Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Year: 2020

The Nobody Zone | Podchraoladh na Seachtaine

Tá leagan Gaeilge de ‘The Nobody Zone’ roghnaithe mar phodchraoladh na seachtaine seo.

I ndomhan dearmadta an Underground i Londain, éiríonn le hÉireannach gan dídean scata daoine a mharú, gan aird ar bith air, ná ar a choireanna.

“Seo fíorscéal coiriúil, sraith sé heagrán ar fad, ó RTÉ in Éirinn agus Third Ear sa Danmhairg.”

Éist leis an bpodchraoladh deireanach thíos: “Filleann muid ar chéad íospartach de Kieran Kelly mar go bhfuil fianaise nua tagtha chun solais. Traein. Bás. Scéal.”

Is i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta atá an leagan dátheangach seo léirithe.

Caith súil ar na podchraoltaí Gaeilge ar fad anseo

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-amhran-nua-ag-an-bhfile-marcas-mac-an-tuairneir-‘fichead-‘s-a-h-ochd’

Amhrán nua ag an bhfile Marcas Mac an Tuairneir ‘Fichead ‘s a h-Ochd’

Bíonn Mòrbheinn Mhèinnearach, as Calasraid na hAlban, ag scríobh dúinn go dátheangach, i nGàidhlig agus i nGaeilge, ina colún rialta. Inniu, tá tuairisc aici dúinn ar an amhrán nua ón bhfile Gàidhlig Marcas Mac an Tuairneir. Tá an téacs i nGaeilge faoin bhfíseán thíos.

“Bha mi airson am beàrn sin a lìonadh,” thuirt Marcas agus e ag innse dhomh mun chlàr ùr aige ‘Fichead sa h-ochd’. Tha e ceart, chan eil mòran nuadh-cheòl ri fhaighinn air saoghal na Gàidhlig, coltach ri na leithid a th’ aca ann an Èirinn (Kneecap, Imlé,) neo fiù ’s sa Chùirn (Gwenno). Chan fhaic thu Fichead sa h-Ochd ri taobh Mariah ann an charts na Nollaige seo ach gheibhear teachdaireachd a tha gu sonraichte poilitigeach. 

Ma dh’èisteas sibh ri Fichead sa h-ochd gheibh sibh blasad air ceòl binn Mharcais (crìochaiche a’ bhuinn-òir aig a’ Mhòd) am measg bhuillean nostalgach leatronaigeach. Tha teachdaireachd poilitigeach air cùlaibh a’ phròiseact seo – a chaidh a mhaoineachadh le Leabharlann Nàiseanta na h-Alba – mu stèidheachadh Foghlam tro Mheadhan na Gàidhlig ann an coimeas ri Earrann a 28. Chaidh am pìos reachdais seo a chur air dòigh ann an 1988 airson casg a chur air “the teaching in any maintained school of the acceptability of homosexuality as a pretended family relationship” sna sgoiltean.

Doirbh a chreidsinn nach deach seo a chur à bith gu ruige 2000… 

Ma choimheadas sibh air a’ bhideo-chiùil a chaidh a dhèanamh airson ‘Fichead sa h-Ochd’, chìthear measgachadh de h-ìomhaighean bho na h-ochdadan; Maggie Thatcher, Calum Kennedy, Poileas, is na h-eileanan. Tha seo uile a’ dèanamh coimeas socair ach làidir air àm dòchasach is èiginneach do na Gàidheil. 

Chanainn gu bheil gu leòr airgead aig Mrs Carey an Nollaig seo. Na h-àite carson nach èist sibh ri Fichead sa h-Ochd, dòchas na Gàidhlig san 21mh linn

Gheibhear an òrain seo air iTunes, Amazon, Apple Music, Spotify, is gach àit far am faighear ceòl.

“Bhí mé ag iarraidh an bhearna sin a líonadh,” a dúirt Marcas Mac an Tuairneir agus é ag insint dom faoin singil nua atá aige ‘Fichead ‘s a h-Ochd’Tá an ceart aige, níl mórán nuacheol ar fáil  i saol na Gàidhlig, cosúil lena bhfuil acu in Éirinn (Kneecap agus Imlé) nó fiú i gCorn na Breataine (Gwenno). Ní fheicfear ‘Fichead ‘s a h-Ochd’ taobh le Mariah i gcairteacha na Nollag seo ach gheofar ann teachtaireacht shuntasach pholaitiúil. 

Éist le ‘Fichead sa h-ochd’ agus gheobhaidh tú blaiseadh ar cheol binn Mharcais (buaiteoir an bhoinn óir ag an Mhòd) sna buillí cumhacha leictreonacha. Tá teachtaireacht pholaitiúil ar chúl an tionscadail seo, a fuair maoiniú ó Leabharlann Náisiúnta na hAlban, faoi bhunú an Oideachais trí Mheán na Gaeilge (GME) i gcomparáid le “Earrann a 28”. Tugadh an píosa seo reachtaíochta isteach in 1988 le cosc a chur ar “the teaching in any maintained school of the acceptability of homosexuality as a pretended family relationship”. 

Deacair a chreidiúint nár aistarraingíodh an reacht seo go dtí an bhliain 2000.

Má bhreathnaítear ar an bhfíseán ceoil a rinneadh ar son ‘Fichead ‘s a h-Ochd’, feictear meascán d’íomhánna óna 1980idí: Maggie Thatcher, Calum Kennedy, póilíní, agus na hoileáin [Ghaeltachta]. Tá sé seo uile ag déanamh comparáid shocair, ach láidir, ar am dóchasach agus ríthábhachtach do na Gaeil. 

Déarfainn go bhfuil go leor airgid ag Ms Carey an Nollaig seo. Ina háit, cén fáth nach n-éistfeá le ‘Fichead ‘s a h-Ochd’, dóchas na Gàidhlig san 21ú hAois. Gheofar an t-amhrán seo ar iTunes, Amazon, Apple Music, Spotify agus gach áit ina bhfaightear ceol.

Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-boinn-oir-le-bronnadh-ar-chumainn-clg-i-gconamara-agus-i-mbeal-feirste-as-a-gcuid-oibre-chun-an-ghaeilge-a-chur-chun-cinn

Boinn óir le bronnadh ar chumainn CLG i gConamara agus i mBéal Feirste as a gcuid oibre chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Tá 48 bonn á mbronnadh ar chlubanna CLG ar fud na tíre an tseachtain seo as an obair atá déanta acu leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Tá na boinn á mbronnadh mar chuid d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, an scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael.

Cuireann an fhondúireacht deontais ar fáil do chumainn atá cláraithe leis an scéim chun gníomhaíochtaí a chuireann an teanga chun cinn a chur i gcrích. Tá 70 gníomh leagtha amach chun clubanna a mheas le haghaidh bonn a thuilleamh.

Tá an gradam is airde, an bonn óir, bainte amach ag trí chumann i mbliana, sin iad Naomh Anna, Leitir Móir agus Micheál Breathnach i gConamara, agus Naomh Éanna, Gleann Ghormlaithe, i gcontae Aontroma.

Ní mór do chumann 80% de na gníomhaíochtaí a chomhlíonadh chun bonn óir a bhaint amach.

Bhain 12 cumann an bonn airgid amach agus ar a laghad 50% de na gníomhaíochtaí comhlíonta acu. Bhí sé chumann Gaeltachta ina measc – Cumann Caide na Gaeltachta agus Daingean Uí Chúis i gCiarraí; Carna-Caiseal agus Cumann Pheil na mBan Mhaigh Cuilinn i gcontae na Gaillimhe; Cloich Cheann Fhaola i nDún na nGall; agus Cill Chomáin i gcontae Mhaigh Eo.

33 bonn cré-umha de chuid na Fondúireachta a bhronnfar ar chlubanna an tseachtain seo. Tá ceithre chumann Gaeltachta i measc an 29 cumann a chomhlíon 25% nó níos mó de na gníomhaíochtaí – Na Dúnaibh agus Naomh Muire, Íochtar na Rosann i nDún na nGall chomh maith le hOileáin Árann agus Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach i gcontae na Gaillimhe.

Rinne Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Seán Ó hÓráin, comhghairdeas leis na clubanna ar fad a bhain boinn amach as an obair atá déanta acu ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn i mbliain dhúshlánach 2020.

“Tá éacht mór déanta acu uile an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid clubanna. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh ach go háirithe leis na trí chlub ar éirigh leo an bonn óir a bhaint amach. Cumann Naomh Anna, Leitir Móir, Cumann Micheál Breathnach, Indreabhán, agus CLG Naomh Éanna, Gleann Ghormlaithe. Tá ról fíorthábhachtach ag an nGaeilge i gCumann Lúthchleas Gael agus molaim go mór a gcuid oibre agus an dea-shampla atá leagtha síos acu,” arsa Uachtarán CLG.

196 cumann ar fad a ghlac páirt i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha i mbliana, méadú 45% ar an líon a ghlac páirt in 2019. Is í seo an ceathrú bhliain a reáchtáladh an scéim agus deir Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael, go bhfuil sí ag dul ó neart go neart.

“Is cúis mhór áthais dúinn go bhfuil líon na gclubanna atá páirteach sa scéim ag dul i méid bliain i ndiaidh bliana agus go bhfuil siad chomh tiomanta agus chomh díograiseach leis an teanga a chothú sa spórt.”

Is in ómós d’iarUachtarán CLG Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht.

Bonn Óir:

Naomh Éanna CLG, Gleann Ghormlaithe Co. Aontroma
Naomh Anna Leitir Móir CLG Co. na Gaillimhe
Cumann Mícheál Breathnach CLG Co. na Gaillimhe

Bonn Airgid:

An Bheart CLG Co. Dhún na nGall
Cumann Báire Setanta CLG Co. Bhaile Átha Cliath
Cumann Caide na Gaeltachta CLG, Baile na nGall Co. Chiarraí
Cloich Cheann Fhaola, CLG Co. Dhún na nGall
Cill Chomáin CLG Co. Mhaigh Eo
Cumann Liathróid Láimhe, Eanach Cuan (Dhúin) Co. na Gaillimhe
Naomh Colmcille CLG, Baile an Bhiataigh, an Mhí Co. na Mí
Áit Tí Chathail CLG Co. an Dúin
Fine Ghallainn, CLG Co. Átha Cliath
Carna Caiseal CLG Co. na Gaillimhe
Daingean Uí Chúis, CLG, An Daingean Co. Chiarraí
Cumann Pheil na mBan, Maigh Cuilinn Co. na Gaillimhe

Bonn Cré-umha:

Naomh Séamas CLG Co. Aontroma
Cumann Naomh Pádraig, Droichead Mhaigh Eo Co. an Dúin
Na Dúnaibh CLG Co. Dhún na nGall
Naomh Muire, Íochtar na Rosann CLG Co. Dhún na nGall
Oileáin Árann CLG Co. na Gaillimhe
Long Cogaidh CLG Co. Átha Cliath
Naomh Fionnbarra, Cabrach. Co. Átha Cliath
Gaeil Raghnallach Co. Átha Cliath
Atháin CLG, Lios na Graí Co. Luimnigh
Cúl CLG Co. Chiarraí
Éire Óg, CLG, Inis Co. an Chláir
Cumann Peile Uí Chomhraí CLG Co. an Chláir
Lámh Dhearg CLG Co. Aontroma
Naomh Mochaí CLG Co. an Dúin
Ard Cloch CLG Co. Chill Dara
Gort na Móna Co. Aontroma
Cluain Tarbh CLG Co. Átha Cliath
Oileán na hÉireann Co. Átha Cliath
Gaeil Triúcha CLG Co. Mhuineacháin
Éire Óg CLG, An Charraig Mhór (Iománaíocht) Co. Thír Eoghain
An Droim Mór CLG Co. Thír Eoghain
Seamróga CLG, Ros Liath Co. Fhear Manach
Naomh Colmcille CLG, An Charraig Mhór Co. Thír Eoghain
Baile Dic CLG Co. Chill Chainnigh
Cluain Dá Ghad CLG Co. an Chláir
Seanchill CLG Co. Átha Cliath
Na Solláin CLG Co. Chill Dara
Naomh Éanna Baile Buadáin Co. Átha Cliath
Seamróga Chonachadh, CLG Co. Chill Chainnigh
Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach Co. na Gaillimhe
Na Mistéalaigh CLG, Caisleán an Bharraigh Co. Mhaigh Eo
Na Fíníní CLG Co. Chill Chainnigh
Carraig Seac CLG Co. Chill Chainnigh

Níos mó

Cluichí ceannais peile 2020: cé a bheidh ag ceiliúradh?

Nuair a smaoinítear ar spórt an tsamhraidh, is í an chraobh idirchontae agus turais teaghlaigh go Páirc an Chrócaigh is mó a thagann chun cuimhne go minic. De ghnáth faoin am seo den bhliain bíonn imreoirí fud fad na tíre ag ligean a scíthe, ag ullmhú don Nollaig agus iad imníoch cheana féin faoin traenail réamhshéasúir atá os a gcomhair sa bhliain úr.

Tá rudaí go hiomlán bun os cionn i mbliana áfach agus níor tosaíodh an séasúr idirchontae go dtí an 17ú Deireadh Fómhair – rud a chuir go mór leis an séasúr club le linn an tsamhraidh.

Tá an Nollaig chóir a bheith buaillte linn anois agus na cluichí ceannais idirchontae go fóill le himirt i ndúlaíocht an gheimhridh. Níl na gnáthshluaite istigh sna staideanna móra agus is aisteach an rud é guthanna na mbainisteoirí agus na héin a chloisteáil ar an teilifís agus muid cleachtaithe le huimhreacha os cionn 80,000 a fheiceáil i gceanncheathrú CLG.

An deireadh seachtaine seo, beidh Baile Átha Cliath agus foireann Mhaigh Eo ag imirt in éadan a chéile arís eile sa chluiche ceannais peile agus foireann na príomhchathrach ag dul don seú bua as a chéile.

Buailfidh mná Chorcaí le Baile Átha Cliath i gcluiche ceannais pheil an mban. Tá muid i ndiaidh dul chun cinn ollmhór a fheiceáil i mbliana i dtaca le mná spóirt agus is mór an trua nach féidir le slua a bheith i láthair ag an chluiche seo idir an dá fhoireann is láidre sa tír. An mbeidh na reibiliúnaigh in ann stop a chur le rath Bhaile Átha Cliath?

Labhair Kevin Cassidy, Máire Ní Bhraonáin agus Tadhg Corkery linn faoin séasúr peile ó thaobh na bhfear agus na mban de go dtí seo i mbliana agus chuala muid a dtuairimí faoi cé acu a bheas an bua an deireadh seachtaine seo i gcluichí ceannais na hÉireann.

Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-leath-den-phobal-ar-son-a-ngasuir-a-chur-chuig-scoil-lan-ghaeilge -–-pobalbhreith-naisiunta

Leath den phobal ar son a ngasúir a chur chuig scoil lán-Ghaeilge  – pobalbhreith náisiúnta

Roghnódh leath de phobal an stáit oideachas lán-Ghaeilge dá ngasúir dá mbeadh a leithéid ar fáil ina gceantar, de réir pobalbhreithe nua.

Léirítear i dtorthaí an tsuirbhé náisiúnta a rinne Kantar Millward Browne do Chonradh na Gaeilge go bhfuil tacaíocht láidir don ghaeloideachas i measc an phobail.

Dúirt 49% de dhaoine sa stát go roghnódh siad scoil lán-Ghaeilge dá ngasúir sa chás go mbeadh a leithéid ar fáil ina gceantar.

23% a dúirt amhlaidh sa Tuaisceart, de réir na pobalbhreithe.

Tá lucht an ghaeloideachais ag rá le fada nach bhfuil dóthain scoileanna ann chun freastal ar an éileamh atá ann ar an scolaíocht lán-Ghaeilge agus tabharfaidh torthaí na pobalbhreithe nua a thuilleadh armlóin dóibh agus scoileanna nua á n-éileamh acu.

73% ó dheas agus 54% ó thuaidh a dúirt gur cheart go mbeadh an deis ag gach páiste a fhaigheann a chuid oideachais bunscoile trí Ghaeilge leanúint lena oideachas iarbhunscoile trí Ghaeilge.

Tá sé aitheanta le fada go bhfuil an easpa iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ar cheann de na fadhbanna is mó le cur chun cinn an Gaeloideachais in Éirinn.

Dúirt 44% de dhaoine ó dheas agus 20% de dhaoine ó thuaidh go roghnódh siad naíolann Ghaeilge dá ngasúir dá mbeadh sí ar fáil ina gceantar.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, go léiríonn torthaí na pobalbhreithe an t-éileamh atá ann don scolaíocht lán-Ghaeilge agus an gá atá leis an bpolasaí don Ghaelscolaíocht atá beartaithe ag an Roinn Oideachais.

“Cuireann na figiúirí sa suirbhé seo bonn láidir faoin éileamh atá againn do pholasaí Stáit don oideachas lán-Ghaeilge – polasaí a bhí geallta ag an iarAire Oideachais i mí na Nollaig 2019 agus ag Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais,” a dúirt Ní Ghréacháin.

“Beimid ag súil leis go gcuimseoidh an polasaí seo plean agus cur chuige le cur leis an soláthar den oideachas lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal, mar aon leis an bhfreastal ar na luathbhlianta trí Ghaeilge. Cabhróidh an polasaí seo leis an Roinn freastal ar an éileamh an-mhór atá ar oideachas lán-Ghaeilge  agus atá dearbhaithe i dtorthaí suirbhé Kantar.”

D’fhógair an t-iarAire Oideachais Joe McHugh anuraidh athrú mór ar an gcóras bunaithe scoileanna a fhágfadh gur chóir go mbeadh sé níos éasca gaelscoil a bhunú feasta.

Tá an cheist maidir le bunú gaelscoileanna á plé ag Oifig an Choimisinéara Teanga leis an Roinn Oideachais ó chinn sé go raibh an reachtaíocht oideachais á sárú ag an Roinn i gcás bunú scoile i mBaile Átha Cliath.

Chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais an tAcht Oideachais, 1998 nuair nár cuireadh san áireamh a ndualgais reachtúla teanga “go cuí” sa phróiseas a bhain le roghnú pátrúin do bhunscoil nua a bhí le bunú i gceantar pleanála scoile Dhroim Conrach/Marino.

Mar thoradh ar an imscrúdú sin, mhol an Roinn go mbunófaí córas nua a d’fhágfadh nár ghá gur ag an bpátrún a bheadh ag lorg scoil Ghaeilge a bheadh an líon is mó léirithe spéise.

Faoi mholadh na Roinne bhunófaí dhá scoil – scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge – sa chás go gcruthófaí go raibh éileamh i measc céatadán áirithe tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge.

Tá lucht an ghaeloideachais ag súil go bhfeicfear toradh an pholasaí nua sin sna blianta amach romhainn.

Cé go raibh borradh faoin ngaeloideachas ar feadh blianta fada, tá laghdú mór tagtha ar líon na nGaelscoileanna nua atá á mbunú sa stát le roinnt blianta anuas.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur léir go bhfuil an pobal “i bhfad chun tosaigh ar na Rialtais thuaidh agus theas maidir leis na buntáistí cultúrtha agus oideachasúla” a bhaineann leis oideachas lán-Ghaeilge.

“Cuireann na torthaí in iúl nach bhfuil ag éirí leis na rialtais thuaidh agus theas freastal ar mhianta an phobail le breis Gaelcholáistí, Gaelscoileanna agus naíonraí a chur ar bun fud fad na hÉireann.

“Mar shampla, ní leor an freastal reatha atá á dhéanamh ag an Rialtas ó dheas mar a bhfuil níos lú ná 8% de dhaltaí bunscoile ag freastal ar Ghaelscoileanna agus níos lú ná 4% ag freastal ar Ghaelcholáistí nuair a thógtar san áireamh sa suirbhé Kantar go ndúirt 49% go roghnódh siad scoil a mhúineann trí mheán na Gaeilge dá mbeadh sí ar fáil ina gceantar.

“Táimid i bhfad ón soláthar sin a bheith ar fáil dóibh. Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna Norma Foley ó dheas agus ar an Aire Oideachais Peter Weir ó thuaidh gníomhú ar an mbearna sin a laghdú mar ábhar práinne.”

Is cuid iad na torthaí pobalbhreithe den tsraith taighde Céard é an Scéal?, sraith suirbhéanna atá á foilsiú ag an gConradh ó 2015.

Rinneadh scrúdú ar réimse leathan ábhar mar chuid den taighde agus beidh tuilleadh ábhar ó Céard é an Scéal? á fhoilsiú ar Tuairisc.ie sna seachtainí amach romhainn.

Ba chóir go mbeadh an deis ag gach páiste a fhaigheann a chuid oideachas bunscoile trí Ghaeilge leanúint lena oideachas iarbhunscoile trí Ghaeilge

Aontaíonn Ní Aontaíonn Níl a fhios/Gan freagra
Theas 73% 5% 22%
Thuaidh 54% 23% 24%

Foinse: Céard é an Scéal? Pobalbhreith Kantar Millward Browne do Chonradh na Gaeilge

Roghnóinn scoil a mhúineann trí mheán na Gaeilge dá mbeadh sí ar fáil i mo cheantar

Aontaíonn Ní Aontaíonn Níl a fhios/Gan freagra
Theas 49% 23% 29%
Thuaidh 23% 48% 30%

Foinse: Céard é an Scéal? Pobalbhreith Kantar Millward Browne do Chonradh na Gaeilge

Roghnóinn naíolann a reáchtáiltear trí Ghaeilge dá mbeadh sé ar fáil i mo cheantar

Aontaíonn Ní Aontaíonn Níl a fhios/Gan freagra
Theas 44% 23% 33%
Thuaidh 20% 47% 33%

Foinse: Céard é an Scéal? Pobalbhreith Kantar Millward Browne do Chonradh na Gaeilge

Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-na-tearmai-tagartha-a-ndreachtadh-d’athbhreithniu-ar-thoghchan-udaras-na-gaeltachta

Na téarmaí tagartha á ndréachtadh d’athbhreithniú ar thoghchán Údarás na Gaeltachta

Tá tús curtha leis an bpróiseas maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr Bhord Údarás na Gaeltachta.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Jack Cambers le fios i bhfreagra ar cheist Dála an tseachtain seo go bhfuil iarrtha aige ar oifigigh a roinne na téarmaí tagartha a dhréachtadh don athbhreithniú ar an Údarás atá geallta i gclár an rialtais.

“Tá dul chun cinn maith déanta cheana féin i dtaobh na hoibre seo agus táim ag súil le moltaí ina leith a fháil gan mhoill ionas go mbeifear in ann tús a chur leis an athbhreithniú sa bhliain nua,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers.

Tá brú á chur le tamall ag Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, ar an Aire Stáit fógra a dhéanamh faoin athbhreithniú, ach dhiúltaigh Chambers go dtí seo a rá cén uair a chuirfí tús leis an athbhreithniú.

Thug sé le fios roimhe seo chomh maith go raibh sé féin sásta le struchtúr Bhord an Údaráis mar atá.

Gheall ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh sé ina Thaoiseach, ach níor tháinig an gealltanas sin slán sna comhráite maidir le bunú an chomhrialtais. Ní ghealltar sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus an Comhaontas Glas ach go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.

Mar chuid den cheist Dála is déanaí aige faoin ábhar, d’fhiafraigh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin den Aire Stáit an raibh sé fós den tuairim go raibh struchtúr an Bhoird sásúil mar atá, ach níor thug an tAire aon fhreagra ar an gcuid sin den cheist.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-a-run-maidir-le-costas-a-logo-nua-scaoilte-ag-udaras-na-gaeltachta

A rún maidir le costas a lógó nua scaoilte ag Údarás na Gaeltachta

Tá a rún maidir lena lógó nua scaoilte ag Údarás na Gaeltachta.

Dhiúltaigh Údarás na Gaeltachta a rá le Tuairisc.ie níos túisce an mhí seo cén costas a bhí ar a lógó nua nó cén comhlacht a fostaíodh chun é a dhearadh.

Ach tá an t-eolas sin curtha ar fáil anois acu i bhfreagra ar cheist Dála a chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh ar Aire na Gaeltachta.

€3,800 móide cáin bhreisluacha a d’íoc an tÚdarás leis an gcomhlacht New Graphic, atá lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath, chun an lógó nua a chur ar fáil dóibh.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le fios gur roghnaigh an tÚdarás New Graphic chun an lógó a dhearadh toisc gurb iad a rinne an suíomh idirlín nua a fuair an eagraíocht Ghaeltachta i mbliana. Bhí an-chur amach ag New Graphic ar obair an Údaráis dá bharr.

Bhuaigh New Graphic an conradh chun suíomh idirlín nua a chur ar fáil don Údarás i gcomórtas oscailte ar etenders.ie.

Tá ceist curtha ag Tuairisc.ie ar Údarás na Gaeltachta cé mhéad a chosain an suíomh idirlín nua atá acu.

Níor reáchtáladh comórtas oscailte i gcás an lógó “de bharr an costas a bheith faoin tairseach chostais mar a bhaineann sé le rialacháin soláthair poiblí”.

Dhiúltaigh an tÚdarás an t-eolas sin a chur ar fáil do Tuairisc.ie níos túisce an mhí seo.

“Níl sé cuí ag an staid seo ainm an chomhlachta ná an costas a caitheadh leis a shonrú de bharr leochaileacht tráchtála. É sin ráite is féidir a dhearbhú gur déanadh an obair dheartha ar chostas íseal agus fíor-réasúnach,” a dúradh.

Dhá lógó a bhí ag Údarás na Gaeltachta go dtí seo, ceann a d’eascair ó bhrandáil Ghaeltarra Éireann a bhí ann nuair a bunaíodh an eagraíocht i 1980. Forbraíodh branda nua don eagraíocht i 1996.

Mar chuid de chomóradh 40 bliain na heagraíochta a beartaíodh lógó a fháil “a thabharfadh aitheantas d’fhéiniúlacht na Gaeltachta agus do ról an Údaráis inti” le dhá scór bliain anuas.

Suaitheantas a bhí uathu a leagfadh béim “ar nuálaíocht, ar cheannródaíocht agus ról lárnach an Údaráis i ngach a tharlaíonn sa Ghaeltacht”.

Dúirt urlabhraí ón Údarás go raibh dearadh an lógó nua “bunaithe ar an gcoincheap gur áit shainiúil í an Ghaeltacht agus go bhfuil Údarás na Gaeltachta fite fuaite i chuile ghné de shaol sin na Gaeltachta”.

Dúirt sé go raibh “cruth láidir, glan agus soiléir” ar an lógó ar chosúil é le “marcóir digiteach ar mhapa” rud a “cheanglaíonn” an tÚdarás “go dlúth leis an gceantar ar a bhfuil sé ag freastal”.

Mhaígh sé go dtugann an fíochán nó an sníomh atá ar na línte ag bun an mharcóra le fios “go bhfuil an eagraíocht fite fuaite i ngach a bhaineann leis an nGaeltacht” agus go dtugann an lógó “nod” freisin faoi chuid d’earnálacha traidisiúnta na Gaeltachta ar nós na fíodóireachta.

Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-bothar-as-gaillimh-go-ros-an-mhil-a-phle-ar-chlar-ple-na-nollag

Bóthar as Gaillimh go Ros an Mhíl á phlé ar chlár plé na Nollag

Má tharlaíonn sé go gcuirfear tús le réiteach ar fhadhbanna pleanála bhóthar dheisceart Chonamara i ngearróga dubha na míosa seo, d’fhéadfadh sé go dtabharfaí Bóthar na Nollag air amach anseo.  Tiocfaidh Comhairleoirí thoghcheantar Chonamara le chéile i nGaillimh seachtain roimh Lá Nollag agus iad ag iarraidh athmhúscailt a dhéanamh ar an iarracht le bóthar nua a fhorbairt siar le cósta.

Beagnach dhá bhliain ó shin – Feabhra 2019 – a caitheadh i dtraipisí an iarracht dheireanach le bhóthar nua a fhorbairt as Bearna go Scríb.   Ní fhéadfaí a theacht ar réiteach faoi chúrsa feiliúnach agus bhí daoine i gCois Fharraige a bhí ag iarraidh cead pleanála le haghaidh tithe cónaithe sáraithe.

Níorbh fhéidir leo cead forbartha a fháil mar go raibh réimsí móra talún curtha as an gcomhaireamh de bharr go raibh siad ag síneadh le ceann den cheithre chúrsa a bhí san áireamh don bhóthar nua.  Bhí 250 méadar ar chaon taobh den cheithre cinn a raibh staidéar á dhéanamh orthu ‘reoite’ ó fhorbairt de chineál ar bith.

Tráth a raibh sé ina Chathaoirleach ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe in 2018 agus 2019, bhí an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg as Indreabhán – tá sé éirithe as an bpolaitíocht ó shin – den bharúil gurbh fhearr éirí as an iarracht mar nach raibh aon chosúlacht réitigh ann faoi chúrsa don bhóthar nua théis breis agus leathscór blianta cainte agus caiteachas airgid.

B’fhearr cead pleanála a thabhairt do mhuintir phobal Chois Fharraige ná a bheith ag coinneáil le hiarracht a bhí marbh, dar le Seán Ó Tuairisg.

Bhí glacadh ag a sheisear comhghleacaithe taobh thiar den Choirib leis an moladh sin, a bheag nó a mhór (seachtar Comhairleoirí a bhí i dtoghcheantar Chonamara san am sin).

Chuir Stiúrthóir Sheirbhísí Bóthair na Comhairle Contae, Jim Cullen, comhairle ar na Comhairleoirí Contae in earrach na bliana 2019.  B’fhacthas dósan gur bheag seans a bheadh ann an uair sin go bhféadfaí an bóthar nua a fhorbairt ar chuid ar bith de na cúrsaí a bhí leagtha síos as Gaillimh amach go Cois Fharraige agus Ros an Mhíl.

Bhí na blianta caite ag an gcomhlacht RPS, comhairleoirí innealtóireachta a bhí fostaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, ag plé leis an scéal. Chosain an obair thaighde agus phleanála ar fad thart ar €3 milliún.

Ach, beag beann air sin uilig, bhí bóthar nua Chonamara buailte ar an mullach.

Níos túisce i mbliana chuir innealtóirí Chomhairle Chontae na Gaillimhe comhairle ar Chomhairleoirí thoghcheantar Chonamara agus mhol gurbh fhearr scéal an bhóthair a fhágáil marbh go fóilleach.  B’fhacthas d’innealtóirí na Comhairle nach gcuideodh dúiseacht cheist an bhóthair ó dheas aríst leis an iarracht le cead pleanála a fháil do chuarbhóthar chathair na Gaillimhe.

Tá an t-iarratas seo ar chuarbhóthar na cathrach á scagadh ag an mBord Pleanála faoi láthair.  Ceapadh go spreagfadh caint as an nua ar bhóthar dheisceart Conamara, agus an ceangal a dhéanfaí le ceann thiar chuarbhóthar na cathrach (dá bhfaighfí cead pleanála lena aghaidh), tuilleadh agóidí in aghaidh phlean an chuarbhóthair.  Sin é a dúradh ag cruinniú sa gComhairle Contae.

Ach, bhí cuid mhaith de Chomhairleoirí Chonamara den bharúil go gcaithfí rud éigin a dhéanamh faoin mbrú tráchta agus an tranglam síoraí a bhíonn ar bhóthar Chonamara Theas, an R336.  Anois, tá cruinniú speisialta de Chomhairleoirí Chonamara glaoite don lá inniu, Dé hAoine, agus gan ach ábhar amháin ar an gclár oibre: bóthar as Gaillimh go Ros an Mhíl.

Díol spéise a bhí ann ag cruinniú d’ionadaithe Chonamara níos túisce sa mbliain go raibh an Comhairleoir ón gComhaontas Glas, Alastair McKinstry, chomh  báúil le duine ar bith eile leis an mbóthar nua.  Ach mheabhraigh sé go gcaithfeadh an bóthar a bheith ardaithe aníos go maith ar fhaitíos fuarlaigh farraige amach anseo agus an domhan ag téamh.  Sin ceist a bheadh le réiteach lá níos faide anonn ach cén chaoi – tar éis a bhfuil de chaint déanta le hos cionn leathscór bliain – go dtiocfar ar chúrsa anois a bheadh feiliúnach do mhórán chuile dhuine agus nach dtiocfaidh salach ar choinníollacha timpeallachta?  Ansin atá na driseacha cosáin.

Bhí an Comhairleoir de chuid Fhine Gael, Pádraig Mac an Iomaire ar dhuine acu siúd a chuir teannadh leis an iarracht go dtarraingeofaí ceist bhóthar Chonamara anuas aríst.  Feictear dó nach féidir éalú ón ábhar.  Beidh sé féin agus an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin – agus b’fhéidir tuilleadh Comhairleoirí – ag caitheamh súil ar an gceantar ó thuaidh de Bhearna agus de na Forbacha sula reáchtálfar an cruinniú ar an 18ú Nollaig.  Tá an Curraoineach in aghaidh aon chúrsa a mbeadh leagan tithe mar thoradh air.

“Ba mhaith linn go mbeadh na Comhairleoirí in ann cúrsa a mholadh iad féin sa gcaoi agus go bhfeicfeadh muid cén glacadh a bheadh ag an bpobal leis,” a deir Pádraig Mac an Iomaire.

Ach, ní gá gurb í toil na gComhairleoirí ná toil an phobail a n-éireodh léi.  Is cosúil go raibh glacadh sách forleathan ina measc siúd uilig leis an gcúrsa ó thuaidh sa sliabh anoir as Bearna i dtreo Ros an Mhíl – cúrsa a bhí ar cheann de na roghanna a tugadh cúpla bliain ó shin.  Ach bhí driseacha cosáin go leor ansin; bhí talamh caomhnaithe ann faoi scáth an bhranda Eorpaigh, Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC).

Beidh driseacha cosáin rompu aríst agus saothrófar an scéal má tá dul chun cinn le déanamh.  Ach tá práinn ag baint leis an scéal, agus sin sa mhullach ar chúrsaí tráchta uilig an cheantair.

D’fhógair Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo caite go bhfuil scrúdú agus anailís iomlán le déanamh ar na bealaí a bhféadfaí tionscal an fhuinnimh inathnuaite – fuinneamh gaoithe agus farraige – a lonnú thimpeall ar Chalafort Ros an Mhíl.  Theastódh infreastruchtúr agus bóithre ar ardchaighdeán le haghaidh na forbartha sin.

Mar a tharlaíonn sé, Gaillimh go Ros an Mhíl atá luaite leis an mbóthar nua ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.  Údar iontais ann féin é seo mar gur as Scríb  go Gaillimh a bhí ceaptha don bhóthar nuair a tosaíodh na staidéir ba dheireanaí leathscór bliain ó shin.

Ach, tá níos mó ná sin le cur san áireamh le cur san áireamh má tá infreastruchtúr maith do Ghaeltacht Chonamara le cur i gcroílár an scéil seo. 

I gcáipéis maidir le Plean Forbartha Nua Chontae na Gaillimhe a chuir an Coiste Comhairleach do Phlean 5 Bliana Iorras Aithneach ar aghaidh, moladh go n-athrófaí plean an bhóthair go dtí “bóthar nua as Carna go Gaillimh”.  Tá an Coiste seo ag obair i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta sna hiarrachtaí atá ar bun le súil agus go gcuirfear borradh eacnamaíochta agus sóisialta faoi cheantar Chill Chiaráin agus Charna.   Má tá rath le bheith ar thionscail mhara – Páirc na Mara mar shampla – tionscal na feamainne agus a leithéid, teastóidh bóithre ar ardchaighdeán sa gceantar.

Feicfimid linn an athróidh Comhairleoirí Thoghcheantar Chonamara na téarmaí tíreolaíochta, ar an gcéad iarraidh, i gcomhráite seo na Nollag.

Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-srianta-nua-le-tabhairt-isteach-roimh-dheireadh-na-bliana,-484-cas-nua-den-ghalar-deimhnithe

Srianta nua le tabhairt isteach roimh dheireadh na bliana, 484 cás nua den ghalar deimhnithe

Tabharfar srianta nua isteach roimh dheireadh na bliana, a deir an Taoiseach Michéal Martin.

Déanfar cinneadh faoi na srianta nua atá molta ag NPHET Dé Máirt seo chugainn, ach thug an Taoiseach le fios go mbeadh srianta níos déine á thabhairt isteach roimh dheireadh na bliana.

484 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna agus triúr eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

Ní chuirfidh na srianta as do thréimhse na Nollag agus meastar gur ar an 31 Nollaig a thiocfaidh siad i bhfeidhm.

Ar na moltaí atá déanta ag NPHET tá go gcuirfí deireadh níos luaithe leis an tsaoirse taistil a bheidh ag daoine ón lá amárach go dtí an 6 Eanáir agus go gcuirfí srianta níos déine i bhfeidhm ar earnáil an fháilteachais. Tá siad ag moladh chomh maith nach mbeadh cead ach ag teaghlach amháin eile cuairt a thabhairt chun an tí.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan go raibh tuairiscí ann faoi dhrochráigeanna den ghalar in ionaid oibre agus de thoradh ócáidí sóisialta, cóisirí Nollag agus sochraidí.

Mura gcuirfeadh daoine teorainn le líon na dteagmhálaithe a bhíonn acu bheadh ardú as cuimse ar líon na gcásanna i mí Eanáir, bheadh ardú suntasach ar líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil agus chuirfí beatha daoine i mbaol, a dúirt an Dr Holohan.

“Tá an víreas á scaipeadh go sciobtha tríd an tír, i measc chuile aoisghrúpa,” a dúirt sé.

Agus é faoi agallamh ag RTÉ dúirt an Taoiseach go bhfuil “imní” air faoin ardú ar líon na gcásanna. 400 cás ar an meán in aghaidh an lae a bhí ann le cúig lá anuas.

Idir 1.1 agus 1.3 atá ráta atáirgthe an ghalair anois. Gar do 1 a bhí sé seachtain ó shin. Dúirt an tAire Sláinte go bhféadfadh líon na gcásanna ardú “an sciobtha go deo” má bhíonn an ráta os cionn 1.2.

Tá rabhadh tugtha ag an bPríomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan do dhaoine go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas ó thaobh scaipeadh an ghalair.

Bhí comharthaí soiléire ann a dúirt sé go raibh drochbhail ag teacht ar chúrsaí. Bhí ardú tagtha ar ráta an ghalair, ar líon na gcásanna laethúla den Covid-19 agus ar an gcéatadán de dhaoine a mbíonn toradh dearfach ar a dtástálacha don ghalar, ar sé.

Dúirt an Dr Holohan go bhféadfadh an galar imeacht ó smacht an-éasca go háirithe agus idir shean is óg ag meascadh le chéile aimsir na Nollag.

D’impigh sé ar dhaoine cloí leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí agus teorainn a chur le líon na dteagmhálaithe a bhíonn acu.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid, níos túisce inniu go mbeadh daoine ag cur beatha a muintire i mbaol le linn na Nollag mura mbeidís cúramach an deireadh seachtaine seo.

Bhain 40 den 484 cás a fógraíodh inniu le Corcaigh, 32 cás a bhí i nDún na nGall agus 25 cás a bhí i gCiarraí.

17 cás a bhí i gcontae na Mí, 11 cás a bhí i bPort Láirge, deich gcás a bhí i Maigh Eo agus ocht gcás a bhí i nGaillimh.

150 cás nua a bhí i mBaile Átha Cliath.

207 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus 30 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Tá ráta coicíse an Covid-19 sa stát  imithe os cionn 90 arís. Ráta 94.2 cás in aghaidh gach 100,000 atá i gceist anois.

Ráta 247 atá i nDún na nGall i láthair na huaire, 113 atá i Maigh Eo, 79 atá i bPort Láirge agus 70 atá i gcontae na Mí. Tá an ráta i gCiarraí imithe suas go dtí 58 ó 42 in aon lá amháin, 50 atá i nGaillimh, agus 34 atá i gCorcaigh.

Deimhníodh 12 duine eile a bheith básaithe ó thuadh inniu de bharr an víris – sin 1,154 curtha den saol aige ansin go dtí seo. Tá an galar tolgtha ag breis is 60,000 duine ó thuaidh faoin tráth seo agus cuireadh 656 cás eile leis an líon sin inniu.

Tá 460 othar sna hospidéil agus an galar tolgtha acu, tá 32 acusan in aonad dianchúraim agus 26 acu ar aerálaithe. Tá na hospidéil plódaithe agus bhí cruinniú ag an bhFeidhmeannas chun an ghéarchéim is déanaí a phlé agus gach cosúlacht ar an scéal gur dianghlasáil eile a bheidh i ndán don oirthuaisceart tar éis na Nollag.

3,295 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,143 duine ó dheas den teorainn agus 1,154 duine ó thuaidh di.

137,965 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 77,678 cás ó dheas agus 60,287 ó thuaidh.

Bhí an Taoiseach Micheál Martin ag fanacht amach ó dhaoine ó deimhníodh go raibh an víreas tolgtha ag Uachtarán na Fraince Emmanuel. Bhí an Taoiseach ag cruinniú de Chomhairle na hEorpa i dteannta Macron an tseachtain seo caite, 10-11 Nollaig. Chuir an Taoiseach cruinnithe ar athlá go dtí go bhfaigheadh sé scéal faoin tástáil don Covid-19 a cuireadh air agus fógraíodh tráthnóna nach raibh an víreas tolgtha ag an Taoiseach. Tá féin-aonrú seacht lá á dhéanamh ag Uachtarán na Fraince.

Tá Príomh-Aire na Spáinne ar coraintín go dtí oíche Nollag de bharr go raibh sé i bPálás Elysee i gcomhluadar Macron níos túisce an tseachtain seo. Ia amhlaidh an cás ag Príomh-Aire na Portaingéile. Dúirt urlabhraí ar son Angela Merkel gur chloígh sí le rialacha sláinte an Covid-19 ag cruinniú na Bruiséile agus go raibh masc uirthi an t-am ar fad. Toradh diúltach a bhí ar thástáil víris a cuireadh uirthi i ndiaidh an chruinnithe.

Ón lá amárach, beidh criúnna otharchairr ón tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr an taobh seo den teorainn ag cuidiú leis an tseirbhís ó thuaidh agus an tseirbhís sláinte ansin faoi bhrú mór. Iarradh cúnamh orthu le freastal ar chuid den bhrú sin i mBéal Feirste, Lios na gCearrbhach agus Craigavon as seo go ceann ceithre lá.

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-ceardaiocht-le-gearoidin:-carbhat-cuachoige-nollag!

Ceardaíocht le Gearóidín: carbhat cuachóige Nollag!

Beidh Gearóidín McEvoy linn arís don uair dheireanach i mbliana lena rang seachtainiúil ceardaíochta. Beidh sí ag múineadh dúinn conas carbhat cuachóige a fhuáil – do dhaoine nó do mhadraí!

“Inniu táimid chun carbhat cuachóige a fhuáil. Táim chun ceann Nollaigiúil a dhéanamh do mo mhadra, ach is féidir iad a dhéanamh do dhaoine chomh maith, d’aon ócáid! Tá siad an-éasca, níl uait ach inneall fuála, éadach, siosúr agus píosta leaistice. Is iontach an bronntanas é – déan ciarsúr póca a réiteodh leis más maith leat!” a dúirt Gearóidín.

Thosaigh Gearóidín ag tabhairt ranganna ceardaíochta ar Instagram NÓS nuair a tháinig na srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm os cionn dhá mhí ó shin agus tá rang nua déanta aici uair sa tseachtain ó shin. Ó thosaigh sí, tá ceachtanna fuála agus cniotála tugtha aici saor in aisce do leantóirí NÓS ar Instagram. Is féidir breathnú siar ar gach uile rang a thug Gearóidín a fheiceáil ar IGTV na hirise.

Beidh rang na hoíche anocht ar siúl ar Instagram ag 17.30. Seo é rang deireanach na sraithe seo agus gabhann buíochas ó chroí le Gearóidín as na ranganna ar fad a chur ar fáil.

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘suantrai-na-nollag’-–-amhran-le-meabh-ni-bheaglaoich-ona-halbam-nua

‘Suantraí na Nollag’ – amhrán le Méabh Ní Bheaglaoich óna halbam nua

Tá amhrán nua ón albam nua atá á chur le chéile ag an amhránaí Duibhneach Méabh Ní Bheaglaoich díreach eisithe aici. ‘Suantraí na Nollag’ an t-ainm atá ar an amhrán macarónach a eisíodh ar líne inné, agus a bheidh ar albam nua Mhéibhe atá le teacht amach i mí Eanáir.

“Bhí cara liom, an fidléir iontach Owen Spafford, as Leeds, timpeall i mí Mheán Fómhair. Bhíomar ag seinm ceoil cois na tine sa chistin, ag cumadóireacht linn, agus tháinig an písín seo ceoil chugam i mo chloigeann. Shuíos féin síos ag an bpianó agus chuireas focail leis. Bhíos ag cuimhneamh ar théama na Nollag agus na deacrachtaí atá ag daoine faoi láthair. Tá an saol ina shuan agus caithfimid fanacht istigh, ach tá dóchas ann dúinn ar fad, agus tiocfaimid as,” a dúirt Méabh le NÓS agus í ag labhairt faoin amhrán nua.

“Ní rabhas ag cuimhneamh ar leanbh ar leith agus mé ag scríobh an amhráin, ach is iad na seandaoine agus na leanaí óga, a saolaíodh le linn na paindéime, atá ag fulaingt go mór san am ait seo. Bhí mé ag iarraidh dóchas éigin a bheith ann, toisc gur féidir leis an Nollaig a bheith uaigneach go maith ar aon tslí do dhaoine. B’fhéidir nach mbeadh daoine ag dul ar a dtuairisc an Nollaig seo, agus theastaigh uaim amhrán a mbeadh sólás agus suaimhneas croí ann a scríobh,” a dúirt sí.

Amhrán macarónach, dála an amhráin eile a chuir Méabh amach níos luaithe i mbliana ‘An Lon Dubh’, is ea ‘Suantraí na Nollag’ agus liricí Gaeilge agus Béarla araon ann. Tá Méabh ag obair ar albam nua ar a mbeidh an dá amhrán, chomh maith le ‘Amhrán na nGael’, a scríobh sí don Chomórtas Pan-Cheilteach cúpla bliain ó shin. 

“Téim ag súil go mbeidh an t-albam amuigh an mhí seo chugainn, tá cúpla rud fós le déanamh leis. Tá rudaí an-chiúin i mbliana ach beidh an Síbín Orchestra ag teacht le chéile an tseachtain seo chugainn. Sin mé féin, m’athair Séamus, Muireann Nic Amhlaoibh, Éilís Ní Chinnéide Pauline Scanlon, agus daoine eile as an áit. Craolfar an seisiún sin ar líne i mí Feabhra agus b’fhéidir go mbeidh sé ar an teilifís chomh maith,” a dúirt sí. 

Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-eiseachadadh-deanta-ar-fhear-a-raibh-baint-aige-le-timpiste-bhothair-inar-maraiodh-beirt-i-ngaeltacht-mhaigh-eo

Eiseachadadh déanta ar fhear a raibh baint aige le timpiste bhóthair inar maraíodh beirt i nGaeltacht Mhaigh Eo

Tá eiseachadadh as Stáit Aontaithe Mheiriceá déanta ar fhear a raibh baint aige le timpiste bhóthair inar maraíodh beirt i nGaeltacht Mhaigh Eo trí bliana ó shin. Gabhadh Francis Carr, fear sna fichidí as an gCeapaigh Dhuibh, sna Stáit Aontaithe mar thoradh ar bharántas eiseachadta mí Iúil.

Tá tiomáint chontúirteach á cur ina leith agus gabhadh é in aerfort Bhaile Átha Cliath ar maidin. Tugadh os comhair Chúirt Chuarda Chaisleán an Bharraigh inniu é.

Bhí Francis Carr ag tiomáint cairr a bhuail faoi bhalla i dTuar Mhic Éadaigh ar an 4 Meitheamh 2017. Maraíodh beirt eile a bhí sa charr leis, Seán Halloran (20) as an bhFairche i gcontae na Gaillimhe agus Orla O’Malley (18) as an gCrois i Co. Mhaigh Eo.

Tharla an timpiste luath maidin Domhnaigh dheireadh seachtaine na Cincíse 2017 agus bhí an triúr ag freastal an lá sin ar Chomórtas Peile na Gaeltachta, a bhí á reáchtáil i dTuar Mhic Éadaigh.

Bhí Seán Halloran ina shuí sa suíochán tosaigh paisinéara agus Orla O’Malley ina suí sa suíochán cúil nuair a bhuail an carr faoi bhalla i Páirc an Teampaill Íochtarach ar bhruach Loch Measca.

Gortaíodh an tiománaí go dona chomh maith, ach d’imigh sé go Meiriceá nuair a scaoileadh amach as an ospidéal é.

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ceithre-shiopa-le-dul-ag-muitseail-thart-iontu-(ar-line)

Ceithre shiopa le dul ag múitseáil thart iontu (ar líne)

Ní bhíodh suim mhór agamsa riamh a bheith ag siopadóireacht ar líne. B’fhearr liom i bhfad a dhul ó shiopa go siopa, ag breathnú ar rudaí anseo agus ansiúd. I mbliana ní raibh sé de rogha agam ach dul ag siopadóireacht ar líne agus, bhuel, is scéal eile anois é. Le seachtain anuas, bím ar bís nuair a thagann fear an phosta le bronntanais an lae (ní dom féin uilig é, geallaim duit).

Mar sin féin, feictear dom go mbíonn sé deacair cos a choinneáil leis an tsiopadóireacht ar líne seo ar fad, go háirithe má tá tú ag iarraidh a bheith ag ceannacht ó shiopaí Éireannacha, Gaelacha. Is é an bealach is fearr lena dhéanamh, dar liom féin, ná dul ar shuíomh amháin agus a fheiceáil go díreach céard atá acu, seachas a bheith ag dul ó shiopa go siopa agus fiche míle cluaisín oscailte agat. 

Seo a leanas cúig shiopa ar líne go mb’fhéidir nach bhfuil feicthe cheana agat agus go mb’fhiú go mór breathnú ar chuile rud beo atá acu, mar is cinnte go dtiocfadh tú ar rudaí nach raibh súil ar bith agat leo. B’fhearr a bheith á gceannacht go luath mar ní fada uainn an Nollaig agus níor mhaith liom go mbeadh duine ar bith díomách ar an lá mór!

De Búrca  

Tá réimse breá de phriondaí, málaí agus oscailteoirí buidéil ar fáil ar an suíomh seo, chomh maith le go leor rudaí eile, agus iad uilig deartha ag Orlaith de Búrca. Seasann a cuid ealaíne amach leis na dathanna bríomhara a úsáideann sí, agus tá rud éign thar a bheith cool fúthú uilig. 

(Agus má tá rud éigin níos pearsanta uait, déanann sí rudaí pearsantaithe freisin). Céard eile a bheadh uait? 

Hairy Baby

Suíomh é seo le héadach do chuile chineál duine. Deartha le greann, tá réimse bréa leathan éadaí ann do chuile aoisghrúpa (caith súil ar na mascanna aghaidhe atá acu) agus roinnt mhaith acu i nGaeilge freisin! Tá muigíní deas acu, agus bíonn easpa muigíní i gcónaí sa teach s’againne…

Mireog

Is cinnte gur airigh sibh uilig caint ar Mhíreog cheana féin, ach ní fhéadfainn liosta na Nollag a scríobh gan iad a luaigh. Obair ealaíne i ndáiríre atá in earraí de chuid na comhlachta seo, ina bhfuil chuile shaghas rud a bheadh uait ar fáil ann. Tádar théis teacht amach le cártaí áille le réinfhianna orthu don Nollaig, agus is cinnte go bhfuil an-tóir ag daoine ar chártaí Nollag i mbliana.

Sock Co-op

Breathnaigh, ní bheidh dóthain stocaí riamh ag duine agus i ndáirire, ní Nollaig ar bith é muna bhfaigheann tú ar a a laghad péire amháin stocaí faoin gcrann Nollag. Tá stocaí áille ag Sockcoop a choinneodh do chosa breá teolaí agus pictiúirí de thírdhreach na hÉireann ar na boinn agat. Níl réimse mór millteach rudaí acu, ach ciallaíonn sé sin go mbeidh níos éasca ortsa chuile shórt a fheiceáil! 

Níos mó

Coinnímis ag ceol le chéile – Cormac ‘Buzz’ Ó Briain

.embed-container { position: relative; padding-bottom: 56.25%; height: 0; overflow: hidden; max-width: 100%; } .embed-container iframe, .embed-container object, .embed-container embed { position: absolute; top: 0; left: 0; width: 100%; height: 100%; }

Is é seo an cúigiú clár sa tsraith ‘Coinnímis ag ceol le chéile’. Bhuail Meon Eile le seisear ceoltóirí agus amhránaithe Gaelacha in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste agus labhair muid leo faoi shaol s’acu mar cheoltóir agus faoi na dóigheanna a ndeachaigh an dianghlasáil i bhfeidhm orthu.

Le linn na géarchéime seo, ní bhíonn móran de dheis ag daoine seinm le chéile ná éisteacht le ceol beo mar sin shocraigh Áras Mhic Reachtain agus Meon Eile go dtabharfadh muid blaiseadh don lucht féachana go dtí go mbeidh muid in ann sin a dhéanamh arís.

Inniu is é Cormac ‘Buzz’ Ó Briain atá linn. Is as Iarthar Bhéal Feirste é Cormac agus, roimh an phaindéim, bheadh sé ag seinm fud fad na cathrach. Tá Cormac in ann roinnt uirlisí eagsúla a chasadh agus sheinn sé ar an phíb uilleann.

Labhair sé linn faoin áit as a dtáinig an spéis agus an grá atá aige don cheol, faoina dhearcadh dearfach i leith na paindéime agus faoia bhfuil ar siúl aige anois go bhfuil a shaol mar cheoltóir proifisiúnta curtha ar ceal go sealadach.

San fhíseán thíos, tugann Daithí Mac Uait, bainisteoir imeachtaí Áras Mhic Reachtain, intreoir don tsraith. Is eisean a thug cuireadh do na ceoltóirí seinm agus, le cuidiú ón Chomhairle Ealaíon, bhí deis acu airgead a thuilleadh le linn an paindéime fosta.

Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-imni-go-dtiocfaidh-laghdu-ar-an-meid-ama-a-thugtar-do-mhuineadh-na-gaeilge-i-mbunscoileanna-ma-ghlactar-le-moltai-nua

Imní go dtiocfaidh laghdú ar an méid ama a thugtar do mhúineadh na Gaeilge i mbunscoileanna má ghlactar le moltaí nua

Tá imní ann go bhféadfadh laghdú teacht ar an líon ama a chaitear ag múineadh na Gaeilge i mbunscoileanna má ghlactar le hathruithe atá molta ar an gcuraclam.

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) i mbun athbhreithniú ar churaclam na bunscoile i láthair na huaire agus ceann de na moltaí atá déanta ná go múinfí teanga eile, chomh maith leis an nGaeilge agus an Béarla, do dhaltaí Rang 3-6.

Má ghlactar leis an moladh, d’fhéadfadh go mbeadh múineadh na Gaeilge thíos leis an athrú, go háirithe i mbunscoileanna Béarla.

Faoi láthair, moltar seacht n-uair an chloig go leith a chaitheamh gach seachtain ag múineadh teangacha do ghasúir idir Rang 1 agus Rang 6 sa bhunscoil – ceithre uair an chloig do phríomhtheanga na scoile agus trí uair go leith don dara teanga.

De réir cháipéis chomhairliúcháin atá foilsithe ag an NCCA, Dréachtchreat Curaclaim na Bunscoile, ní mholtar ach 15 nóiméad breise gach seachtain a chaitheamh le múineadh teangacha – seacht n-uair an chloig agus 45 nóiméad – cé go mbeidh teanga bhreise le foghlaim ag daltaí Rang 3-6.

Tá trí rogha tugtha i gcáipéis an NCCA maidir leis an méid ama a chaitear ag múineadh na n-ábhar.

An chéad rogha ag an NCCA nach molfaí níos mó ama a chaitheamh ag múineadh teanga amháin seachas na cinn eile agus go bhfágfaí an cinneadh sin faoin scoil.

D’fhágfadh sin go bhféadfadh aon scoil a shocrú níos mó nó níos lú béime a leagan ar mhúineadh na Gaeilge dá mba mhian leo.

An dara rogha ná go molfaí do scoileanna trí uair an chloig agus 45 nóiméad a chaitheamh sa tseachtain ag múineadh na príomhtheanga (laghdú 15 nóiméad ar a bhfuil ann faoi láthair), trí uair an chloig a chaitheamh ar an dara teanga (laghdú 30 nóiméad) agus uair amháin sa tseachtain a chaitheamh ar an tríú teanga.

Faoin rogha seo chaithfeadh scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla formhór an ama ag múineadh Béarla agus d’fhéadfadh go gcaithfí 30 nóiméad níos lú gach seachtain, nó dhá uair an chloig sa mhí, ag múineadh na Gaeilge.

Ní mór atá idir an dara agus an tríú rogha atá molta ag an NCCA. Faoin tríú rogha chaithfí trí uair an chloig sa tseachtain ar an gcéad teanga agus trí uair agus 45 nóiméad ar an dara teanga. Bheadh níos mó ama ann do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna Béarla dá nglacfaí leis an rogha seo.

Tá imní léirithe ag Conradh na Gaeilge maidir leis na moltaí.

“Níl muid in aghaidh aon teanga eile a thabhairt isteach ach ní féidir é sin a dhéanamh trí laghdú a dhéanamh ar an méid ama atá ann do Ghaeilge,” a deir Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn.

“Tá scoileanna áirithe ann nach bhfuil ag éirí leo a chinntiú go bhfuil na páistí dátheangach agus iad ag fágáil Rang a Sé. Nuair is mar sin atá, tá sé deacair a shamhlú go mbeadh tú in ann líon an ama a chaitear ag múineadh na dteangacha sin a laghdú tuilleadh.”

Deir de Spáinn go ndeachaigh Conradh na Gaeilge i gcomhairle le múinteoirí bunscoile agus go ndúirt siad nach bhfuil an t-am ann sa lá scoile chun teanga bhreise a mhúineadh.

“D’eagraíomar ceardlann le múinteoirí agus bhí siadsan den tuairim nach raibh aon deis ann an méid ama do mhúineadh na Gaeilge ná do mhúineadh an Bhéarla a laghdú,” arsa de Spáinn.

“Moladh amháin a bhí ag na múinteoirí ná go mbeadh an tríú teanga ar fáil do pháistí i ndiaidh na scoile, agus go mbeadh na múinteoirí atá sásta an teanga a mhúineadh íoctha ag an Roinn Oideachais.”

Tá Conradh na Gaeilge ag impí ar dhaoine aighneachtaí a sheoladh chuig an NCCA ag cur i gcoinne na moltaí. Caithfear aon aighneacht a sheoladh go dtí an NCCA roimh dheireadh na bliana seo.

Tá an NCCA ag iarraidh go mbeadh an curaclam nua réidh faoi shamhradh 2024.

Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-realta-iomanaiochta-baile-atha-cliath-liam-rushe-ceaptha-ar-bhord-fhoras-na-gaeilge

Réalta iománaíochta Átha Cliath Liam Rushe ceaptha ar Bhord Fhoras na Gaeilge

Tá Liam Rushe, an réalta iománaíochta de chuid Bhaile Átha Cliath, ceaptha ina bhall ar bhord na heagraíochta teanga trasteorann Foras na Gaeilge.

Fógraíodh chomh maith gur athcheapadh ar feadh tréimhse bliana beirt bhall eile den bhord, Máire Ní Neachtain agus Sorcha Ní Chéidigh.

Tá Liam Rushe, atá ina chuntasóir le PWC, ar fhoireann shinsir iománaíochta Átha Cliath ó 2009 agus tá craobh Laighean agus sraith náisiúnta amháin buaite aige. Tá dhá ghradam All-Star buaite aige.

Naomh Pádraig Bhaile Phámar a chlub agus trí Ghaeilge a fuair sé a chuid oideachais sa bhunscoil agus san iarbhunscoil.

Ceadaíodh na ceapacháin ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas inné.

Liam Rushe. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Dúirt an tAire Gaeltachta Catherine Martin agus Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh siad ag súil go mór le bheith ag plé leis an mBord nua. Ghabh siad buíochas le hiar-Chathaoirleach an Bhoird, Pól Ó Gallchóir, “as a chuid oibre agus an t-ionchur dearfach a bhí aige le linn a théarma a bhí ar leas an Fhorais Teanga agus na teanga i gcoitinne ar fud an oileáin”.

Táthar ag súil go gceapfar cathaoirleach nua ar bhord na heagraíochta trasteorann go luath sa bhliain nua. Déanfar a thuilleadh ceapachán eile sa bhliain nua chomh maith.

Cepadh triúr comhaltaí nua eile ar an mBord an mhí seo caite, an t-abhcóide agus iaruachtarán ar Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh, an Dr Neasa Ní Chiaráin, teangeolaí i gColáiste na Tríonóide, agus Ola Majekodunmi, craoltóir le Raidió na Life.

Tá Foras na Gaeilge i dtaobh le leathbhord le tamall toisc nárbh fhéidir folúntais a líonadh de dheasca na sáinne polaitiúla i Stormont.

Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-ceadta-tracht-cinioch-fagtha-faoi-fhisean-de-chainteoir-gaeilge-de-bhunadh-na-nigeire

Na céadta trácht ciníoch fágtha faoi fhíseán de chainteoir Gaeilge de bhunadh na Nigéire

B’éigean don iris chultúir NÓS an córas tráchtanna faoi fhíseán YouTube dá gcuid a mhúchadh i ndiaidh “ionsaí eagraithe ciníoch”. An cainteoir Gaeilge de bhunadh na Nigéire, Ola Majekodunmi, a bhí le feiceáil san fhíseán a foilsíodh Dé Máirt.

Go gairid i ndiaidh do NÓS an físeán a fhoilsiú ar YouTube agus ar na hardáin eile inné, scaipeadh é ar “ghrúpaí ciníocha in Éirinn, i Meiriceá, sa Ghearmáin, agus i Sasana” agus fágadh na céadta trácht maslach faoi.

Dúirt Ola Majekodunmi, craoltóir agus ball de Bhord Fhoras na Gaeilge, lena leantóirí ar Twitter nár chuir sé ionadh uirthi go raibh “go leor tagairtí ciníocha” á bhfáil aici faoin bhfíseán ach go gcuireann sé isteach uirthi go mbeadh “daoine le Gaeilge” á bhfágáil chomh maith le cinígh an Bhéarla.

“Is fianaise é sin den ghráin atá ann do dhaoine cosúil liom féin a bhíonn ag labhairt na teanga. Tá a fhios agam cheana nach bhfuil daoine sásta leis an obair atá mé féin a dhéanamh agus is cuma liom, ach tá mé ag iarraidh go bhfeicfidh daoine eile sa phobal go bhfuil an ghráin seo ann.

“Bíonn sé deacair orm labhairt faoin ngráin seo toisc go bhfuilim mar pháirt den phobal seo, ach caithfidh mé an fhírinne a insint go bhfuil ciníochas ann [i saol na Gaeilge] chomh maith. Nuair a bhí mé ar scoil, níor thaitin sé le roinnt daoine go raibh duine cosúil liom féin i nGaelscoil. Tá a fhios agam go mbreathnaím difriúil le formhór na ndaoine eile i spásanna Gaeilge ach tá an mhuinín agam féin leanúint ar aghaidh le m’obair agus tuiscint a bheith agam go bhfuil cead agam a bheith sa spás sin chomh maith,” a dúirt Ola Majekodunmi ar Twitter.

Bhí os cionn cheithre chéad trácht faoin bhfíseán nuair a múchadh an córas tráchtanna ar an gcainéal YouTube aréir, agus go leor acu á bhfágáil ag cuntais a bhí cláraithe i Sasana, i Meiriceá agus ar Mhór-Roinn na hEorpa.




Dúirt eagarthóir na hirise, Maitiú Ó Coimín, gur léir go raibh “feachtas eagraithe ciníoch” i gceist agus go mb’éigean dó iarraidh ar stiúrthóir Fhíseáin NÓS, Gráinne Holland, an córas tráchtanna faoin bhfíseán a mhúchadh.

Dúirt Ó Coimín gur tugadh os cionn míle “ordóg síos” don fhíseán sa chúpla uair an chloig i ndiaidh dó a bheith curtha amach agus gur fágadh idir 300 agus 400 trácht maslach ciníoch faoi.

Dúirt Stiúrthóir Fhíseáin NÓS, Gráinne Holland, a rinne an físeán le hOla i gcathair Bhaile Átha Cliath an mhí seo caite, nár rith sé léi “in am ar bith” go mbeadh daoine “réidh le hionsaí a dhéanamh” ar Ola agus ar an teachtaireacht a bhí á craobhscaoileadh aici san fhíseán.

“Bhí NÓS ag iarraidh físeán a dhéanamh i gcomhthéacs Black Lives Matter agus na heachtraí uafásacha a tharla sna Stáit Aontaithe níos luaithe i mbliana. Bhí muid ar an eolas faoin obair iontach a bhíonn ar siúl ag Ola agus bhí muid an-sásta an deis a fháil físeán a léiriú léi, bunaithe ar a cuid scríbhneoireachta faoi ghruaig na mban dubh.

“Níor rith sé liom in am ar bith go mbeadh daoine amuigh ansin réidh le hionsaí a dhéanamh ar an teachtaireacht chróga atá aici ag ar gach a seasann sí dó.

“Bhí a fhios agam, ar ndóigh, go raibh an ciníochas ann ach chuir sé iontas, brón agus fearg orm cuid de na tráchtanna a fágadh ar an fhíseán a léamh. Ní thig liom ach a shamhlú cad é mar a bheadh sé cur suas leis an leibhéal ciníochais sin ó lá go lá agus tá mé féin agus gach duine eile i dteaghlach mór NÓS ag seasamh go láidir le hOla. Tá ár dtacaíocht uilig aici,” a dúirt Holland le Tuairisc.ie.

Dúirt Holland gur gá do “gach duine taobh amuigh agus taobh istigh de phobal na Gaeilge” cur go mór i gcoinne an chiníochais agus “fáilte a chur roimh chách páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí seo”.

“Caithfidh muid a chinntiú gur leis an fháilte, an oscailteacht agus an grá a bheidh an lá,” a dúirt sí.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta