leabhar seo. Rogha é seo de roinnt de na leabhair nuachlóite is fearr a tháinig i mo threo i rith na bliana, chomh maith le cúpla sárshaothar síorghlas atá níos sinne. 

How To Write One Song – Jeff Tweedy (Faber & Faber)

Bhí Jeff Tweedy, amhránaí an ghrúpa indie-rac Meiriceánach Wilco, seacht mbliana d’aois nuair a thosnaigh sé ag insint do dhaoine go raibh sé ina chumadóir amhrán. Ní raibh faic scríofa aige ag an pointe sin, ar ndóigh, ach mar a mhíníonn sé sa leabhar macánta, saoithúil seo ní gá duit ach amhrán amháin a chumadh chun d’fhís a fhíorú. Measaim go bhfuil níos mó daoine amuigh ansin ar mhaith leo amhrán a scríobh “lá éigin” ná daoine le Gaeilge bhriste ar mhaith leó í a fheabhsú “lá éigin”. Níl aon gheallúint go mbeidh amhrán iontach mar thoradh ar ‘How To Write One Song’ a léamh, ach glac uaimse é go bhfuil craic ag baint le bheith ag déanamh iarrachta faoi stiúr Tweedy.

€10.23 anseo 

Nick Cave – Stranger Than Kindness

Ceoltóir agus scéalaí é Nick Cave a bhfuil grá deabhóideach thar an ngnáth ag a lucht leanúna dó. Má tá teorainn leis an ngrá úd b’fhéidir gur ardchostas an leabhar seo í, ach beidh scrín in omós don Astráileach aisteach go brách ag an té ar a mbronnfar cóip de ‘Stranger Than Kindness’ um Nollaig. 

Bunaithe ar ábhar a roghnaigh Cave don taipeántas a raibh an t-ainm céanna air sa Royal Danish Library in København i mbliana, tugtar léargas in  ‘Stranger Than Kindness’ ar shaol inmheánach agus ar phróiséas cruthaitheachta Cave i bhfoirm íomhánna de litreacha pearsanta, nótaí agus liricí lámhscríofa, grianghraif agus foclóir lámhdhéanta. Leabhar álainn, ealaíonta don mbord caife má bhí ceann riamh ann.

€40.50 anseo

Andrew Weatherall: A Jocky Slut Tribute (Jockey Slut)

D’imigh an dioscmharcach, athmheascóir agus léiritheoir samhlaíoch, ceannródaíoch Andrew Weatherall ar shlí na fírinne go tobann ag tús na bliana. Seo saothar gleoite ómóis atá curtha le chéile ag iarfhoireann na hirise ceannrodaíche ceoil Jockey Slut ina dtiomsaítear gach agallamh le Weatherall a d’fhoilsigh an iris idir na blianta 1993 agus 2002. Bí ag súil, fresin, le hinsint nua 10,000+ focal ar fad ar chéadchéimeanna Weatherall sa tionscal ceoil bunaithe ar agallaimh lenaa leathbhádóir i Two Lone Swordsman Keith Tenniswood (Radioactive Man),  Bobby Gillespie (Primal Scream), Ed Simons (Chemical Brothers), Danny Rampling (Shoom), David Holmes agus daoine eile nach iad.

Is dá mbeadh fonn ar an té ar a mbronfar an leabhar seo éisteacht le Weatherall fad is atáid á léamh tá 900 uair an chloig de sheiteanna dioscmharcaíochta agus cláir raidió dá chuid ó na blianta 1988-2020 le haimsiú anseo ar an Weatherdrive.

€18 anseo

Where’s Bowie? maisithe ag Kev Gahan (Smith Street Books)

Aimsigh Bowie agus é i mbun ragairne in Studio 54, é ina Dhiúc Tanaí Bán seasta lasmuigh de stiúidió Hansa in Berln, nó mar Ziggy Stardust i gcomhluadar damhán Mhársa amuigh sa spás! Ceiliúradh spraíúil ar chaimileon d’íocón cultúrtha don éisteoir óg agus an saoithín fásta araon! Tá an leabhar le fáil ar €12.25 anseo agus tá míreanna mearaí le fáil ar €14 anseo.

An tsraith leabhar 33 1/3 (Bloomsbury)

Is beag duine a bhfuil dúil sa cheol acu nach mbeadh gliondar orthu agus imleabhar de chuid na sraithe seo aimsithe ina stoca acu maidin lae Nollag. 

Díríonn gach imleabhar sa tsraith ar stair agus ar phróiséas taifeadta albam mór le ra ar leith. Le rogha 149 eagrán ar fad ann aimseoidh tú ábhar spéise do dhuine ar bith. Tá m’iníon ag súil leis an gceann fé ‘Doolittle’ le Pixes, measaim go mbainfidh mo chéile sásamh as tráchtas Zeth Lundy ar ‘Songs In The Key of Life’ le Stevie Wonder, agus má tá duine ar bith a tá atá á léamh seo ceannúil orm, bhuel, ba bhreá liom eagrán Paula Mejia faoin ndiamant garbh sin ‘Psychocandy’ le Jesus & Mary Chain a léamh..

Tá an rogha iomlán le haimsiú anseo, iad thart ar €11 an ceann.

Sweat The Technique: Revelations On Creativity From The Lyrical Genius – Rakim (HarperCollins)

Saothar ionsparáideach ó dhuine de na rapálaithe is maorga agus is fileata riamh. Tá ‘Sweat The Technique’ lán de chomhairle chneasta, fealsúnacht ciallceannaithe agus cuimhní cinn Rakim. Faigh cóip don andúileach hip-haip i do shaol, nó duine ar bith a bhíonn ag iomrascáil leis an bpróiséas cruthaitheachta ó lá go lá. Molaim an closleabhar sa chás seo, fresin – is deas smaointí Rakim a chlos óna bhéal féin amach sa tuin réidh chainte sin a aithneoidh tú óna rianta hip-haip.

€18.20 anseo

Will Carruthers – Playing Bass With Three Hands (Faber & Faber)

Iardhordóir leis an racghrúpa sícideileach ceannasach Spacemen 3 é Will Carruthers, ach ní gá go mbeadh cur amach ag an léithoir ar cheol an ghrúpa féin le sásamh a bhaint as ‘Playing Bass With Three Hands.’ Sárscríbhneoir é Carruthers, is ní haon ghnáthleabhar de cuimhní cinn rac-cheoltóra é seo. Is meallacach, greannmhar mar a chuireann Carruthers síos ar bheith óg i Sasana Thatcher na nochtóidí –  ag maireachtaint i ngreim na bochtaineachta agus na ndrugaí – ach faoi dhraíocht an cheoil – agus é ina bhall ar bheagán cumhachta de racghrúpa mífheidhmiúil a moladh go hard na spéire ach nár dhein puinn airgid.

€10.35 anseo

Bedroom Beats & B-sides: Instrumental Hip Hop & Electronic Music At The Turn Of The Century le Laurent Fintoni (Velocity Press)

Tá éacht déanta ag an iriseoir Francach Laurent Fintoni lena chur síos seo ar éabhlóid an cheoil leictreónaigh imeallaigh le 30 bliain anuas. Scéal cuíosach casta é, ach is cuma Fintoni ag scríobh faoi Luke Vibert i gCorn na Breataine, J-Dilla Detroit, Madlib agus Flying Lotus L.A., Onra  Fraince nó Mike Slott Bhaile Átha Cliath míníonn sé na fórsaí áitiúla a mhúnlaigh a stíleanna pearsanta, na rudaí iontacha a thit amach de sheans nó de thimpiste, agus na nascanna idirnáisiúnta a bhí is atá eatarthu (go minic i ngan a fhios dóibh). Mheas mé go raibh an scéal seo ar eolas agam, ach bíonn tuilleadh le foghlaim ann i gcónaí!

€18 anseo

Last Night A DJ Saved My Life: The History Of The Disc Jockey le Bill Brewster & Frank Broughton (Headline) 

Tháinig ann don dioscmharcach ar Oíche Nollag 1906 nuair a chas an tOllamh Reginald Fessenden taifeadadh ar cheirnín de ‘Largo’ le Handel thar na haertonnta mar chuid de chraoladh raidió de chuid an National Electric Signaling Company ó Brant Rock, Massachusetts. Insíonn Last Night A DJ Saved My Life conas, cathain, agus cén fáth an scéil ó shin agus Brewster & Broughton ag bogadh go grinn is go géarchúiseach ó na Seascaidí Saorálacha trí ré dhioscó na Seachtóidí, hip-hap, house agus teicneo na nochtóidí agus ré an réalta dioscmharcaigh ag tús an chéid seo. Sea, ceann de na leabhair cheoil is fearr ata léite agam, agus ábhar léitheoireachta riachtanach don ndioscmharcach nó duine ar bith a bheadh ag dréim le ceol rince a chumadh.  

Ní mór cóip den dlúthdhiosca leis an teideal céanna a chuir Brewster agus Broughton le chéile a cheannach chomh maith (le fáil anseo ar €8) – tá sé go diail!

€16 anseo

Heavier Than Heaven: Biography of Kurt Cobain le Charles R Cross (Hatchette)

Cur síos ar shaol cráite agus ar bhás tragóideach Kurt Cobain bunaithe ar 400 agallamh le cairde agus clann Cobain. Seo an cur síos is cuimsithí atá againn ar shaol Cobain – ligh baintreach Cobain, Courtney Love, do leis an údar úsáid a bhaint as na dialanna pearsanta a choimeád Cobain i rith a shaoil – ach mheasfá go mbéidir gur íoc Cross go daor as dea-thoil Love le heaspa oibiachtúlachta i dtreo deireadh an leabhair. Fós, is portráid chorraitheach é ‘Heavier Than Heaven’ de ghinias lochtach a bhí ar bhealach a bhasctha luath nó mall is cuma pé iarracht a dhein éinne chun é a thabhairt slán uaidh féin. €15.05 anseo

Níos mó

Sos Nollag d’Anrí Ó Domhnaill agus 650km snáfa aige

Tá an Finswimmer, Anrí Ó Domhnaill, le sos a thógáil óna thuras timpeall na hÉireann haghaidh na Nollag agus beagnach 650 ciliméadar snáfa aige le mí go leith anuas.

Thosaigh Anrí ag snámh óna bhaile dúchais, an Charraig Fhinn, i nGaeltacht Thír Chonaill ar an 17 Meán Fómhair agus é ag snámh ar deiseal timpeall na hÉireann ó shin. Bhain sé cósta Loch Garman amach cúpla lá ó shin agus is ann a stopfaidh sé le haghaidh sos beag Nollag.

Tá Anrí ag snámh le 44 lá agus 647.4km curtha de aige. Is ag Cé na Cille Móire in oirdheisceart na tíre anois. Ní bheidh sé ag snámh timpeall na hÉireann arís go dtí an mhí seo chugainn, cé go bhfuil sé beartaithe aige snámh speisialta a dhéanamh ag Cé na Cille Móire Lá Nollag, i ndílchuimhne ar iascairí agus tumadóirí a bádh sa cheantar sin.

“Ghlac mé páirt i gcuardaigh do dhaoine a bádh sa mhuir mhór i gceantar cósta Rinn Duáin agus Cé na Cille Móire. Ní fhéadfainn dul thar an áit gan cuimhneamh ar na daoine sin agus ómós a léiriú dóibh, agus gan tacú leis na teaghlaigh agus na pobail a fágadh ina ndiaidh,” a dúirt Anrí ina dhialann ar líne faoin snámh.

Agus an tuairisc laethúil á scríobh aige don lá deireanach snámha sin, ghabh Anrí buíochas lena fhoireann d’oibrithe deonacha a chabhraigh leis an chéad chuid seo dá thuras a chur i gcrích, agus thiomnaigh sé snámh an lae do dhaoine a tháinig slán ón ailse “Junior, a athair, a uncail, agus a sheanuncail” agus do Lily Sinnot, ar bádh a fear agus a mac.

Agus Anrí ag glacadh sosa don Nollaig, tá an bád a chuaigh leis ón gCarraig Fhinn, An Tor Dearg, agus an scipéir Willie Duggan ar an mbealach ar ais go Toraigh. Beidh Willie agus a chriú ag caitheamh na laethanta amach romhainn ag tabhairt muintir an oileáin amach is isteach chuig an míntír agus iad ag réiteach le haghaidh na Nollag.

Tá Anrí ag bailiú airgid do Chumann Ailse na hÉireann agus do Shábháilteacht Uisce na hÉireann, agus tá sé féin ag tabhairt faoi thaighde eolaíochta le linn an turais. Is féidir airgead a dheonú don dá eagraíocht anseo.

Níos mó

An Taoiseach ag iarraidh go mbreathnófaí ar an ‘mórphictiúr’ ar mhaithe le Breatimeacht gan mhargadh a sheachaint

D’iarr an Taoiseach ar gach éinne atá ag plé cúrsaí an mhargaidh imeachta breathnú ar an ‘mórphictiúr’ ar mhaithe le Breatimeacht gan mhargadh a sheachaint.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach mbeidh buachtáil ná cailliúint ag aon duine sna cainteanna deireanacha idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach.

Tá bearna mhór idir an dá thaobh i gcónaí tar éis na gcainteanna a bhí aréir idir Boris Johnson agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen.

“Ní bheidh buaiteoir ná cailliúnaí sna cainteanna uaidh seo amach. Caithfidh an sprioc chéanna a bheith ag an dá thaobh, margadh a dhéanamh mar is den stuaim é margadh trádála a shocrú,” a dúirt an Taoiseach.

“Ní raibh mé ag súil go réiteofaí an scéal aréir. Sílim gur maith an rud gur chaith siad tamall maith i dteannta a chéile agus gur phléigh siad cúrsaí go hoscailte. Is maith freisin go leanfaidh an idirbheartaíocht ar aghaidh in iarracht an tsáinn a réiteach. Comhrá is tábhachtaí.”

Leanfar le cainteanna go dtí an Domhnach agus dúirt urlabhraí as Sráid Downing gur theastaigh ón bPríomh-Aire margadh a dhéanamh.

Dúirt Micheál Martin gurb í an eochair a scaoilfeas an glas ar na cainteanna “seasamh siar agus breathnú ar an bpictiúr iomlán”.

“Táthar ar aon intinn faoi 97% den mhargadh seo. An bhfuil muid sásta scaoileadh le margadh mar gheall ar 3%, dá thábhachtaí an cheist sin?”

Caithfidh ballstáit an Aontais Eorpaigh, parlaimint na hEorpa agus parlaimint na Breataine  aon mhargadh a dhéanfar a fhaomhadh.

Leag an Coimisiún Eorpach amach pleananna inniu a chinnteoidh go mbeidh cead ag eitleáin tabhairt faoin spéir agus cead ag leoraithe fanacht ar bóthar, fiú mura ndéantar margadh.

Ní bheidh aon athrú ar chúrsaí eitleoireachta ná iompar bóthair go ceann sé mhí ón gcéad lá den athbhliain chomh fada agus mbeidh an Ríocht Aontaithe sásta glacadh leis “an iomaíocht chóir” ó thaobh na gcaighdeán de. 

Níos mó

Siopa nua ar líne ag bean fuála NÓS – Gearóidín McEvoy

Tá a siopa féin ar líne oscailte ag Gearóidín McEvoy, an bhean ildánach a bhíonn i mbun ranganna ceardaíochta ar leathanach Instagram NÓS uair sa tseachtain. ‘Fuálainn’ is ainm don siopa nua a d’oscail Gearóidín ar Etsy an tseachtain seo, agus is féidir na hearraí fuaite agus cniotáilte a dhéanann sí a cheannach ann.

“Bhíos ag fuáil mascanna ar feadh na bliana. Thosaigh mé á dhéanamh chun feabhas a chur ar mo scileanna fuála féin, ach tar éis tamall fuaireas orduithe ó dhaoine a bhí á lorg. D’oscail mé siopa Etsy le freastal ar an éileamh sin. Tá sé ar intinn agam mascanna, scrunchies, agus rudaí beaga eile a dhíol ann. Níor thuigeas go mbeadh aon duine ag iarraidh na rudaí a dhéanaim a cheannach, ach tá siad!” a dúirt Gearóidín le NÓS.

Tá mascanna ar díol aici faoi láthair, ach beidh earraí eile á gcur aici ar an siopa de réir a chéile. Is féidir a cuntas Instagram, @fualainn, a leanúint leis na hearraí is déanaí agus an t-eolas is nua a fháil ó Ghearóidín.

Níos mó

Cluichí ceannais na hÉireann i ndúlaíocht an gheimhridh

.embed-container { position: relative; padding-bottom: 56.25%; height: 0; overflow: hidden; max-width: 100%; } .embed-container iframe, .embed-container object, .embed-container embed { position: absolute; top: 0; left: 0; width: 100%; height: 100%; }

Nuair a smaoinítear ar spórt an tsamhraidh, is í an chraobh idirchontae agus turais teaghlaigh go Páirc an Chrócaigh is mó a thagann chun cuimhne go minic.

De ghnáth faoin am seo den bhliain bíonn imreoirí fud fad na tíre ag ligean a scíthe, ag ullmhú don Nollaig agus iad imníoch cheana féin faoin traenail réamhshéasúir atá os a gcomhair sa bhliain úr.

Tá rudaí go hiomlán bun os cionn i mbliana áfach agus níor tosaíodh an séasúr idirchontae go dtí an 17ú Deireadh Fómhair – rud a chuir go mór leis an séasúr club le linn an tsamhraidh.

Tá an Nollaig chóir a bheith buaillte linn anois agus na cluichí ceannais idirchontae go fóill le himirt i ndúlaíocht an gheimhridh.

Bíonn sé i gcónaí fuar i bPáirc an Chrócaigh dar liom ach níl a leithéid de dhrochaimsir feicthe againn ariamh do na cluichí móra seo – is ar éigean a chonaic muid na cluichí leathcheannais peile i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine go fiú de dheasca an cheo!

Ní hamháin sin ach níl na gnáthshluaite istigh sna staideanna móra agus is aisteach an rud é guthanna na mbainisteoirí agus na héin a chloisteáil ar an teilifís agus muid cleachtaithe le huimhreacha os cionn 80,000 a fheiceáil i gceanncheathrú CLG.

An deireadh seachtaine seo, beidh Luimneach agus Port Láirge ag imirt in éadan a chéile sa chluiche ceannais iomána den chéad uair ariamh agus feicfidh muid foireann Aontroma ag imirt in éadan Chiarraí ar son Chorn Sheosamh Mhic Dhonnacha.

Buailfidh mná na Gaillimhe le Cill Cheannaigh sa chluiche ceannais camógaíochta. Tá muid i ndiaidh dul chun cinn ollmhór i dtaca le mná spóirt a fheiceáil i mbliana agus tá bús ar leith faoin chluiche seo.

Labhair Meon Eile le hOdrán Waldron, le hAoife Ní Chaiside agus le Cárthach Bán Breathnach faoin séasúr camógaíochta agus iomána go dtí seo i mbliana agus chuala muid a dtuairimí faoi cé acu a bheidh an bua an deireadh seachtaine seo i gcluichí ceannais na hÉireann.

Níos mó

Éileamh ar choláistí samhraidh cheana féin ach éiginnteacht ann faoina bhfuil i ndán dóibh

Tá coláistí samhraidh na Gaeltachta ag clárú scoláirí do chúrsaí na bliana seo chugainn agus tá éileamh “maith” ag tuismitheoirí agus scoláirí orthu.

Ach tá éiginnteacht i gcónaí faoina bhfuil i ndán do na cúrsaí samhraidh in 2020 agus tá lucht na gcoláistí, ach oiread le go leor eile, ag faire go géar ar a bhfuil ag tarlú ó thaobh vacsaíne de.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil le déanaí go raibh a bhfuil i ndán do na coláistí in 2021 fós “idir dhá cheann na meá”.

Ach táthar ag súil go mbeidh an scéal níos soiléire faoi thús na bliana seo chugainn agus údar mór misnigh ag lucht na gcoláistí an dul chun cinn atá á dhéanamh ó thaobh na vacsaíne de.

Dúirt Máire Denvir ó CONCAS agus Coláiste Chamuis le Tuairisc.ie gurb é an t-aon rud a d’fhéadfaí a rá go cinnte faoi láthair ná go bhfuil “na coláistí ag earcú agus go bhfuil éileamh ag na tuismitheoirí ar na coláistí samhraidh”.

“Tá éileamh an-mhaith ann ach cuimhnigh go bhfuil go leor scoile agus go leor spraoi caillte ag na daoine óga seo, agus cén áit is fearr ó thaobh na foghlama agus an spraoi ná na coláistí samhraidh agus cén áit is áille ná an Ghaeltacht,” a dúirt Máire Denvir.

‘Fan go bhfeice tú’ an dearcadh atá ag go leor de lucht na gcoláistí samhraidh faoi láthair.

Dúirt Mícheál Ó Cinnéide, Cathaoirleach Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, a reáchtálann Coláistí Chorca Dhuibhne, go mbeadh “thiar ar fad ar an gceantar” dá mbeadh bliain eile ann gan scoláirí a bheith ag freastal ar na coláistí samhraidh.

“Bheadh tionchar mór aige ar gheilleagar na háite agus an teacht isteach chuig an leithinis ar fad. Ní amháin an t-airgead a thugann scoláirí isteach sa cheantar ach a muintir chomh maith a thagann ar turas.”

Dúirt sé go bhfuil áirithintí á ndéanamh do chúrsaí na bliana seo chugainn ach go bhfuil an-éiginnteacht ann go fóill maidir le céard a tharlóidh.

“Bheadh muid dóchasach go mbeidh cúrsaí de shaghas éicint ann. B’fhéidir nach mbeimid in ann na cúrsaí a reáchtáil sa tslí a raibh siad á reáchtáil cheana,” a dúirt sé.

“B’fhéidir go mbeidh gá le spás níos mó. B’fhéidir nach mbeidh an oiread céanna daoine in ann a bheith i seomra is a bhíodh cheana. N’fheadar an mbeidh an oiread daoine istigh sa tigh agus a bhí cheana.”

Ceann de na rudaí atá ag teastáil, dar leis an gCinnéideach, ná treoirlínte agus comhairle, go háirithe do na mná tí a chuireann lóistín ar fáil do dhaltaí.

Tá baol ann freisin nach mbeidh na mná tí uile a bhí ag cur lóistín ar fáil roimhe seo, sásta glacadh le scoláirí in aimsir an Covid-19.

Dúirt Ó Cinnéide go bhfuil sé ag súil go mbeidh “formhór mór” de na mná tí céanna ar fáil do Choláistí Chorca Dhuibhne ach go m’b’fhéidir go ndéanfaidh daoine áirithe cinneadh nach mbeadh siad sásta daltaí a thógáil.

Dúirt Cóilín Ó Domhnaill, comhstiúrthóir Choláiste Chiaráin ar an gCeathrú Rua, go bhfuil sé dóchasach go mbeidh an lucht lóistín a bhíodh ag an gcoláiste i gcónaí acu arís ach aontaíonn sé go bhfuil cúnamh agus cinnteacht ag teastáil ó na mná tí.

“Teastaíonn cinnteacht ón Roinn a luaithe agus is féidir, go háirithe do na mná tí. Bheadh sé ina chuidiú dá mbeadh a fhios acu agus againn ar fad go bhfuil na hacmhainní ann chun tacú leo sa chás nach mbeidh cead acu an líon céanna daltaí a choinneáil,” arsa Ó Domhnaill.

“Caithfear cinnteacht a thabhairt dóibh go dtabharfar aire dóibh ag brath ar céard a tharlóidh. Má theastaíonn athruithe le tithe a chur in oiriúint don saol atá amach romhainn, mar shampla, caithfidh na mná tí a bheith cinnte go mbeidh tacaíocht ar fáil lena aghaidh. Ní thuigeann daoine uaireanta an obair ar fad a chuireann lucht lóistín isteach chun daltaí a choinneáil.”

Dúirt Ó Domhnaill go bhfuil éileamh mór ann ar chúrsaí na bliana seo chugainn.

“Tá go leor leor fiosrúchán faighte againn agus éileamh níos mó ná riamh ann. Is léir ó bheith ag caint le tuismitheoirí go dtuigeann siad níos fearr ná riamh an fiúntas a bhaineann leis na coláistí Gaeltachta, b’fhéidir mar gheall ar iad a bheith dúnta anuraidh.”

Roimh theacht na scoláirí an samhradh seo chugainn, tá ábhar oidí ó choláistí tríú leibhéal ar fud na tíre in ainm is a bheith ag caitheamh seal sa Ghaeltacht sa bhliain nua ach ní dócha go dtarlóidh na cúrsaí sin.

Dúirt Micheál Ó Cinnéide nach dóigh leis go bhfeicfear na hábhar oidí i gCorca Dhuibhne mí Eanáir seo ach go gcaithfí socrú eile a dhéanamh dóibh.

Mhaígh Cóilín Ó Domhnaill go raibh sé an-tábhachtach go bhfreastalódh na hábhair oidí ar chúrsa sa Ghaeltacht.

“Más gá cúrsaí na n-ábhar oidí a chur siar cuirtear siar iad, ach is é an rud is tábhachtaí ar fad ná go mbeadh a gcuairt ar an nGaeltacht acu mar tá a leithéid riachtanach. Tá níos mó ná an obair a dhéanann siad sa gColáiste nó sa mbaile ag teastáil ó na mic léinn a bheidh ag múineadh Gaeilge do pháistí na tíre amach anseo,” a dúirt Ó Domhnaill.

“Fiú dá mba ghá d’fhéadfaí aitheantas sealadach a thabhairt dóibh agus ligean dóibh tosú ag múineadh ar an tuiscint go gcaithfeadh siad an cúrsa Gaeltachta a dhéanamh arís le go mbeidís cáilithe go hiomlán.”

Níos mó

Easaontas idir an rialtas agus Coiste Gaeilge an Oireachtais maidir leis an moill ar Bhille Teanga

Tá easaontas ann idir an Rialtas, Coiste Gaeilge an Oireachtais agus Tithe an Oireachtais féin maidir leis an moill is déanaí ar an mBille Teanga nua.

Gealladh i gclár an rialtais go mbeadh bille nua achtaithe roimh dheireadh 2020 ach ní tharlóidh sin go dtí earrach na bliana seo chugainn ar a luaithe toisc go dteastaíonn tuilleadh ama chun na leasuithe atá molta a réiteach.

Chinn Coiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge inné an plé a bhí le déanamh faoin mbille inniu seo a chur siar go dtí an 20 Eanáir.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers le Tuairisc.ie go raibh díomá air go raibh tuilleadh moille i gceist leis an gcéad chéim eile d’aistear an bhille trí Thithe an Oireachtais. Dúirt an tAire Stáit go ndeachaigh an bille tríd an dara céim sa Dáil ar an 8 Deireadh Fómhair agus go raibh súil aige go gcuirfí tús leis an gcéad chéim eile an tseachtain seo ach go raibh moill i gceist de bharr líon na leasuithe a bhí molta ag an bhfreasúra.

“Bhí sé aitheanta ag an Rialtas i gClár an Rialtais gur theastaigh Bille Teanga níos láidre agus, an mhí seo caite, fuair mé féin agus an tAire Martin tacaíocht an Rialtais chun roinnt leasuithe a mholadh a neartóidh an Bille,” arsa an tAire Stáit Chambers le Tuairisc.ie.

“Chuaigh an Bille tríd an Dara Céim sa Dáil ar an 8ú Deireadh Fómhair, agus bhíomar ag súil go gcuirfí tús le Céim an Choiste amárach. Faraor, áfach, de bharr an méid leasuithe atá molta ag an bhfreasúra, os cionn 300 acu, chuir Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge in iúl dúinn inné nach mbeidís réidh le tús a chur le Céim an Choiste go dtí an bhliain nua.

“Cinnte, tá mé díomách mar tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an reachtaíocht seo. Tá súil agam nach gcuirfear a thuilleadh moille ar chúrsaí agus go mbeidh muid in ann an Bille a bhrú chun cinn chomh sciobtha is atá muid in ann i mí Eanáir,” a dúirt sé.

Dúirt Cathaoirleach Choiste an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh, áfach, go léiríonn “meon” an rialtais agus an státchórais maidir leis an scéal seo “nach bhfuil aon deifir orthu” tabhairt faoin obair “atá de dhíth” chun an Ghaeilge “a tharrtháil”.

Dúirt Teachta Dála Shinn Féin gur ar éigean go mbeidh an bille achtaithe roimh an gCáisc 2021.

“Is masla é don Ghaeilge agus do Theachtaí Dála le Gaeilge nach féidir gnó bunúsach an Oireachtais a dhéanamh as Gaeilge,” arsa Ó Snodaigh.

Dúirt sé nach mbíonn cothrom na Féinne i gceist nuair a dhéantar iarracht an Ghaeilge a úsáid i dTithe an Oireachtais agus go bhfuil sé chun gearán a dhéanamh leis an gCeann Comhairle Seán Ó Fearghaíl agus le hAire na Gaeltachta Catherine Martin faoin dímheas atá léirithe do phobal na Gaeilge sa chás áirithe seo.

Dúirt Ó Snodaigh go mbeadh i bhfad níos mó dul chun cinn déanta ag an gcoiste mura mbeadh an bille nua seolta go dtí an coiste mícheart ag an Aire Stáit, botún nár ceartaíodh go dtí roinnt seachtainí ina dhiaidh sin.

“Bheadh muid i bhfad chun cinn mar gheall ar an mBille seo murach an botún a bhí déanta ag an Aire Stáit Jack Chambers a sheol an Bille go dtí an Coiste mícheart agus nár cheartaigh sé a bhotún féin go dtí os cionn mí ina dhiaidh. Níor fhoilsigh sé ach oiread na leasuithe a bhí fógartha aige fiú, nó mar a gealladh, na dréachtchaighdeáin a bheadh mar chuidiú dóibh siúd a bhí ag ullmhú leasuithe,” arsa Ó Snodaigh.

Dúirt urlabhraí Shinn Féin agus Cathaoirleach Choiste na Gaeilge nach raibh sé ag fáil locht ar fhoireann Oifig na mBillí “atá ag obair faoi bhrú” ach gur léir nach bhfuil dóthain acmhainní ná tacaíochta acu chun an obair a dhéanamh a theastaíonn le go mbeidh an Coiste “in ann a chuid dualgas a chomhlíonadh”.

Cynthia Ní Mhurchú

“Rinne mé gach iarracht,” a dúirt Ó Snodaigh, “cúnamh a thabhairt don tseirbhís [Oifig na mBillí] i dTithe an Oireachtais chun an jab a dhéanamh níos éasca dóibh – d’fhógair mé i bhfad roimh an spriocdháta go raibh roinnt mhaith leasuithe á gcur isteach agam; lorg mé spriocdháta uathu a bhí in oiriúint dóibh i bhfad roimh ré; agus mar chuidiú chuir mé 90% de mo leasuithe acu breis is seachtain roimh an spriocdháta – seo fiú sular chuir an tAire féin leasuithe an rialtais isteach.”

I litir a cuireadh go dtí Coiste Gaeilge an Oireachtais, ghéill Oifig na mBillí go bhfuair siad formhór na leasuithe roimh an spriocdháta ach dúirt siad nach raibh  siad ag súil go mbeadh an oiread oibre i gceist agus a bhí agus go raibh níos mó ama ag teastáil chun an obair a chur i gcrích.

Moladh os cionn 300 leasú ar an mbille agus 40,000 focal atá sna leasuithe sin.

Dúirt Oifig na mBillí go raibh na leasuithe i nGaeilge agus i mBéarla agus ós rud gur bille dátheangach atá ann, go gcaithfí na leasuithe sa dá theanga a aistriú.

“Is fíor gur i bhfad roimh an spriocdháta, Dé hAoine seo caite, a cuireadh isteach cuid mhaith de na leasuithe, agus ba mhór an chabhair é sin, go háirithe don Rannóg [Aistriúcháin],” a dúradh.

Dúradh go raibh taithí ag Rannóg an Aistriúcháin agus ag Oifig na mBillí ar bhillí dátheangacha a phróiseáil ach nach raibh “léargas iomlán ann ar mhéid na hoibre a bheadh i gceist go dtí an spriocdháta, Dé hAoine seo caite, nuair a bhí na leasuithe go léir faighte agus scagtha”.

Agus é ag cruinniú den choiste Oireachtais inné, dúirt Aengus Ó Snodaigh gur tugadh le fios dó go mbeadh an obair atá le déanamh ar na leasuithe atá curtha isteach go dtí seo réidh faoin am go bhfillfí ar an obair i dTithe an Oireachtais i ndiaidh bhriseadh na Nollag.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh an baol ann go mbeadh moill eile i gceist mí Eanáir, áfach. Mar gur cinneadh an plé ar an mbille a chur siar, tá deis eile ag páirtithe leasuithe a mholadh agus bheadh ar Oifig na mBillí na leasuithe sin a phróiseáil chomh maith.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Dara Calleary go raibh sé “dochreidte” go rabhthas ag plé bille chun seirbhísí Gaeilge a neartú agus, ag an am céanna, nach raibh na hacmhainní i dTithe an Oireachtais  an tseirbhís a theastaíonn a chur ar fáil don choiste.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh díomá uirthi go raibh tuilleadh moille i gceist leis an mbille ach go raibh “an locht ar an mBille féin” mar go bhfuil sé chomh “lag” sin. Dúirt sí gur léirigh líon na leasuithe a bhí molta cé chomh lag agus bhí an bille.

Dúirt Connolly freisin go raibh “trua” aici d’Oifig na mBillí ach nach raibh “aon trua” aici don Rialtas.

Agus í ag tabhairt fianaise os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais inné, dúirt an t-abhcóide agus iarchraoltóir Cynthia Ní Mhurchú gur ag snámh in aghaidh easa a bheifí leis an mbille nua mura gcinnteofaí ann go n-earcófaí dóthain daoine le Gaeilge le seirbhísí a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge.

Dúirt Ní Mhurchú go gcaithfear “cosán gairmiúil slí bheatha níos fearr” a chur ar fáil do dhaoine óga a bhfuil Gaeilge acu chun spreagadh a thabhairt dóibh dul isteach sa státseirbhís.

Dúirt sí gur fadhb an mhór í a laghad postanna sa státseirbhís a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo.

Dúirt an scríbhneoir aitheanta Liam Mac Cóil go raibh a gcearta teanga á séanadh ar phobal na Gaeilge toisc an dearcadh agus an bhéascna chéanna a bheith ag státseirbhísigh an lae inniu is a bhí ag a macasamhail aimsir “dhorcha” Anraoi a hOcht.

Níos mó

CLUASTUISCINT: ‘Éagóir’ ar dhaltaí Ardteiste…

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

CLUASTUISCINT: ‘Éagóir’ ar dhaltaí Ardteiste…

  1. Cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo, meas tú?
  2. Cén éagóir a luaitear?
  3. Cén post atá ag Bláthnaid Ní Ghreacháin?
  4. Luaigh rud amháin a deir sí.
  5. Céard atá i gceist le “ar bhonn práinne”?
  6. Cén fáth a labhraítear le Tony Ó Murchú?
  7. Cad deirtear faoi na scrúdaitheoirí?
  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
  • Éist le cúpla abairt go randamach sa mhír agus déan iarracht sampla don tuiseal ginideach a aimsiú.
  • Déan iarracht teacht ar thrí fhocal/fhrása nach dtuigeann tú. Déan iad a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Seo thíos an chéad chuid eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil sé san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  1. Ag labhairt dó ar an chlár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, dúirt Ó Ceallaigh go raibh sé “ríshoiléir” nach bhfuair daltaí “gráid chuí” sa Ghaeilge i gColáiste na Coiribe i mbliana toisc nár cuireadh san áireamh go rabhadar ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge.
  2. Dúirt Ó Murchú go mbíonn “amhras” air faoi na gráid a bhronntar ar dhaltaí i nGaelcholáistí sa scrúdú Gaeilge. “Ní léir dom gurb ionann an H1 nó H2 a fhaigheann dalta i nGaelcholáiste agus
  3. A mhalairt scéil atá ag Príomhoide Choláiste na Coiribe, Eoghan Ó Ceallaigh, a deir gur tháinig laghdú 50% ar na gráid a bronnadh ar dhaltaí sa scrúdú Ardteiste Gaeilge ina scoil féin.
  4. an H1 nó H2 a fhaigheann dalta i scoil Bhéarla.“Chonaiceamar samplaí éagsúla thar na blianta de dhaltaí a d’fhág an scoil agus a chuaigh chuig scoil Bhéarla chun an Ardteist a dhéanamh agus d’éirigh leo an marc is airde
  5. a bheith i measc daltaí a bhfuil caighdeán Gaeilge níos airde acu,”  a dúirt Príomhoide Ghaelcholáiste na Mara i gCill Mhantáin, Tony Ó Murchú.
  6. “Tá muid ag iarraidh an cheist seo a ardú ionas nach dtarlódh sé in athuair i mbliana,” a dúirt Ó Ceallaigh.
  7. a d’fhéadfaí a fháil sa scrúdú Gaeilge mar go raibh caighdeán níos airde acu i gcomparáid leis na daltaí eile sa scoil sin. Bheadh daltaí ar an gcaighdeán céanna sa scoil againne nach bhfaigheadh an marc is airde toisc iad
  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh. 
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard ina mbeirteanna.

Níos mó

227 cás nua den choróinvíreas fógartha, an méadú is mó ón earrach ar othair ICU

Tá 227 cás eile den choróinvíreas deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Cúigear eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

224 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 38 acusan in aonad dianchúraim.

Ochtar a cuireadh in ICU le lá anuas, an méadú is mó in aon lá amháin ón earrach, a dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan. Dúirt sé gur “meabhrú eile” a bhí ansin ar a chontúirtí is a bhí an galar.

Bhain 26 de chásanna an lae inniu le Dún na nGall, deich gcás a bhí i gcontae na Mí agus deich gcás a bhí i nGaillimh. Ocht gcás a bhí i bPort Láirge, seacht gcás a bhí i Maigh Eo agus cúig chás a bhí i gCorcaigh. Níos lú ná cúig chás a bhain le Ciarraí don dara lá as a chéile.

70 den 227 cás nua a bhí i mBaile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an Covid-19 sa stát faoi bhun 80. Ráta 79.5 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí i gceist le coicís anuas.

Tá an ráta is airde sa tír i nDún na nGall go fóill – 227.

78 an ráta i bPort Láirge, 76 atá i Maigh Eo agus 58 atá i nGaillimh. Ráta 49 atá i gcontae na Mí, 29 atá i gCorcaigh agus 27 atá i gCiarraí.

Creideann an Tánaiste Leo Varadkar go mbeidh paindéim an Covid-19 ceansaithe in 2021.

Agus é ag caint ar chlár Morning Ireland ar RTÉ, dúirt Varadkar gur údar dóchais a bhí sa lá inné agus vacsaín in aghaidh an choróinvíris á fáil ag daoine ar an oileán seo den chéad uair.

Dúirt sé go gcuirfeadh vacsaíní, tástáil fhorleathan agus breis eolais deireadh leis an víreas seo an chéad bhliain eile.

Dúirt sé go raibh conarthaí réamhcheannaigh ag an Rialtas le haghaidh 8 milliún dáileog de vacsaíní éagsúla. Faoin Aoine beidh plean gnímh agus feachtas scaipthe eolais thascfhórsa an Rialtais ar fáil.

Dúirt an Tánaiste nach le brú ná le díspeagadh a mheallfaí daoine leis an vacsaín a thógáil. Mheabhraigh sé gur vacsaíní a ghlan an póilió agus an bholgach as an tír seo agus a laghdaigh go mór scaipeadh galair éagsúla eile.

“Fuaireamar blaiseadh in 2020 faoin saol a bhí ann sular táirgeadh vacsaíní – na mílte ag fáil bháis, daoine faoi dhianghlasáil agus faoi choraintín, saol na meánaoise,” a dúirt an Tánaiste.

Dúirt Varadkar chomh maith go raibh sé cinnte go n-ardódh líon na gcásanna Covid-19 de bharr níos mó daoine a bheith ag cruinniú le chéile i rith shéasúr na Nollag ach nach uimhreacha amháin a chuirfeadh srianta breise i bhfeidhm. Sampla ar tharla tar éis cheiliúradh Fhéile an Altaithe i Meiriceá dá bhféadfadh tarlú anseo, dar leis.

“Déarfainn go bhfeicfimid níos mó cásanna den ghalar. Ní  féidir sin a sheachaint agus daoine ag meascadh arís. Ní taisteal thar sáile amháin atá i gceist, ach daoine i gcomhluadar a chéile arís i rith na Nollag.”

Agus an feachtas vacsaínithe tosaithe sa Ríocht Aontaithe tá fógra tugtha ag lucht leighis an NHS ansin nár chóir do dhaoine a mbíonn “ailléirgí tromchúiseacha” ag cur as dóibh vacsaín Pfizer/BioNTech a ghlacadh.

Eisíodh an fhainic sin tar éis don vacsaín frithghníomhú ailléirgeach a spreagadh i gcás beirt oibrithe sláinte a fuair an tsnáthaid inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh 12 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 483 cás nua a bhí le fógairt acu tráthnóna.

425 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 31 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 100% de na leapacha ansin lán inniu.

3,187 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,102 duine ó dheas den teorainn agus 1,085 duine ó thuaidh di.

131,178 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 74,900 cás ó dheas agus 56,278 ó thuaidh.

Níos mó

€215,000 curtha ar fáil do shlí idirnáisiúnta shiúil i nGaeltacht Dhún na nGall

Cuireadh €215,000 ar fáil do bhealach idirnáisiúnta siúil – An tSlí Idirnáisiúnta Apaláiseach – a shíneann ó Shléibhte Apaláiseacha Mheiriceá Thuaidh trí chúige Uladh agus ar aghaidh go hAlbain, na Scigirí, agus Críoca Lochlann.

Caithfear an t-airgead seo ar an gcuid sin den bhealach mór siúil atá i gcontae Dhún na nGall, agus cuid mhaith de i gceantair Ghaeltachta an chontae: Gleann Cholm Cille agus an Ghaeltacht Láir.

Tá tuairim is 485km den tSlí Idirnáisiúnta Apaláiseach in Éirinn, agus thart ar 120km di i gContae Dhún na nGall. Is é Sliabh Liag túsphointe na slí in Éirinn agus síneann sí trí chontaetha Thír Eoghain agus Doire chomh fada soir le Latharna i gContae Aontroma. Siúlfaidh an té a thabharfaidh faoin gcosán fada trí Ghaeltacht Dhún na nGall, na Cruacha Gorma, na Spéiríní agus ceantar Chosán na bhFomhórach.

Ar na bailte agus ceantair Ghaeltachta atá ar an tSlí Idirnáisiúnta Apaláiseach tá Sliabh Liag, Málainn Bhig, Gleann Cholm Cille, an Port, Ard an Rátha, agus na Gleannta.

Úsáidfear an t-airgead le feabhas a chur ar an gcomharthaíocht atá ar an tslí, pointe rochtana a thógáil, cláir eolais a chrochadh, infreastruchtúr ar nós binsí agus geataí a chur in áit, ealaín a choimisiúnú le cur ar thaobh an bhealaigh, agus aip a fhorbairt don tSlí in Éirinn.

Seoladh an tSlí Idirnáisiúnta Apaláiseach in Éirinn seacht mbliana ó shin, ach seo an chéad uair a rinneadh infheistíocht mhór sa togra i gcontae Dhún na nGall.

Tá an tSlí Apaláiseach ar cheann de na conairí siúil is aitheanta dá bhfuil ann i Meiriceá Thuaidh, agus ar fud na cruinne. Tá an bealach sin thar ar 3,500km ar fad agus síneann sé ó Springer Mountain i stát Georgia go Sliabh Katahdin in Maine. Cé nach bhfuil aon cheangal oifigiúil idir an tSlí Apaláiseach agus an tSlí Idirnáisiúnta Apaláiseach, féachtar go minc ar an gceann idirnáisiúnta mar ‘shíneadh neamhoifigiúil’ ar an gcéad cheann.

Tá ‘Caibidlí’ den tSlí Idirnáisiúnta Apaláiseach i dtíortha éagsúla chaon taobh den Aigéan Atlantach, mar a bhfuil rian den mhór-shliabhraon Apaláiseach-Caladónach a cruthaíodh 250m bliain ó shin. Is í ‘Caibidil Uladh-Éireann’ a thugann aire don tSlí in Éirinn, agus tá súil acu go leor turasóirí a mhealladh go cúige Uladh ó Mheiriceá Thuaidh sna blianta amach romhainn. Cuirfear tús le feachtas margaíochta chuige sin an bhliain seo chugainn.

Níos mó

‘Lucht riarachán na tíre ag obair in éadan phobal na Gaeilge agus a dteanga mar a bhí aimsir Anraoi a hOcht’

Tá a gcearta teanga á séanadh ar phobal na Gaeilge toisc an dearcadh agus an bhéascna chéanna a bheith ag státseirbhísigh an lae inniu is a bhí ag a macasamhail aimsir “dhorcha” Anraoi a hOcht.

B’in cuid dá raibh le rá ag an scríbhneoir aitheanta Liam Mac Cóil i dTithe an Oireachtais inniu agus é ag caint ag cruinniú faoin mbille teanga.

Dúirt Mac Cóil go gcaithfí a bheith san airdeall faoi aon iarracht a dhéanfadh státseirbhísigh an bille a chur ó mhaith agus go mb’fhéidir go dteastódh idirghabháil ón Taoiseach féin ionas nach dtarlódh sin.

“Tá sé seanráite nach é go bhfaigheann teangacha bás ach go maraítear iad. Is uafásach an ní é le rá ach tá gach cuma ar an scéal gurb é riarachán na tíre, idir náisiúnta agus áitiúil, atá ag obair in éadan phobal na Gaeilge agus a dteanga; in éadan na Gaeilge mar theanga phobail; is iad sin na fórsaí céanna a bhí i gceist san ochtú agus sa naoú haois déag, agus siar ar ais go haimsir na dTúdarach; gurb iad an bhéascna chéanna agus an t-eolas neamhráite corparáideach céanna, na luacha céanna agus na tosaíochtaí céanna atá fós san aicme riaracháin againn féin is a bhí i gceist an uair dhorcha úd.

“Níor mhaith liom é sin a chreidiúint. Is náireach an scéal é más fíor é. Ach dáiríre, ag breathnú go praiticiúil ar an scéal, tá cearta phobal na Gaeilge ó thaobh teanga de á séanadh ó aimsir Anraoi a hOcht go dtí an lá atá inniu ann,” a dúirt Liam Mac Cóil, údar leabhair amhail An Dochtúir Áthais, An Litir agus Bealach na Spáinne.

Dúirt Mac Cóil, atá ina chónaí i nGaeltacht Ráth Chairn, go bhfuil leathchéad bliain caite aige ag iarraidh a bheith ag plé le ranna agus le hinstitiúidí Stáit i dteanga na tíre agus go raibh ag teip “chomh mór sin” air go bhfuil “sé tuirseach spíonta ag an iarracht anois”.

Dúirt an scríbhneoir go dtarlaíonn sé go minic i gcás na Gaeilge agus na reachtaíochta teanga go ndéantar moltaí fiúntacha, go dtugtar éisteacht mhaith dóibh agus go nglacann an t-aos polaitiúil leo. Is ina dhiaidh sin, áfach, a chuireann an státseirbhís na moltaí ó mhaith agus a chuirtear toil an phobail ar ceal.

“Ag pointe éigin sa phróiseas sin, lagaítear na moltaí, baintear na fiacla as an gcuid is fearr agus is láidre acu, agus cuirtear an mhoilleadóireacht agus an tseachantacht isteach san Acht mar ghnéithe bunúsacha den reachtaíocht. Cealaítear na cearta a bhí á n-éileamh. Is fearr a thuigeann sibhse an scéal ná mise,” a dúirt Mac Cóil.

Dúirt Mac Cóil leis na Teachtaí Dála agus Seanadóirí a bhí i láthair ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta gur minic a chuireann lucht na státseirbhíse toil ionadaithe tofa an phobail féin ar ceal.

“Tugann an chuid is mó mór de mhuintir na tíre tacaíocht don Ghaeilge agus do na hiarrachtaí ar a son. Agus féach, tá toil na ndaoine curtha ar ceal. Ní hamháin go bhfuil cearta daonlathacha daonna phobal na Gaeilge á gcur ar neamhní, is é sin an ceart bunúsach daonlathach atá ag gach saoránach le Gaeilge plé leis an Stát ina theanga féin, ach tá neamhshuim á déanamh de mhianta daonlathacha mhuintir na tíre agus a gcuid ionadaithe.

“Tá an próiseas daonlathach, an daonlathas féin, á chur ar neamhní. Is scannal mór é sin. Tá sé práinneach go bhfaighfí amach cén chaoi a bhfuil sé ag tarlú agus cén fáth.”

Mheas Mac Cóil nach aon chomhcheilg a bhí ar bun agus gur “daoine ionraice, dúthrachtacha” na státseirbhísigh a bhíonn ag plé leis an reachtaíocht teanga.

“Ach tá rud éigin ag dul amú,” ar sé.

Chaithfí, a dúirt sé, teacht ar thuiscint ar an mbealach “mistéireach” go n-éiríonn leis an gcóras “an fige a shú amach as an rolla fige seachas é a chur isteach”.

“Cén chaoi a gcuirtear, bliain i ndiaidh bliana, ainneoin ár ndícheall uile, cearta absalóideacha shaoránaigh na Gaeilge ar ceal?” a d’fhiafraigh sé.

Dar leis gur meon na státseirbhíse is cúis cuid mhór le cealú na gceart sin.

“Daoine aonteangacha Béarla an chuid is mó mór de státseirbhísigh na hÉireann. As béascna aonteangach Béarla, den chuid is mó, a fáisceadh iad agus is in uisce an Bhéarla aonteangaigh a bhíonn siad ag snámh i gcónaí. Ag an leibhéal pearsanta, chomh fada is a bhaineann le cuid mhór de státseirbhísigh na tíre, is mar ábhar scoile amháin a thuigeann siad Gaeilge.

“Níl aon taithí acu ar an nGaeilge mar theanga laethúil a labhraítear ar an gcaoi chéanna a labhraíonn siadsan Béarla. Ach amháin gur minic nach féidir leis an nGaeilgeoir sin a dhéanamh leis an Stát mar nach labhraíonn an chuid is mó mór de bhaill na státseirbhíse ach Béarla amháin. Arís is beag tuiscint atá acu ar an taithí chráite saoil sin.”

Mhaígh Mac Cóil chomh maith go raibh “eolas ollmhór neamhráite corparáideach” i dTeach Laighean agus sa státchóras agus go bhféadfadh gur namhaid don teanga a bhí san eolas corparáideach sin.

“An bhféadfadh sé go bhfuil cuid den eolas sin, den bhéascna, ag obair in éadan cearta teanga don Ghaeilge?

“An bhfuil an t-eolas corparáideach neamhráite seo atá i Státseirbhís na hÉireann ag cuidiú le mianta Dháil agus Seanad Éireann a chur i gcrích; is é sin sa chás seo cearta teanga phobal na Gaeilge a aithint agus a chur i bhfeidhm; nó an bhfuil sé ag obair ina n-éadan?”

B’údar imní don scríbhneoir go bhfuil “tuiscint neamhráite” sa státseirbhís nach bhfuil an Ghaeilge “chomh hinniúil leis an mBéarla i gcúrsaí gnó agus riaracháin” agus go ndéantar talamh slán de nach teanga “iomlán inti féin í an Ghaeilge” agus nach bhfuil inti dáiríre i súile an státseirbhísigh “ach comhartha den náisiúnachas, teanga atá luachmhar mar gur maith ann í ar ócáidí foirmeálta sollúnta”.

D’fhág dearcadh agus béascna na státseirbhíse i leith na teanga nach “de réir tosaíochtaí phobal na Gaeilge” a phléitear le moltaí na dTeachtaí Dála maidir leis an mBille Teanga a leasú “ach de réir tosaíochtaí na Rúnaithe Ginearálta, Rúnaithe Roinne agus na Státseirbhíse”.

“Is iad na luacha sin a chuirtear sa dlí agus ní luacha phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Agus ar an ábhar sin éiríonn pobal na Gaeilge as a bheith ag labhairt na Gaeilge mar theanga phobail.”

Dúirt Mac Cóil gur pobal faoi léigear pobal na Gaeilge agus go raibh comhairle á lorg ar a son ó na daoine míchearta maidir le conas an léigear a thógáil.

“Tá pobal na Gaeilge faoi léigear. Má tá pobal baile faoi léigear ní ceart gurb iad an chéad dream a lorgaíonn siad comhairle agus cúnamh orthu an dream lasmuigh de na ballaí, an dream atá ag ceilt bia agus soláthairtí beatha orthu. Ná hinis do scéal don té nach trua leis do chás, a deir an seanfhocal.

“Ach an chéad rud a dhéantar i gcás Bille na dTeangacha lorgaítear comhairle ar dhaoine nach é cás na Gaeilge is túisce ar an liosta agat ach socracht, sonas, agus so-oibriú a gcuid oibre féin.”

Dúirt an scríbhneoir go m’fhéidir go gcaithfeadh an Taoiseach féin idirghabháil a dhéanamh má tá na leasuithe is fearr a thabharfadh cosaint do chearta phobal na Gaeilge chun teacht slán.

“B’fhéidir gur féidir idirghabháil de shaghas éigin a dhéanamh. B’fhéidir go bhféadfaí idirghabhálaí a cheapadh, duine a dhéanfadh an bille a tionlacan tríd an bpróiseas agus é a chosaint. Theastódh saineolas maith idirghníomhaíochta ón duine sin.

“Agus theastódh údarás uaidh nó uaithi. Déarfá gur údarás ón Taoiseach féin a theastódh.”

D’aontaigh baill Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna go gcuirfí an chéad chéim eile d’aistear an Bhille Teanga trí Thithe an Oireachtais ar athlá go dtí an 20 Eanáir.

Tá os cionn 300 leasú molta ar an mbille agus is amhlaidh nach raibh sé d’acmhainn ag córas Thithe an Oireachtais na leasuithe go léir a réiteach agus a aistriú in am.

Gealltar i gclár an rialtais go mbeidh an bille nua achtaithe roimh dheireadh 2020, ach is in earrach 2021, ar a luaithe, a dhéanfar sin anois.

Níos mó

10 mbronntanas don bhailitheoir vinile

Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin, agus más tubaisteach an bhliain a bhí ag ionaid na gceolchoirmeacha agus gigeanna curtha ar ceal de dheasca na paindéime, a mhalairt scéil atá ag díoltóirí ceirníní vinile. 

De réir tuairisc a foilsíodh ar The Guardian le déanaí, is mó díol a bheidh ar cheirníní vinile sa Bhreatain Mhór faoi dheireadh na bliana seo ná mar a bhí in aon bhliain eile ó 1990 ar aghaidh. Meastar go bhfuil an t-airgead a bhíodh á chaitheamh ag daoine ar ghigeanna beó á chaitheamh ar cheirníní anois. 

Deir John Dwyer, úinéir an tsiopa Bunker Vinyl i gcathair Chorcaí, le NÓS go bhfuil árdú ar an méid ceirniní atá á gceannach ó thús na paindéime toisc go bhfuil deis ag daoine atá ag obair sa bhaile a bheith ag éisteacht le ceol ar feadh an lae. 

Tá cúig shiopa nua oscailte i mbliana ag an comhlacht Golden Discs i mbliana mar fhreagra ar an bhfás suntasach ar mhargadh na gcaschlár vinile agus na gceirníní féin in Éirinn.

Cé tá ag ceannach na gceirniní seo ar fad? Léiríonn liosta na gceirníní is mó a raibh díol orthu sa Bhreatain Mhór i mbliana nach dioscmharcaigh ach gnáthéisteoirí/bailitheoirí rac agus pop-cheoil iad na custaiméirí nua – tá Whats The Story Morning Glory le Oasis ag #1, albam úr Kylie Minogue,  Disco, ag uimhir a #8, agus Ultra Mono le Idles ag #5. 

Mar a dúirt Neil Young tráth,  “ceannródaí an cheoil dhigitigh ab ea Steve Jobs ach nuair a chuaigh sé abhaile d’éist sé le ceirníní vinile”, agus tá a gcúiseanna féin ag gach duine a roghnaíonn ceirnín vinile thar an sruthú nó formaid dhigiteach. Tá an fhuaim níos saibhre,  tá pleisiúr ag baint le healaín chlúdaigh dheas ar féidir do lámh a leagadh air, agus, fé mar a dúirt fear amháin liom, ní féidir toitín raithní a fhí ar chúl MP3!

Seo, mar sin, mo rogha bronntanas don bhailitheoir vinile i do shaol.


Seinnteoir Ceirníní Póca Record Runner

An seinnteoir ceirníní iniomparta is lú ar domhan. Leag an veain VW beag bídeach seo anuas ar dhromchla an cheirnín is tiománfaidh sí i gciorcail i dtreo lár an cheirnín (áit stopann sí go huathoibríoch) agus an ceol á sheinnt aici feadh na slí. An-áisiúil don bhailitheoir a aimsíonn carn ceirníní i scip bruscair ar thaobh na sráide!

€77 anseo 

Haynes Vinyl Manual

Tá ceirníní costasach, sobhriste agus ní fhuaimníonn siad go maith, fiú, muna bhfuil do chaschlár agus do chóras fuaime socraithe i gceart agat.

Lámhleabhar cuimsitheach í seo thugann míniú ar stair agus anatamíocht an chaschláir, conas córas fuaime a shocrú mar ba cheart, conas a oibríonn an ceirnín féin, agus ar chleasa agus an béasaíocht a bhaineann le bheith ag ceannach ceirníní i siopaí. 

Tá tús eolais ann, leis, faoi theicnící dioscmharcaíochta do bhailitheoirí a bheadh ag smaoineamh ar thabhairt faoin ndioscmharcaíocht, agallamh le leithéidí DJ Jazzy Jeff agus Gilles Peterson, agus cur síos A-Z ar na ceirníní, idir shinglí, EP-annaí agus albaim, is mó díol ar domhain. 

€20.94 anseo

Frámaí ‘Art Vinyl’

Frámaí snasta, dea-dheartha don té ar mhaith leis a rogha ealaín chlúdaigh a chrochadh ar an bhalla. Ní gá an fráma a bhaint den bhalla chun clúdach a mhalartú.

 €44 an ceann nó trí cinn ar €110 anseo.

Caschlár Reitreo Fisher Price

Bheadh croí cloiche ag an té nach mbeadh meallta ag an mbréagán meicniúil gleoite seo. An chéad chaschlár a bhí agam riamh – fuaireas ceann dom’ chúigiú lá breithe, agus ceann eile nuair a bhain mé an 35 amach! An difriocht an babhta seo ná gur féidir liom úsáid a bhaint as printéir 3T chun mo rogha píosa ceoil a chló ar dhiosca a sheinnfidh ar an Fisher Price (gach treoir anseo). 

€38 anseo

Cuibheoir 45 rpm ‘Sure Shot’ 

Cuirfidh an bailitheoir a bhfuil fonn air seancheirníní func, sól agus R&B Meiriceánach nó reigé Iamácach fáilte roimh chuibheoir 45rpm chun an poll mór i lár an cheirnín a líonadh. Tá na cinn is deise agus is dea-dhéanta ar an margadh le fáil ó Sure Shot. 

Idir €15 agus €17 an ceann anseo.

Mála Ceirníní

Gan a bheith ag caint ar mhála ceirníní mór domhillte den chineál a bheadh ag dioscmharcach, is deas le bailitheoir ceirníní mála a bheith acu chun ceirníní a iompar agus iad i mbun siopadóireachta nó ag bualadh síos go teach carad le haghaidh seisiún éisteachta nó cóisir tí (an chuimhin leat iad sin..?). Is féidir breis agus 30 ceirnín a iompar sa mhála seo de chuid Mush (€38.50 anseo) agus ta pócaí ann do chluasáin, slata usb agus araile. 

Tá spás a dhóthain do ríomaire glúine chomh maith le 25 ceirnín sa mhála álainn seo de chuid Korg na Seapáine (€95 anseo). 

Don bhailitheoir ceirníní 7” molaim an mála snasta de chuid Tucker and Bloom (le fáil anseo ar €180) ar féidir 100 ceirnín 7” a iompar ann.

Seastáin Callairí

Riall uimhir a haon: ná bíodh do challairí suite ar an ndromchla céanna agus atá do chaschlár – cruthóidh na tonnchreathanna aischothaithe. D’fhéadfá na callairí a chur ar an úrlár, is dócha, ach ní mór iad a bheith ar chomhleibhéal le do chluasa le sásamh ceart a bhaint as an gceol. Réiteach na faidhbe ná seastáin dos na callairí féin. Geobhaidh tú péire Onmitronic simplí, láidir mar atá sa bhaile agam féin anseo ar chostas €53, ach tá cinn i bhfad níos áille le fáil ó Line Phono ar €160 an péire anseo

Mata Sciorrtha

Is fusa go mór ceirnín a ciúáil go tapaidh, agus gan damáíste a dhéanamh don cheirnín féin, má tá mata sciorrtha ar an gcaschlár. Tá rogha deas mataí ar fáil anseo idir €10 agus €20 an ceann, is cuma an ceol indie, reitreo-pop, hip hap nó teicneó a thaitníonn leis an bhailitheoir vinile i do shaol. 

Anseo, idir €10 agus 20 an ceann.

Boscaí agus Racaí Stórála

Bronntanas an spáis é raca nó bosca maith vinile –  ní féidir faic a dhéanamh i do spás maireachtála má tá tú ag iarraidh gan seasamh ar cheirníní atá caite ar fud na háite. Tá cuma dheas agus praghas réasúnta ar bhoscaí Zomo, ar féidir a stacáil (tomhasanna agus roghanna ó €55 anseo)  Bronntanas aoibhinn dáiríre é an raca Glorious 330, a bhfuil spás ann do 330 ceirnín (€115 anseo). Rogha iontach atá sa raca Audio Anatomy Retro d’éinne a bheadh ag iarraidh bailiúcháin beag (suas le 40 ceirnín) a storáil ar sheilf atá ann cheana féin (€23 anseo)

Fearas Glanta Ceirníní agus Snáthaidí

Ní mór ceirníní agus an tsnáthaid seinnte a choimeád glan.  Má tá nós ag bailitheoir ceirníní athláimhe a cheannach ní mór dóibh iad a ghlanadh sula gcastar don chéad uair iad ionas nach ndéanfaí díobháil don tsnáthaid. Tá gach a bheidh ag teastáil le haimsiú sa phacáiste néata seo de chuid AM Cleansound na Danmhairge.

€16.50 anseo

Clúdaigh Poilitéine

B’fhéidir nach é seo an féirín is gnéasúla ar an liosta seo beidh bailitheoirí vinile buíoch i gconaí as clúdaigh poilitéine lena ceirníní a choimeád slán ó smúit agus taise.

€11 ar 50 anseo

Níos mó

Baint ag na focail Ghaeilge is mó i mbéal an phobail ar líne go léir le Covid-19

Bhain gach uile fhocal ar an liosta de 23 focal a raibh borradh fúthu le linn na bliana 2020 leis an víreas corónach, de réir taighde atá déanta ag an Ollamh Kevin Scannell in Ollscoil St Louis i Meiriceá.

Bhí Kevin, a bhfuil cáil mhór air as a chuid taighde faoi úsáid na Gaeilge ar líne, ag breathnú ar na staitisticí a bhailigh sé i gcaitheamh na bliana inniu agus d’fhógair sé ar Twitter go raibh baint ag gach uile fhocal ar liosta na bhfocal is mó a raibh borradh úsáide fúthu i mbliana leis an bpaindéim.

An focal ‘coróinvíreas’ féin a bhí ar bharr an liosta ar fad, agus ‘paindéim’ agus ‘dianghlasáil’ sa dara agus sa tríú háit. Ar na focail eile a bhí ar an liosta de 23 focal a d’fhoilsigh Kevin inniu bhí: ‘gartheagmháil’, ‘díchuibhrithe’, ‘féinleithlisiú’, ‘féinaonrú’, ‘aerálaí’, ‘coraintín’, ‘díghalrán’, ‘cianobair’, ‘ráig’, ‘víreas’, ‘clútharú’, ‘dianchúram’, ‘aonarú’, ‘tolgtha’, olltástáil’, ‘víreolaí’, ‘cianfhoghlaim’, ‘siomptóim’, ‘diansrianta’, agus ‘mascanna’.

Ar ndóigh bhí cuid de na focail seo ar fáil i gcorpas na Gaeilge agus sna foclóirí móra sular bhuail an phaindéim an tír seo, ach is focail nuachumtha cuid mhór acu freisin – leithéidí ‘féinleithlisiú’, ‘féinaonrú’ agus ‘clútharú’ – focail a cumadh le cur síos a dhéanamh ar chuid de na ‘diansrianta’ a tugadh isteach den chéad uair i mí an Mhárta.

Is ar éigean a thuigfí an téarmaíocht sin bliain ó shin, ach tar éis beagnach naoi mí de shrianta agus tuairisciú síoraí ar na meáin shóisialta agus na meáin thraidisiúnta tá na focail ‘nua’ seo fréamhaithe in intinn an phobail.

Tá athruithe beaga tagtha ar liosta seo na bhfocal ó chaith Kevin súil air den chéad uair i mí Aibreáin. Mar a tuairiscíodh ar NÓS an uair sin, bhí ‘eipidéimeolaíoch’ i meac na ndeich bhfocal is mó a raibh borradh fúthu, ach níl rian de anois ar mhórliosta na 23 focal atá foilsithe inniu aige.

Is féidir uirlis atá ag Kevin ar a shuíomh pearsanta, Cadhan.com, a úsáid le treochtaí na bhfocal seo thuas a fheiceáil. 

Níos mó

An scannánóir aitheanta Bob Quinn i measc chéimithe oinigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 2021

Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le céim oinigh a bhronnadh ar an scannánóir aitheanta Bob Quinn an bhliain seo chugainn.

Tá Quinn, a rugadh i mBaile Átha Cliath ach atá ina chónaí sa Tuairín i nGaeltacht Chonamara le blianta fada, ar dhuine de cheithre dhuine dhéag a mbronnfaidh OÉ Gaillimh Céimeanna Oinigh orthu in 2021.

Eímear Noone

Bhí Quinn ina stiúrthóir ar an scannán Poitín (1978), an chéad fhadscannán a rinneadh i nGaeilge agus tá sé aitheanta ar dhuine de cheannródaithe na scannánaíochta in Éirinn. Bhí baint mhór aige le forbairt thionscal na teilifíse Gaeltacha.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Fhleadh Scannán na Gaillimhe agus ta sé ina bhall d’Aosdána.

Tá Dick Byrne, ailtire a chaith na blianta ag obair sa Taibhdhearc i nGaillimh, i measc na ndaoine eile a bhfuil céim le bronnadh orthu. Tabharfar aitheantas freisin don cheoltóir Máirtín O’Connor, a rugadh i mBearna agus a bhí ina bhall den ghrúpa ceoil Dé Dannan. Is as Conamara freisin an file Mary O’Malley, ball d’Aosdána, a mbronnfar céim oinigh uirthi.

Tá rún ag an Ollscoil an Searmanas Bronnta Oinigh a reáchtáil an samhradh seo chugainn.

Dr Mike Ryan, stiúrthóir éigeandála na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO)

Ar na daoine eile a mbronnfar céimeanna oinigh orthu tá an Dr Mike Ryan, stiúrthóir éigeandála na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO); an tOllamh David Harper, saineolaí idirnáisiúnta mór le rá ar an bpailé-ointeolaíocht; Jean Kelly, Príomh-Stiúrthóir Altranais agus Cnáimhseachais, ar scor, Grúpa Cúraim Sláinte Ollscoile Saolta, Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh; an tOllamh Hubert McDermott, iarOllamh le Béarla in OÉ Gaillimh; an Dr Martina Newell-McGloughlin, stiúrthóir International Biotechnology, Ollscoil California, Davis;

Ronnie O’Gorman. Pictiúr: Mike Shaughnessy

Eímear Noone, stiúrthóir agus cumadóir ceoil iomráiteach; Ronnie O’Gorman, bunaitheoir agus úinéir an Galway Advertiser; Evelyn O’Toole, bunaitheoir agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Complete Laboratory Solutions; an Dr Jerome Sheahan, staitisteoir agus matamaiticeoir; agus Ailbhe Smyth, acadóir agus gníomhaí Éireannach.

Máirtín O’Connor

Dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh  go raibh “an t-ádh” le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh céimithe oinigh den scoth a bheith aici ach gur cinnte gur “grúpa ar leith iad céimithe oinigh na bliana seo”.

“Tá a c(h)ion féin déanta ag gach céimí oinigh díobh ar mhaithe leis an saol poiblí, le feabhas na sochaí agus le leas na daonnachta.

“Tá an-áthas ar OÉ Gaillimh a bheith in ann meas agus aitheantas a thabhairt do na daoine eisceachtúla seo.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta