Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Year: 2020

Bean sna caogaidí maraithe i dtimpiste bhóthair buille is teitheadh i nGaeltacht Chois Fharraige

Tá fiosrú ar bun ag na Gardaí faoi thimpiste bhóthair sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara inar maraíodh bean sna caogaidí.

Bhí an bhean amuigh ag siúl agus níor stop an tiománaí i ndiaidh na timpiste. Bhí an bhean gortaithe go dona nuair a thángthas uirthi.

Tharla an timpiste ag thart ar 7.30pm gar do Thigh Phádraicín ar bhóthar Chois Fharraige. Tugadh an bhean go dtí Ospideál na hOllscoile, Gaillimh agus go gairid ina dhiaidh sin fógraíodh í a bheith marbh.

Déanfar scrúdú iarbháis ag tráth níos faide ar aghaidh.

Tá na Gardaí den tuairim gur thionóisc buille is teitheadh a bhí ann agus beidh an bóthar dúnta go dtí maidin amárach.

Déanfaidh baill den Aonad um Imscrúdú Fóiréinseach ar Imbhuailtí scagadh ar láthair na timpiste maidin amárach.

Tá na Gardaí i mBóthar na Trá ag iarraidh eolais ó aon duine a bhí ag taisteal i gceantar na bhForbacha idir 7pm agus 7.30pm, go háirithe aon tiománaí a d’fhéadfadh fianaise ó cheamara nó dash-cam a chur ar fáil faoin eachtra.

Níos mó

‘Comharthaí soiléire go bhfuil an galar seo ag dul sa treo mícheart’ agus 431 cás nua fógartha

Tá 431 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte. Seisear eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

Deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan gur údar imní na comharthaí soiléire go bhfuil “an galar seo ag dul sa treo mícheart”.

Ba léir sin, a dúirt sé, ó líon na gcásanna, ráta an ghalair agus céatadán na ndaoine a mbíonn toradh dearfach ar a dtástálacha.

Deir an Dr Tony Holohan go léiríonn a bhfuil tarlaithe i dtíortha eile cé chomh sciobtha is a imíonn an galar ó smacht.

Is mó an imní atá air faoin ardú sna cásanna toisc a “leochailí” is bheidh cúrsaí aimsir na Nollag, tráth a mbeidh sean agus óg ag teacht le chéile.

Bhain 53 den 431 cás nua inniu le Dún na nGall.  22 cás a bhí i Maigh Eo, 18 cás a bhí i gCorcaigh agus 17 cás a bhí i gCiarraí. 12 cás a bhí i gcontae na Mí, naoi gcás a bhí i nGaillimh agus bhí níos lú ná cúig chás i gceist i bPort Láirge.

134 cás nua a bhí i mBaile Átha Cliath.

207 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus 30 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Tá ráta coicíse an Covid-19 sa stát anois imithe suas go dtí 87.9 cás in aghaidh gach 100,000.

Ráta 246 atá i nDún na nGall, beagnach a thrí oiread an mheánráta náisiúnta.

Ráta 105 atá i Maigh Eo, 79 atá i bPort Láirge agus 66 atá i gcontae na Mí. Ráta 50 atá i nGaillimh, 42 atá i gCiarraí agus 27 atá i gCorcaigh.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh ochtar eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 510 cás nua a bhí le fógairt acu tráthnóna.

457 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 32 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 105% de na leapacha ansin lán inniu.

Tá sé ráite ag an Aire Sláinte go gcaithfear fanacht go bhfeicfear cén tionchar a bheidh ag na vacsaíní ar scaipeadh an Covid-19 sula n-eiseofar teastais a dhearbhóidh go bhfuil an vacsaín faighte ag duine.

“Is cuid de phlean an rialtais na teastais vacsaínithe ach caithfear a fheiceáil ar dtús cén tionchar a bheidh ag na vacsaíní sin,” a dúirt an tAire Sláinte ar Morning Ireland ar RTÉ ar maidin inniu.

Dúirt sé go raibh aerlínte ag scrúdú ar cheart teastas vacsaínithe a bheith riachtanach dá bpaisinéirí.

Dúirt Donnelly go mbeadh vacsaín faighte ag aon duine a bheadh á hiarraidh faoin tráth seo an chéad bhliain eile.

3,283 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,140 duine ó dheas den teorainn agus 1,143 duine ó thuaidh di.

136,318 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 77,197 cás ó dheas agus 59,121 ó thuaidh.

Níos mó

Cead pleanála faighte ag Conradh na Gaeilge do lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus €455,000 tugtha dóibh do thograí éagsúla

Tá €455,000 ceadaithe do Chonradh na Gaeilge ag Roinn na Gaeltachta.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers chomh maith tráthnóna go bhfuil cead pleanála faighte ag an eagraíocht chun a gceannáras ag 6 Sráid Fhearchair a fhorbairt mar lárionad Gaeilge do chathair Bhaile Átha Cliath.

Airgead breise ar an maoiniú a fhaigheann Conradh na Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge – €832,000 sa bhliain –  é an maoiniú a fhaigheann siad ó Roinn na Gaeltachta do thograí éagsúla.

Caithfear €280,000 den mhaoiniú a fógraíodh tráthnóna ar Gluaiseacht 2021-2022, macasamhail an fheachtais Seó Bóthair a bhíodh ag an eagraíocht teanga roimhe seo.

Faoi Gluaiseacht 2020-2021, beidh foireann Chonradh na Gaeilge ag taisteal na tíre ag cur ceardlanna ar fáil “a mheallfaidh, a spreagfaidh agus a chuirfidh ar chumas daoine óga cinntí coinsiasacha a dhéanamh chun an Ghaeilge a úsáid níos minice”.

Beidh béim freisin sna ceardlanna ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do dhaoine óga a bhfuil Gaeilge acu.

Táthar ag súil os cionn 200 ceardlann a eagrú do bhreis is 10,000 dalta dara leibhéal.

Tá €130,000 á chur ar fáil don Chonradh chun Cartlann Athbheochan na Gaeilge a fhorbairt sa tréimhse 2021 – 2022.

Cuirfidh an Roinn €47,772 ar fáil don eagraíocht chun stiúideo a thógáil do Raidió Rí-Rá i nGaillimh agus forbairt a dhéanamh ar a stiúideo i mBaile Átha Cliath.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers gur dea-scéal a bhí ann go raibh cead pleanála faighte do Lárionad Gaeilge ar Shráid Fhearchair.

“Beidh an lárionad seo mar áit lárnach d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath. Cuirfidh sé go mór le feiceálacht na teanga agus stádas na Gaeilge sa chathair.”

Mhol an tAire an “obair fhíorthábhachtach” atá ar bun ag Conradh na Gaeilge agus mhaígh sé go gcuirfeadh an €455,000“ar chumas Chonradh na Gaeilge na tograí seo a fhorbairt agus leanacht leis an obair atá ar siúl acu chun dearcthaí dearfacha i dtreo na Gaeilge” a chothú i measc an phobail.

“Tá obair dhúshlánach ag baint leis na tograí seo agus tá sé fíorthábhachtach go dtabharfaí tacaíocht do na tionscnaimh seo,” arsa Chambers.

Dúirt an Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go rabhthas “an-bhuíoch” den Aire Stáit agus de Roinn na Gaeltachta.

“Leis an maoiniú seo beimid in ann stair luachmhar na heagraíochta agus na hathbheochana a chur ar fáil don phobal mar chartlann bheo a bheidh so-aimsithe ag an bpobal.

“Dar ndóigh, ceann de na ceachtanna is tábhachtaí atá le foghlaim ón stair sin ná an tábhacht a bhaineann leis an gcéad ghlúin eile a spreagadh leis an teanga a úsáid agus cabhróidh an maoiniú don tionscadal Gluaiseacht daoine óga a mhealladh le cinneadh a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid ina saol,” arsa Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer.

Dúirt sé go mbeadh Conradh na Gaeilge “ag obair go dlúth” leis an Roinn sna blianta beaga atá romhainn ar cheannáras an Chonartha a fhorbairt mar lárionad Gaeilge.

Dúirt Niamh Ní Chróinín, Bainisteoir Raidió Rí-Rá, go gcabhródh an maoiniú leo a stiúideonna a fhorbairt agus breis láithreoirí óga a mhealladh.

Níos mó

Cathaoirleach nua le ceapadh ar Bhord Fhoras na Gaeilge in áit Phóil Uí Ghallchóir

Tá súil ag Foras na Gaeilge go gceapfar cathaoirleach nua ar bhord na heagraíochta trasteorann go luath agus a thréimhse ar an mbord caite ag Pól Ó Gallchóir.

Líonadh le déanaí trí fholúntas ar bhord an Fhorais ach tá trí cinn eile le líonadh anois agus a dtréimhse istigh ag Ó Gallchóir, Máire Ní Neachtain agus Sorcha Ní Chéide.

Tháinig deireadh leis an tréimhse ceithre bliana a chaith Ó Gallchóir ina chathaoirleach an mhí seo.

Tá Foras na Gaeilge i dtaobh le leathbhord le tamall toisc nárbh fhéidir folúntais a líonadh de dheasca na sáinne polaitiúla i Stormont.

Ceadaíodh os cionn €1.8 milliún ag an gcruinniú deireanach a bhí ag an mbord i mbliana “chun tacú le húsáid agus forbairt na teanga”.

Bronnfar €672,000 ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste agus ar Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire don tréimhse 2021-2023 chun costais ocht mball foirne a chlúdach.

Cuirfear €596,987 ar fáil le tacú le foilsitheoirí Gaeilge in 2021 faoi Scéim na Foilsitheoireachta (Clár na Leabhar Gaeilge).

Ceadaíodh os cionn €300,000 don Áisaonad Lán-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste le háiseanna oideachais ar ardchaighdeán a chur ar fáil ó thuaidh.

Tá Gaelchultúr, Imram agus Éigse Éireann i measc na ndreamanna ar cuireadh  breis is €97,000 ar dóibh fáil trí Scéim na dTionscadal Litríochta le haghaidh ócáidí a eagrú chun an scríbhneoireacht agus an léitheoireacht a chur chun cinn.

Ceadaíodh €50,000 d’eagraíochtaí le haghaidh imeachtaí ealaíon a reáchtáil thuaidh agus theas. I measc na n-eagraíochtaí a fuair an maoiniú sin bhí Féile na Gealaí, Scoil Samhraidh Mhic Reachtain agus an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta.

Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge: gur “cúis dóchais” don Fhoras “an líon mór deontas a cheadú” agus iad “ag breathnú chun cinn go 2021”.

“Cuirfidh na deontais bonn láidir faoi úsáid agus fhorbairt na Gaeilge ag leibhéal an phobail, go háirithe sa dlínse ó thuaidh, ar ceadaíodh €1 mhilliún de na deontais dó, go háirithe Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, ar éirigh go hiontach leo a gcuid imeachtaí a chur in oiriúint do shrianta na paindéime le linn 2020, agus a bhuaigh Gradam na Gaeilge Coinnigh an Misneach i nGradaim na hAislinge i mbliana dá n-iarrachtaí,” arsa Ó Coinn.

Dúirt Pól Ó Gallchóir gur “chúis bhróid agus áthais dó féin a bheith i gceannas ar an bhord le ceithre bliana”. Dúirt sé gur tréimhse a bhí ann inar tháinig “forbairt mhór ar na socruithe tacaíochta don Ghaeilge sa dá dhlínse ar an oileán”. Mar fhianaise ar an bhforbairt sin, luaigh sé Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge, an córas pleanála teanga ó dheas agus an reachtaíocht teanga atá geallta thuaidh agus theas.

“Guím gach rath ar an Fhoras agus ar an bhord sna blianta amach romhainn,” arsa Pól Ó Gallchóir.

Is iad Waraola Majekodunmi, Neasa Ní Chiaráin agus Dáithí Mac Cárthaigh an  triúr comhaltaí is déanaí a ceapadh ar an mbord.

Níos mó

COMÓRTAS: Cártaí Nollag ó Léim Thart le buachan

Níl ach cúpla lá fágtha le do chuid cártaí Nollag a chur chun bealaigh! Tá trí chárta áille ón gcomhlacht deartha Léim Thart againn le bronnadh ar dhuine dár léitheoirí dílse.

Mar is iondúil, tá an comórtas oscailte dár leantóirí ar na meáin shóisialta.

Ar Twitter: Tabhair croí agus athghiolc don ghiolc seo agus lean @leimthart.

Ar Instagram: Tabhair croí don phictiúr seo, cuir clib ar chara leat sna tráchtanna agus lean @leimthart.

 

View this post on Instagram

 

A post shared by NÓS (@nosmag)

Ar Facebook: Tabhair croí don phostáil seo agus cuir clib ar chara leat sna tráchtanna.

 

Níos mó

‘This Road of Mine’ – leagan Béarla de ‘Mo Bhealach Féin’ foilsithe

Tá fáil anois ar leagan Béarla de leabhar cáiliúil an scríbhneora Gaeltachta Seosamh Mac Grianna Mo Bhealach Féin. Mícheál Ó hAodha a chuir Béarla ar úrscéal dírbheathaisnéisiúil an Ghriannaigh a foilsíodh den chéad uair i nGaeilge in 1940. Is é This Road of Mine an chéad aistriúchán Béarla ar an saothar mór Conallach a foilsíodh riamh, agus é ar fáil The Lilliput Press ar €15. 

Áirítear Seosamh Mac Grianna i measc na scríbhneoirí Gaeltachta ab fhearr sa chéad seo caite agus tá sé féin agus a dheartháir Séamus Ó Grianna ar na scríbhneoirí Conallacha is cáiliúla amuigh. 

Cur síos ar thuras mór fada a thug Mac Grianna de chois tríd an mBreatain Bheag atá sa leabhar Mo Bhealach Féin agus cé gur tharla go leor de na heachtraí a luaitear sa leabhar don scríbhneoir, cuireadh craiceann orthu ar mhaithe leis an úrscéal. Cuireann sé síos sa leabhar ar “choraíocht a aigne le saol nach raibh ag teacht lena mhian”, agus ar na heachtraí a bhain dó, agus na daoine a casadh air. Iniúchtar sa leabhar an choimhlint chultúir agus teanga a bhí timpeall ar Shéamus Mac Grianna mar fhear Gaeltachta a rugadh ag tús an chéid seo caite. 

Is é an file, údar, aistritheoir, agus léachtóir ollscoile Mícheál Ó hAodha a chuir Béarla ar an leabhar. 

Níos mó

Joyeux Noël? Na srianta a bheidh i bhfeidhm i dtíortha eile san Eoraip an Nollaig seo…

Sa Ríocht Aontaithe ón 23 -27 Nollaig beidh cead ag daoine taisteal ar fud na tíre ach ní bheidh cead ach ag trí líon tí a bheith le chéile in aon teach. Ochtar atá ceadaithe in Albain agus tá dhá lá breise ag daoine ó thuaidh den teorainn in Éirinn (22-28 Nollaig). I gceantar Londan ón lá inniu ar aghaidh ní bheidh cead ag tithe ósta agus bialanna ach bia is deoch beir leat a dhíol agus beidh ionaid siamsaíochta laistigh dúnta.

Tá an scéal san Iodáil níos measa anois ná a bhí aon uair ón Márta agus tá srianta nua tugtha isteach ansin. Tá cosc ar thaisteal idir na réigiúin ón 21 go dtí an 6 Eanáir agus ní bheidh cead ag daoine a mbaile mór féin a fhagáil Lá Nollag, Lá Fhéile Stiofáin ná Lá Chinn Bhliana ach chun oibre, cúrsaí sláinte nó éigeandála. Beidh cuirfiú ann óna hocht san oíche go dtí a cúig ar maidin.

Ón lá inné ar aghaidh agus an dianghlasáil a bhí ansin ón 28 Samhain bogtha de bheagán, ní call do mhuintir na Fraince cáipéis a bheith ar iompar acu ag míniú údar a dturais ach beidh cuirfiú i bhfeidhm óna 8.00pm go 6.00am. Beidh an cuirfiú sin i bhfeidhm freisin oíche chinn bhliana, oíche mhór cheiliúrtha sa bhFrainc. Beidh tithe tábhairne, bialanna, amharclann, pictiúrlanna is ionaid sciála dúnta.

Sa Spáinn ceadófar taisteal idir na réigiúin ón 23 Nollaig go dtí Lá Chinn an Dá Lá Dhéag agus ní bheidh cead ag níos mó ná deichniúr as an teaghlach céanna a bheith i bhfochair a chéile don Nollaig ná don bhliain nua agus áirítear leanaí ar an deichniúr sin. Tá cead ag údaráis na réigiún srianta níos déine a chur i bhfeidhm go háitiúil más gá.

San Ísiltír tá cúrsaí an víris go holc agus tá dianghlasáil ansin ón lá inné go ceann cúig seachtaine, an 19 Eanáir. Beidh scoileanna, naíonraí, siopaí neamhriachtanacha, gruagairí is ionaid aclaíochta dúnta agus iarradh ar an bpobal gan aon turas nach bhfuil fíor-riachtanach a dhéanamh as seo go lá mhí an Mhárta. Beidh cead ag beirt chuairteoirí Lá Nollag a chaitheamh le líon tí.

Beidh dianghlasáil i bhfeidhm sa nGearmáin i rith na Nollag ón lá inniu go dtí an 10 Eanáir. De bharr cúrsaí sláinte a bheith imithe in olcas ansin agus a lán daoine básaithe ón víreas le cúpla seachtain, beidh na scoileanna agus siopaí neamhriachtanacha dúnta. Beidh cead ag ceathrar ón teaghlach teacht ar cuairt ar feadh dhá lá ón 24-26 Nollaig.

Tá na hionaid sciála dúnta ag údaráis na Fraince, na hIodáile agus na Gearmáine. Beidh siad ar oscailt ón 24 Nollaig san Ostair ach ó tharla srianta taistil i bhfeidhm agus óstáin dúnta, a muintir féin a bheidh ag sciáil iontu. Tá ionaid sciála na hEilvéise ar oscailt.

Go dtí an 15 Eanáir i Moscó. caithfidh bialanna agus caiféanna dúnadh luath, agus caithfidh daoine atá os cionn 65 bliain nó a bhfuil a sláinte i mbaol ón víreas féinleithlisiú.

Tá an dara maidhm den víreas sa tSualainn níos measa ná an chéad ráig agus deimhníodh go bhfuair 1400 duine bás ón Covid-19 ansin le mí. Tá oibrithe sláinte faoi bhrú mór ansin agus tá cuidiú iarrtha ag na húdaráis ar an arm le freastal ar na réigiúin is measa atá buailte. Thairg an Fhionlainn agus Iorua aon chúnamh is feidir leo a thabhairt dá gcomharsana ach níor iarradh sin go fóill.

Níos mó

Gaeil gafa thar lear le linn na Nollag

.embed-container { position: relative; padding-bottom: 56.25%; height: 0; overflow: hidden; max-width: 100%; } .embed-container iframe, .embed-container object, .embed-container embed { position: absolute; top: 0; left: 0; width: 100%; height: 100%; }

De dheasca na srianta taistil atá ann faoi láthair, tá na mílte Gael gafa thar lear agus ní féidir leo filleadh chun an bhaile le bheith lena dteaghlaigh an Nollaig seo.

Bhí an bhliain seo iontach trom orainn uilig agus beidh muid sásta an bhliain úr a fheiceáil. Sin ráite ar bhealaí thug 2020 an deis do dhaoine níos mó ama a chaitheamh lena dteaghlaigh agus caidrimh níos láidre a thógáil leo.

Dóibh siúd atá ina gcónaí thar lear áfach, bhí an bhliain seo níos deacra arís. Beidh na haerfoirt ar oscailt don Nollaig ach níl seans ag an chuid is mó de na Gaeil atá thar sáile spás a fháil ar eitilt agus beidh orthu Séasúr an Nollag a chaitheamh gan a ndaoine muinteartha.

Labhair Meon Eile le Bróna Ní Chasaide, Sara Ní Chonghaile agus Dermot Coffey faoina bheith i bhfad ón bhaile ag an am seo den bhliain.

Tá ábhar dóchais againn faoi dheireadh thiar thall áfach agus an vacsaín i gcoinne COVID-19 á tabhairt amach don ghnáthphobal anois agus ta súil againn go mbeidh muid uilig le chéile arís go luath!

Níos mó

Gan ach triúr Gardaí ó ‘shruth Gaeilge’ curtha go dtí an Ghaeltacht le seacht mbliana anuas

Níl ach triúr a earcaíodh trí “sruth Gaeilge” an Gharda Síochána curtha ar dualgas i stáisiúin Ghaeltachta le seacht mbliana anuas.

55 Garda ar fad a earcaíodh tríd an sruth Gaeilge, an córas a bunaíodh seacht mbliana ó shin chun cur le líon na nGardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht.

De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua, tá 31 de na 55 Garda a earcaíodh tríd an sruth Gaeilge curtha ar dualgas i ranna de chuid an Gharda Síochána atá i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht ach a chuireann seirbhís ar fáil don Ghaeltacht, nó a bhfuil limistéir Gaeltachta iontu.

Tá 18 eile i ranna nach bhfuil aon Ghaeltacht iontu agus tá triúr ball eile, a earcaíodh le dul i mbun traenála sa bhliain 2019, nach bhfuil eolas tugtha faoin áit a bhfuil siad lonnaithe faoi láthair.

Níor cuireadh aon Gharda nua ón sruth Gaeilge ar dualgas sa Ghaeltacht ón mbliain 2013 an bhliain a bunaíodh an córas nua. Tá naonúr de na Gardaí a earcaíodh ón sruth an bhliain sin féin fós lonnaithe i ranna de chuid an Gharda Síochána nach bhfuil aon cheantar Gaeltachta iontu.

Léiríonn na figiúirí nua freisin gur tháinig laghdú suntasach ar líon na nGardaí a earcaíodh tríd an ‘sruth Gaeilge’ i ndiaidh bliain a bhunaithe.

Roghnaíodh 27 earcach a raibh Gaeilge líofa acu in 2013, ach bhí an figiúir sin tite go dtí 17 in 2016. Thit sé arís go dtí sa bhliain 2017, bliain nár earcaíodh ach triúr. Cúigear a earcaíodh in 2018 agus triúr a earcaíodh arís in 2019. Níor earcaíodh aon Gharda nua sa tréimhse idir 2013 agus 2016 mar thoradh ar an gcosc ar fhostaíocht nua sa tseirbhís phoiblí le linn na géarchéime eacnamaíochta.

Earcaíocht tríd an sruth Gaeilge

Bliain Líon a earcaíodh Lonnaithe sa


Ghaeltacht anois
Lonnaithe i stáisiún


a fhreastalaíonn


ar Ghaeltacht
Lonnaithe i Roinn


de chuid na nGardaí


ina bhfuil Gaeltacht
Lonnaithe i Roinn


de chuid na nGardaí


gan ceantar Gaeltachta
2019 3
2018 5 0 3 0 2
2017 3 0 3 0 0
2016 17 0 6 4 7
2013 27 3 11 4 9
IOMLÁN 55 3 23 8 18

Dúirt Coimisinéir na nGardaí Drew Harris gur “ábhar díomá é” go bhfuil líon na gcomhaltaí a earcaíodh tríd an sruth Gaeilge “chomh beag sin” ach go bhfuil an sruth sin fós ina “ghníomh dearfach” agus “réamhghníomhach inár mbeartas earcaíochta”.

Dúirt sé freisin go raibh “gach iarracht déanta” le blianta beaga anuas a chinntiú go lonnaítear Gardaí a earcaítear tríd an sruth Gaeilge i stáisiúin oiliúna i Ranna ina bhfuil ceantar Gaeltachta.

Dúirt sé go roghnaítear stáisiún do Ghardaí ar Promhadh bunaithe ar iliomad cúiseanna, amhail sonraí coireachta, daonra, cineál an stáisiúin, riachtanais phóilíneachta agus comhaltaí a bheith imithe ar scor.

Dúirt sé gur tháinig laghdú 12% ar líon iomlán na gcomhaltaí sa bhfórsa mar thoradh ar an gcosc ar earcaíocht agus go raibh tionchar aige sin ar an gcaoi ar dáileadh comhaltaí timpeall na tíre ar feadh cúpla bliain ina dhiaidh sin.

“Ar an drochuair, bhí tionchar ag na gnéithe seo ar fad ar leithdháileadh comhaltaí ón sruth Gaeilge agus is é seo an chúis go bhfuil 18 comhalta ón sruth ag fónamh i Roinn nach bhfuil ceantar Gaeltachta ann,” a dúirt sé.

Gheall sé go leanfaidh an sruth Gaeilge ar aghaidh “mar ghné fhíorthábhachtach” de na comórtais earcaíochta sa todhchaí agus go cuirfí comhaltaí a earcófar tríd an sruth seo ar an Phainéal Inniúlachta Gaeilge “gan teip”. Tá 20 duine ar an phainéal sin faoi láthair, Gardaí atá fós faoi oiliúint ina measc. Ní féidir Garda a bhfuil iarratas aistrithe déanta aige nó aici a aistriú nó go mbíonn duine ar fáil le cur ina áit.

Coimisinéir na nGardaí Drew Harris. Pictiúr: Leon Farrell/Rollingnews.ie

Mheabhraigh Harris freisin go raibh toradh diúltach ag an gcinneadh an ‘liúntas Gaeltachta’ d’earcaigh nua a stopadh in 2012 ach dúirt sé nach raibh “mórán féidearthachta ann” go dtabharfar ar ais é. Thagair sé freisin don treoir a chuireann srian ar Gharda a bheith lonnaithe “i bhfoisceacht 35km dá n-áit chónaithe nó d’áitreabh ceadaithe d’aon ghaol leo nó d’aon ghaol lena bpáirtí céile”.

Tá dualgas reachtúil ar Choimisinéir an Gharda Síochána faoi Acht an Gharda Síochána 2005 Gardaí atá líofa i nGaeilge a chur ar dualgas sa Ghaeltacht a oiread agus atá sin indéanta. Tharla conspóid faoina laghad Gardaí le Gaeilge a bhí ar dualgas sa Ghaeltacht sa bhliain 2011 nuair a rinneadh gearán le hOifig an Choimisinéara Teanga nach raibh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil i stáisiún an Bhuna Bhig i nGaoth Dobhair.

Léirigh imscrúdú ag an am gur Béarla amháin a bhí ag ochtar as an naonúr Gardaí a bhí lonnaithe ansin. Chinn an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú mar nach Gardaí le Gaeilge a bhí lonnaithe ansin. Mhol sé d’údaráis na nGardaí dul i ngleic leis an gcás i nGaoth Dobhair agus scrúdú a dhéanamh freisin ar líon na nGardaí le Gaeilge a bhí lonnaithe i ngach ceantar Gaeltachta. Comhaontaíodh ag an am córas nua ina gcuirfí 10% de na háiteanna i gcomórtais earcaíochta as sin amach ar fáil d’earcaigh a raibh Gaeilge líofa acu.

Chuir Coimisinéir na nGardaí Drew Harris na figiúirí is deireanaí faoi Ghardaí na Gaeltachta ar fáil don Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, i litir a bhfuil cóip di curtha faoi bhráid Chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta Thithe an Oireachtais.

Tá cuireadh le tabhairt ag an gCoiste Oireachtais do Drew Harris teacht os a gcomhair go luath sa bhliain nua chun polasaí an Gharda Síochána i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé.

Dúirt Cathaoirleach an choiste sin, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh le Tuairisc.ie, go gcaithfí na moltaí atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga faoin easpa Gardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht a chur i bhfeidhm láithreach agus go gcaithfí tús a chur láithreach chomh maith le mórfheachtas earcaíochta chun Gaeilgeoirí a mhealladh isteach sa bhfórsa.

Níos mó

An 19ú plean teanga ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta

Tá an 19ú plean teanga sa Ghaeltacht faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta – plean don Eachréidh in oirthear na Gaillimhe.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú do 26 ceantar Gaeltachta ar fad.

Agus é ag fógairt cheadú an phlean, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers go mbeadh €100,000 ar fáil faoin bpróiseas pleanála teanga chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean san Eachréidh, ceantar fíorlag Gaeltachta.

Dúirt an tAire Stáit Chambers gurb í an chéad chéim eile anois ná Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú don Eachréidh chun an plean a chur i bhfeidhm.

“Is céim mhór chun tosaigh é seo don cheantar ó thaobh chaomhnú na Gaeilge de agus táim cinnte go mbainfidh an pobal áitiúil leas as an infheistíocht shuntasach bhliantúil a chuirfear ar fáil as seo go ceann seacht mbliana chun cabhrú le feidhmiú rathúil an phlean,” a dúirt sé.

“Tréaslaím le Coiste Pleanála Teanga an Eachréidh as an obair mhór atá déanta acu chun an plean a ullmhú agus guím gach rath orthu lena chur i bhfeidhm.”

Tá pleananna teanga fós le faomhadh i gcás seacht gcinn de na Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta; Toraigh agus An Ghaeltacht Láir i nDún na nGall; Cléire i gCorcaigh; Maigh Eo Thiar; Oirthear Chathair na Gaillimhe, Bearna agus Cnoc na Cathrach, agus Oileáin Árann i nGaillimh.

Tá trí cinn de na pleananna sin á meas ag an Roinn faoi láthair, tá trí phlean eile á meas ag Údarás na Gaeltachta agus tá plean amháin fós á ullmhú.

Tá 18 oifigeach pleanála teanga agus triúr oifigeach pleanála teanga cúnta fostaithe faoin gcóras go dtí seo.

Leitir Ceanainn agus an Daingean an chéad dá bhaile a bhain aitheantas amach mar bhailte seirbhíse Gaeltachta agus a bpleananna teanga ceadaithe ó mhí Lúnasa.

Tá an plean teanga i leith Chathair na Gaillimhe á bhreithniú ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair ach tá díomá agus frustrachas léirithe ag lucht pleanála teanga agus ag polaiteoirí faoin moill atá ag baint le haontú an phlean.

Tá pleananna teanga á n-ullmhú i sé cinn de bhailte eile faoi láthair – An Clochán Liath, Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín, Corcaigh, Dún Garbhán & Trá Lí.

Tá trí Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas – Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin.

Níos mó

Gradam buaite ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus aitheantas tugtha do dhuine de mhórGhaeil Bhéal Feirste

Tá gradam buaite ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste as an obair a rinne siad le linn na paindéime.

Bronnadh gradam Coinnigh an Misneach Fhoras na Gaeilge ar an gCultúrlann ag searmanas bronnta Ghradaim na hAislinge le déanaí.

Bunaíodh na gradaim chun aitheantas a thabhairt dóibh siúd a bhfuil obair déanta acu ar son an phobail i mBéal Feirste.

Tugadh aitheantas speisialta i mbliana dóibh siúd a chuir seirbhísí ar fáil don phobal le linn na paindéime Covid-19. Bronnadh gradam na Gaeilge ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich as an obair a rinne siad chun imeachtaí a chur ar fáil le linn na dianghlasála.

“Tá an Chultúrlann fréamhaithe sa phobal agus ba thosaíocht, agus cúis áthais, dúinn go raibh muid ábalta soláthar leathan ealaíon, oideachais agus siamsaíochta a chur ar fáil do gach duine sa phobal, agus go bhfuil go fóill. B’ábhar mór sásaimh dúinn a bheith in ann comhoibriú le healaíontóirí agus éascaitheoirí iontacha le linn na paindéime,” a dúirt Brónagh Fusco, Bainisteoir Imeachtaí Chultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Mhol Gráinne Ní Ghilín, Stiúrthóir na Cultúrlainne, an fhoireann go hard as an obair a rinne siad i mbliana.

“Ní raibh lá moille ar fhoireann na Cultúrlainne dul i ngleic leis an dúshlán ollmhór a bhain le clár iomlánaíoch, inspioráideach ealaíon agus cultúir a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin i bhfoirm dhigiteach ar líne, agus laincisí orthu i rith an ama nach bhfacthas a leithéid riamh. Sháraigh siad na constaicí cumarsáide a bhain le bheith ag obair sa bhaile scartha amach óna chéile, agus d’fhoghlaim siad scileanna nua teicniúla go fonnmhar.

“Ní hamháin gur fhreastail siad ar phobal na Cultúrlainne, daoine de gach aois atá ag tarraingt ar an áit le tamall, ach d’éirigh leo lucht féachana nua a mhealladh fud fad na tíre, agus as achan chearn den domhan go deimhin. Molaim a ndúthracht agus a ndiongbháilteacht.”

Rinne Ní Ghilín comhghairdeas leis na grúpaí Gaeilge eile a bhí ar an ghearrliosta, Ionad Uíbh Eachach, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain agus Glór na Móna.

Tugadh aitheantas ar leith do Fergus Ó hÍr ag na gradaim agus é curtha le Rolla Onóra Ghradaim na hAislinge. Bhí Ó hÍr ina bhainisteoir ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste go dtí le gairid agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an stáisiúin raidió pobail.

Bhí sé ina bhunaitheoir agus ina phríomhoide freisin ar Mheánscoil Feirste, a bhíodh lonnaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich tráth.

Thréaslaigh Gráinne Ní Ghilín a ghradam le Ó hÍr thar ceann na Cultúrlainne.

“Tá lúcháir mhór ar fhoireann na Cultúrlainne go bhfuil Fergus Ó hÍr curtha le Rolla Onóra Ghradaim na hAislinge. Níl deireadh leis na gaiscí atá déanta ag Fergus ar son phobal na Gaeilge le tuairim is leathchéad bliain anuas i réimsí éagsúla, oideachas agus craoltóireacht san áireamh, gan ach cúpla ceann a lua.

“Mar phríomhoide ar Mheánscoil Feirste, a bhíodh lonnaithe sa Chultúrlann sna 1990idí, chuidigh sé leis an scoil fás agus bláthú. Chuir sé dúshraith daingean faoi Raidió Fáilte fosta, atá anois lonnaithe i bhfoirgneamh suntasach, saincheaptha den chuid is nua-aimseartha gar do lár na cathrach.

“Níl Gael sa chathair nár imir Fergus dea-thionchar orthu. Gabhaimid comhghairdeas leis as áit a bhaint amach ar an Rolla Onóra agus gabhaimid buíochas ó chroí as a bhfuil déanta aige. Guímid gach rath air sa todhchaí.”

Níos mó

329 cás nua den choróinvíreas fógartha, ochtar eile básaithe

Tá 329 cás nua den choróinvíreas fógartha inniu ag an Roinn Sláinte. Ochtar eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

34 cás a bhí i nDún na nGall, deich gcás a bhí i gcontae na Mí agus naoi gcás a bhí i Maigh Eo. Ocht gcás a bhí i gCiarraí, seacht gcás a bhí i gCorcaigh agus cúig chás a bhí i bPort Láirge. Bhí níos lú na cúig chás i gceist i nGaillimh.

Bhain 86 den 329 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

196 duine a bhfuil an víreas orthu atá sna hospidéil agus tá 31 duine acusan in aonad dianchúraim.

Tá ráta coicíse an ghalair sa stát anois ag 85 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an ráta is airde sa tír i nDún na nGall – 237. Ráta 108 atá i Maigh Eo, 78 atá i bPort Láirge agus 63 atá i gcontae na Mí. Ráta 48 atá i nGaillimh, 33 atá i gCiarraí agus 25 atá i gCorcaigh.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh seisear eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 486 cás nua a bhí le fógairt acu tráthnóna.

444 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 33 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 104% de na leapacha ansin lán inniu.

Tá ráite ag Aire Sláinte Thuaisceart Éireann, Robin Swann go bhfuil sé chun srianta breise a mholadh nuair a thiocfaidh feidhmeannais Stormont le chéile níos deireanaí an tseachtain seo.

Dúirt an tAire Swann go bhfuil líon na gcásanna nua seasmhach ach go raibh na figiúirí fós ró-ard in ainneoin na tréimhse dianghlasála a bhí i dTuaisceart Éireann le gairid.

Táthar ag súil go bhfaighidh an chéad dream an tsnáthaid in aghaidh an Covid-19 roimh dheireadh na bliana seo. An tAire Sláinte Stephen Donnelly a thug an méid sin le fios inniu ag seoladh phlean vacsaínithe an stáit.

Bhí sé i gceist ag an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a mbeannacht a thabhairt do vacsaín Pfizer/BioNTech ar an 29 Nollaig ach fógraíodh inniu gur dócha gur ar an 21 Nollaig a dhéanfar sin. D’fhágfadh sin go mbeadh an chéad bhaisc réidh le dáileadh sa stát in 2020 seachas luath mí Eanáir 2021.

Faoin bplean vacsaínithe nua cuirfear vacsaíní ar fáil i dtrí chéim. Sa chéad chéim tabharfar vacsaín do na daoine is leochailí, sa dara céim tosófar ar mhórdháileadh na vacsaíní agus sa tríú céim beidh vacsaín ar fáil d’aon duine atá á lorg.

3,269 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,134 duine ó dheas den teorainn agus 1,135 duine ó thuaidh di.

135,897 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 76,776 cás ó dheas agus 59,121 ó thuaidh.

Níos mó

Súil go bhfaighidh an chéad dream an tsnáthaid in aghaidh Covid-19 roimh dheireadh 2020

Táthar ag súil go bhfaighidh an chéad dream an tsnáthaid in aghaidh an Covid-19 roimh dheireadh na bliana seo.

An tAire Sláinte Stephen Donnelly a thug an méid sin le fios inniu ag seoladh phlean vacsaínithe an stáit.

Bhí sé i gceist ag an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a mbeannacht a thabhairt do vacsaín Pfizer/BioNTech

ar an 29 Nollaig ach fógraíodh inniu gur dócha gur ar an 21 Nollaig a dhéanfar sin.

D’fhágfadh sin go mbeadh an chéad bhaisc réidh le dáileadh sa stát in 2020 seachas luath mí Eanáir 2021.

Faoin bplean vacsaínithe nua cuirfear vacsaíní ar fáil i dtrí chéim. Sa chéad chéim tabharfar vacsaín do na daoine is leochailí, sa dara céim tosófar ar mhórdháileadh na vacsaíní agus sa tríú céim beidh vacsaín ar fáil d’aon duine atá á lorg.

“An-lá is ea é seo dúinn ar fad. I ndiaidh bliain a bhí an-deacair, tá dóchas againn go mbeidh vacsaíní Covid-19 ar fáil in Éirinn taobh istigh de roinnt seachtainí,” arsa an tAire Sláinte Stephen Donnelly agus an plean á sheoladh aige.

Dúirt an Príomhoifigeach Sláinte, an Dr Tony Holohan gur dea-scéal a bhí ann ach nach bhfeicfí lorg na vacsaíní go ceann roinnt míonna. San idirlinn, chaithfí fós beatha daoine a shábháil trí chloí leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí, a dúirt an Dr Holohan.

Dúirt cathaoirleach an Tascfhórsa speisialta a d’ullmhaigh an plean, an tOllamh Brian MacCraith go raibh tástálacha diana fós á gcur ar roinnt de na vacsaíní eile.

Leagtar amach sa phlean an próiseas a bhainfidh le vacsaín a fháil. I dtús báire beidh ort foirm réamhvacsaínithe a líonadh isteach le clárú chun an tsnáthaid a fháil. Ansin beidh ort clárú ag an ionad vacsaínithe, an vacsaín a fháil agus tréimhse scíthe a chaitheamh ansin. Agus sin déanta síneoidh tú amach as an ionad, rachaidh tú abhaile agus coinneoidh tú súil ort féin. Gheobhaidh tú meabhrú ansin faoin dara dáileog den vacsaín a fháil.

Leagtar amach sa phlean a foilsíodh tráthnóna i mBéarla amháin, clár vacsaínithe an Rialtais agus an t-údar leis na grúpaí tosaíochta:

  • Daoine Fásta os cionn 65 atá ina gcónaí in ionaid chúraim. An vacsaín á tairiscint do gach duine – foireann is cónaitheoirí. Baol níos mó ón víreas go mbeidís an-tinn nó go maródh sé iad. 56% de na daoine a chuir an víreas den saol sa chéad mhaidhm ba in ionaid chúraim a bhíodar.
  • Oibrithe Sláinte a bhíonn i ndlúth-theagmháil le hothair. An-bhaol ar oibrithe sláinte a bhíonn i ngartheagmháil le hothair, iadsan a bheidh ag vacsaíniú nó atá i mbaol ó aerasól nó sreabhán coirp. Oibrithe sláinte ab ea 30% de na daoine a tholg an víreas sa gcéad ráig.
  • Daoine atá os cionn 70 bliain: 85 bliain nó os a chionn, 80-84, 75-79, 70-74. Baol níos mó ón tinneas agus ón mbás.
  • Oibrithe sláinte nach mbíonn i dteagmháil dhíreach le hothair ach a chuireann seirbhís riachtanach ar fáil.
  • Daoine idir 65-69. Tús áite do dhaoine a bhfuil fadhb shláinte acu a chuireann i mbaol breise iad. Baol níos mó go mbeidís in ospidéil nó go maródh an galar iad.
  • Oibrithe riachtanacha. Cuireann siad seirbhísí riachtanacha ar fáil don chlár vacsaínithe.
  • Daoine idir 18-64 a bhfuil fadhb shláinte acu a chuireann i mbaol iad. Baol níos mó go mbeidís in ospidéil.
  • Daoine idir 18-64 a chónaíonn in ionaid chúraim fhadtéarmacha. Baol scaipthe níos mó.
  • Daoine idir 18-64 a chónaíonn i lóistín plódaithe nach éasca féinleithlisiú ná scaradh sóisialta a dhéanamh ann.
  • Grúpaí sochdheimeagrafacha faoi mhíbhuntáiste atá i mbaol rátaí níos airde ionfhabhtaithe.
  • Oibrithe riachtanacha i bpoist riachtanacha nach féidir leo baol an Covid-19 a sheachaint. Oibrithe sa chóras soláthar bia, córas iompair poiblí agus tráchtála, agus seirbhísí riachtanacha eile.
  • Daoine atá in an-bhaol ón ngalar agus nach féidir leo scaradh sóisialta a chleachtadh ag a gcuid oibre. Daoine atá ag obair sa chóras oideachais – foirne bunscoile agus meánscoile, cúntóirí riachtanais speisialta, oibrithe cúram leanaí, oibrithe cothabhála scoile, tiománaithe busanna scoile srl.
  • Daoine idir 55-64. Iadsan atá i mbaol go mbeadh cúram ospidéil uathu.
  • Daoine atá ag obair i bpoist atá tábhachtach le go bhfeidhmeodh an tír, institiúidí tríú leibhéal, tionscal na fóillíochta agus na déantúsaíochta sa gcás nach féidir le hoibrithe iad féin a chosaint go héasca ar an víreas. Baol measartha ann go dtolgfaidís an víreas.
  • Daoine idir 18-54 nach raibh an vacsaín ar fáil dóibh sna céimeanna eile. Sa gcás go bhfaightear amach go stopann an vacsaín an víreas ag scaipeadh, ba cheart í a chur ar fáil don aoisghrúpa seo toisc gur mó daoine a mbuaileann siad leo go sóisialta agus gur mó a scaipeann an galar dá bharr.
  •  Leanaí, déagóirí faoi 18 agus mná atá ag iompar, má bhíonn fianaise ann go bhfuil an vacsaín sábháilte agus éifeachtach.

Chinn an Rialtas chomh maith inniu scéim chúitimh ‘gan locht’ do dhaoine a éiríonn tinn i ndiaidh dóibh an tsnáthaid a fháil.

Luaitear sa phlean cúig chineál láithreach do dháileadh na vacsaíní – ospidéil agus ionaid sláinte eile, tithe altranais, mór-ionaid vacsaíne, clinicí dochtúirí teaghlaigh agus cógaslanna pobail.

Daoine os cionn 65 atá ina gcónaí go fadtéarmach in ionaid chúraim agus oibrithe sláinte an chéad dá dhream a dtabharfar an tsnáthaid dóibh.

Meastar nach mbeidh ach líon teoranta vacsaíní ar fáil i dtús na hathbhliana ach go mbeidh dóthain ann do na daoine a bhfuil tús áite á thabhairt dóibh.

Beidh níos mó vacsaíní ar fáil mí Mhárta, Aibreáin agus Bealtaine de réir mar a bheidh níos mó acu ar fáil ó lucht a ndéanta.

I ndeireadh an earraigh agus tús an tsamhraidh a osclófar na mór-ionaid vacsaínithe in áiteanna amhail Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath.

Táthar ag súil go mbeidh córas nua ar líne ar fáil roimh dheireadh na bliana a cheadóidh do dhaoine clárú chun an chéad agus an dara dáileog den vacsaín a fháil.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “comhiarracht mhór náisiúnta” a bheadh i ndáileadh na vacsaíní. Bheadh an plean vacsaínithe “ríthábhachtach” maidir le dul i ngleic leis an Covid-19 agus deis a thabhairt do dhaoine an gnáthshaol a bhíodh acu a chaitheamh arís, a dúirt an Taoiseach.

Níos mó

FÍSEÁN: ‘Gruaig na mBan Dubh’ le Wuraola Majekodunmi

Seo píosa a scríobh Wuraola Majekodunmi a foilsíodh sa leabhair ‘Meascra ón Aer’ le Marcus Mac Conghail.

“Scríobh mé an dán seo le mo mhothúcháin agus mo phaisean do mo ghruaig nádúrtha a chur chun cinn,” arsa Wuraola, “ní hamháin dom féin, ach do mhná dubha eile. Bítear de shíor dár gcáineadh mar gheall ar ár stíleanna difriúla gruaige agus is dán é seo leis sin a mhíniú agus ár n-áilleacht gruaige a thaispéaint. Níor thaitin mo ghruaig nadúrtha liom i gcónaí ach tá mé sa phróiseas anois grá a thabhairt di”.

Níos mó

Plean náisiúnta vacsaínithe do 14.3 milliún dáileog le foilsiú

Foilseoidh an Rialtas tráthnóna an plean náisiúnta vacsaínithe chun dul i ngleic leis an Covid-19, plean chun 14.3 milliún dáileog a cheannach ó shé chomhlacht difriúla.

€112 milliún an costas atá á lua leis na vacsaíní agus cuirfear ar fáil saor in aisce iad.

Tascfhórsa speisialta faoi chathaoirleacht Bhrian MhicCraith, ollamh agus Gaeilgeoir líofa, a d’ullmhaigh an plean a bheidh ríthábhachtach san iarracht an Covid-19 a chur faoi chois.

Luaitear sa phlean cúig cineál láithreach do dháileadh na vacsaíní – ospidéil agus ionaid sláinte eile, tithe altranais, mór-ionaid vacsaíne, clinicí dochtúirí teaghlaigh agus cógaslainne pobail.

Daoine ós cionn 65 atá ina gcónaí go fadtéarmach in ionaid chúraim agus oibrithe sláinte an chéad dá dhream a thabharfar an tsnáthaid dóibh mí Eanáir.

Meastar nach mbeidh ach líon teoranta vacsaíní ar fáil mí Eanáir agus mí Feabhra ach go mbeidh dóthain ann do na daoine a bhfuil tús áite á thabhairt dóibh.

Beidh níos mó vacsaíní ar fáil mí Mhárta, Aibreáin agus Bealtaine de réir mar a bheidh níos mó acu ar fáil ó lucht a ndéanta.

Meastar gur i ndeireadh an earraigh agus tús an samhraidh a osclófar na mór ionaid vacsaínithe in áiteanna amhail Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath.

Táthar ag súil go mbeidh córas nua ar líne ar fáil roimh dheireadh na bliana a cheadóidh do dhaoine clárú chun an chéad agus an dara dáileog den vacsaín a fháil.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “comhiarracht mhór náisiúnta” a bheadh i ndáileadh na vacsaíní. Bheadh an plean vacsaínithe “ríthábhachtach” maidir le dul i ngleic leis an Covid-19 agus deis a thabhairt do dhaoine an gnáthshaol a bhíodh acu a chaitheamh arís, a dúirt an Taoiseach.

Tosófar ar an vacsaín Pfizer/BioNTech a thabhairt do dhaoine seachtain i ndiaidh don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a mbeannacht a thabhairt di.

Meastar go ndéanfaidh an EMA an méid sin ar 29 Nollaig rud a fhágann go mbeidh an chéad bhaisc réidh le dáileadh sa stát luath mí Eanáir. Déanfaidh an EMA cinneadh faoi vacsaín Moderna ar an 12 Eanáir.

Níos mó

Vacsaín COVID-19 seolta – tuairimí dochtúra

.embed-container { position: relative; padding-bottom: 56.25%; height: 0; overflow: hidden; max-width: 100%; } .embed-container iframe, .embed-container object, .embed-container embed { position: absolute; top: 0; left: 0; width: 100%; height: 100%; }

An tseachtain seo caite seoladh an chéad vacsaín i gcoinne víreas COVID-19. Vacsaín é seo a bhfuil an domhan ag fanacht leis le fada agus a fobraíodh in achar an-ghairid sa deireadh.

Tá scéalta ar na meáin shóisialta faoi lathair faoin chontúirt a bhaineann leis an vacsaín nua mar sin de bhuail Meon Eile isteach chuig oifig an Dr. Joseph Dugan in iarthar Bhéal Feirste le tuairimí s’aige a fháil ar an vacsaín agus le hábhar imní a mhaolú.

Is doctúir teaghlaigh é Dr. Dugan atá ag obair in earnáil na sláinte le níos mó ná 30 bliain. Ta súil aige go n-éistfidh an pobal leis na heolaithe agus go nglacfar lena gcomhairle.

Má tá níos mó eolais de dhíth ort faoi na vacsaíní, téigh anseo.

Níos mó

Ordú tugtha don Gharda Síochána seirbhís ateangaireachta Ghaeilge ar an láthair a bhunú

Tá treoir tugtha ag Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, seirbhís nua ateangaireachta Gaeilge a sholáthar le gur féidir le Gardaí in aon áit ar fud na tíre déileáil le daoine a dteastaíonn seirbhís trí Ghaeilge uathu.

Tá “ordú” tugtha ag an gCoimisinéir go socrófaí conradh “láithreach bonn” do sheirbhís nua ateangaireachta Gaeilge ar an nguthán le gur féidir freastal ar phobal na teanga.

Beidh an tseirbhís nua ar fáil go náisiúnta “ar thaobh an bhóthair nó i stáisiún” d’aon Gharda go dteastaíonn sin uathu le déileáil le daoine a dteastaíonn seirbhísí trí Ghaeilge uathu.

“Seo é an chéad uair go mbeidh córas foirmeálta curtha i bhfeidhm chun seirbhís ateangaireachta a chur ar fáil faoi chonradh tríú páirtí” a thug an Coimisinéir Harris le fios don Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, i litir a bhfuil cóip di seolta aige freisin chuig Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTithe an Oireachtais.

Tá ordú tugtha freisin ag an gCoimisinéir Harris go gcaithfear na Gardaí ar fad a earcaíodh trí shruth Gaeilge an fhórsa a aistriú chuig stáisiúin Ghaeltachta nuair a bhíonn a gcuid oiliúna críochnaithe acu.

Bunaíodh an sruth earcaíochta Gaeilge le cur le líon na nGardaí le Gaeilge líofa de bharr gearán a rinneadh le hOifig an Choimisinéara Teanga sa bhliain 2011 faoina laghad Gardaí le Gaeilge a bhí ar dualgas i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall.

Dúirt an Coimisinéir Harris go raibh “díomá” air go raibh 18 comhalta as an 55 a earcaíodh tríd an sruth Gaeilge curtha ar dualgas i ranna de chuid an Gharda Síochána nach raibh aon cheantar Gaeltachta iontu.

Dúirt sé go raibh iarrtha aige go leathnófaí “ar an bpointe boise” Painéal Inniúlachta Gaeilge an fhórsa chun gach Garda a bhfuil “líofacht acu sa Ghaeilge” agus atá ag iarraidh aistriú chuig ceantar Gaeltachta a chur san áireamh sa phainéal sin.

Thug sé míniú ina litir ar na cúiseanna leis an scéala nár cuireadh gach Garda le Gaeilge líofa a earcaíodh chuig limistéir ina raibh ceantair Ghaeltachta.

Dúirt sé nuair a cuireadh deireadh leis na srianta earcaíochta tar éis an chliseadh eacnamaíochta gur tugadh tosaíocht do na ceantair sin a raibh an riachtanas is mó acu ó thaobh Gardaí, Rinneadh sin, a dúirt Harris, ar mhaithe le sprioc na heagraíochta an pobal “a choinneáil sábháilte” a bhaint amach.

Tháinig laghdú iomlán de 1,768 ar líon na gcomhaltaí san fhórsa idir 2009 agus 2014, a dúirt sé. D’admhaigh sé go raibh an plean daoine a earcaíodh tríd an sruth Gaeilge a chur chuig stáisiúin oiliúna i gceantair Ghaeltachta “thíos Ieis seo”.

Dúirt an Coimisinéir Harris gur mhian leis “aird a tharraingt ar an dúshlán is mó” atá os a chomhair – “níl dóthain Gardaí againn, Ie líofacht sa Ghaeilge, ag iarraidh a bheith ag fónamh i stáisiúin Ghaeltachta, seachas roinnt eisceachtaí i gcuid de na stáisiúin i nGaillimh agus i gCorcaigh.”

Dúirt sé gur dúshlán ó thaobh acmhainní foirne é cothromaíocht a aimsiú idir Gardaí a bhfuil líofacht Ghaeilge acu agus dáileadh Gardaí ar cheantair Ghaeltachta.

Mheabhraigh sé freisin gur cuireadh stop in 2012 leis an ‘liúntas Gaeltachta’ d’earcaigh nua, íocaíocht a raibh cearta pinsin ag dul leis agus a bhí “luachmhar” chun comhaltaí le Gaeilge a mhealladh chuig stáisiúin Ghaeltachta “go háirithe na stáisiúin a bhí i gceantair iargúlta”.

“Níl mórán féidearthachtaí ann go dtabharfar an liúntas seo ar ais,” a dúirt Harris.

Dúirt sé gur ceangal eile ar sheoladh Gardaí le Gaeilge chun na Gaeltachta é an beartas náisiúnta a chuireann srian ar Gharda a bheith lonnaithe “i bhfoisceacht 35km dá n-áit chónaithe nó d’áitreabh ceadaithe d’aon ghaol leo nó d’aon ghaol lena bpáirtí céile”, srianta atá i bhfeidhm “chun tionchar teaghlaigh a laghdú” agus chun “neamhchlaontacht sa phóilíneacht” a chinntiú.

Dúirt sé go raibh sé mar pholasaí ag an nGarda Síochána na comhaltaí a earcaítear tríd an sruth Gaeilge a chur chuig “stáisiúin mhóra oiliúna” ar dtús le go mbeadh deiseanna acu foghlaim agus taithí a fháil agus go n-aistreofaí iad ina dhiaidh sin chuig stáisiúin Ghaeltachta nó stáisiúin a fhreastalaíonn ar Ghaeltacht.

Dúirt an Coimisinéir Harris ina litir gurb é an réiteach fadtéarmach atá ann ná “earcaigh le Gaeilge a fhostú agus a leithdháileadh mar is cuí” agus “comhaltaí seanbhunaithe Ie Gaeilge a mhealladh chun iarratas aistrithe a dhéanamh chuig ceantair Ghaeltachta”.

Dhearbhaigh sé freisin “go leanfaidh an sruth Gaeilge ar aghaidh mar ghné fhíorthábhachtach dár gcomórtais earcaíochta sa todhchaí” agus go gcuirfí comhaltaí a d’earcófaí tríd an sruth seo ar an bPainéal Inniúlachta Gaeilge, a bunaíodh Ie gairid, “gan teip”.

“Is féidir liom a dhearbhú go leithdháilfear aon chomhalta a thagann isteach tríd an sruth seo chuig stáisiún oiliúna i Roinn Ie ceantar Gaeltachta ann, chomh fada agus nach mbíonn cúinsí eisceachtúla ann a chuireann bac leis seo,” a dúirt sé.

Tagraíodh do litir Choimisinéir an Gharda Síochána ag an gcruinniú is deireanaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTeach Laighean agus dearbhaíodh arís go raibh súil ag an gcomhchoiste go dtiocfadh an Coimisinéir Harris ina láthair le cás na teanga sa bhfórsa a phlé.

Chuir Oifig an Choimisinéara Harris ceist ar Choiste Oireachtais na Gaeilge an mbeadh súil fós lena theacht i láthair an Chomhchoiste an rabhthas fós ag iarraidh go dtiocfadh Harris os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge nó arbh leor an méid a bhí sa litir chuig an gCoimisinéir Teanga. Chinn an comhchoiste go gcloífí leis an gcuireadh a bhí tugtha dó teacht ina láthair. Meastar gur san athbhliain a tharlóidh an cruinniú sin.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta