Thug Meon Eile cuairt ar Ghaelscoil Phádraig Naofa i gCrois Mhic Lionnáin, Contae Ard Mhacha, le fáil amach faoin traidisún láidir ceoil atá acu sa scoil.
Is léir go bhfuil bua an cheoil ag daltaí agus múinteoirí na scoile agus go dtaitníonn an ceol go mór leo. Tá grúpa ceoil thraidisiúnta faoi sheol acu, chomh maith le cór scoile agus cór amhránaíochta ar an sean-nós fosta.
Tá a gcroí istigh sa cheol, amhráin áitiúla ina measc, agus bhí sé galánta a bheith ag éisteacht leo agus muid ar cuairt ann. Nach maith iad!
Ba í 2020 an chéad bhliain ó bunaíodh Tuairisc.ie gur tugadh os cionn milliún cuairt air.
Thug breis is 330,000 úsáideoir cuairt ar Tuairisc.ie i mbliana, an líon is mó léitheoirí a bhí ag príomhsheirbhís nuachta na Gaeilge ar líne ó bunaíodh í in 2014 agus méadú breis is 20% ar líon na léitheoirí in 2019.
Thug na daoine sin os cionn 1.1 milliún cuairt ar an suíomh in 2020 agus d’amharc siad ar 2.5 milliún leathanach le linn na gcuairteanna sin.
5.38 milliún cuairt a tugadh ar an suíomh ó 2014 i leith agus amharcadh ar 12.69 milliún leathanach ar Tuairisc.ie ó tháinig sé ar an saol mí Dheireadh Fómhair na bliana sin.
Dúirt Eagarthóir an tsuímh Seán Tadhg Ó Gairbhí gur léirigh na figiúirí is déanaí go bhfuil Tuairisc.ie ar cheann de na tionscnaimh is tábhachtaí ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
“Tuilleadh fianaise atá sna figiúirí seo, má tá a leithéid ag teastáil, gur chóir do na húdaráis infheistíocht chóir a dhéanamh sa tseirbhís nuachta, ní hamháin lena chinntiú gur féidir linn an tseirbhís a bhfuil pobal na teanga dulta i dtaithí uirthi a choimeád sa tsiúl ach ionas gur féidir cur leis an tseirbhís sin agus forbairt a dhéanamh uirthi,” arsa Eagarthóir Tuairisc.ie.
Dúirt sé go raibh a bhfuil i ndán don tseirbhís nuachta á phlé faoi láthair ag stiúrthóirí Tuairisc.ie le Foras na Gaeilge, lucht maoinithe an tsuímh.
“Tá súil againn go mbeidh toradh fónta ar an bplé sin, ach idir an dá linn guímid Nollaig shona shlán agus athbhliain faoi mhaise ar ár léitheoirí dílse go léir.”
Tá socraithe ag Comhairleoirí Contae Thoghcheantar Chonamara go rachfaí sa tóir ar thacaíocht ón Roinn Iompair ar mhaithe le ‘staidéar straitéiseach’ a dhéanamh ar an ngá atá le bóthar nua as Gaillimh go deisceart Chonamara.
Thaobhaigh na Comhairleoirí d’aon ghuth leis an moladh a rinne an Comhairleoir Daithí Ó Cualáin, Fianna Fáil, ag an gcruinniú is déanaí a bhí acu. Ba é an Comhairleoir Alastair McKinstry, an Comhaontas Glas, an cuiditheoir a bhí aige.
Bóthar as Gaillimh go Ros an Mhíl a bhí tugtha síos ar chlár oifigiúil an chruinnithe ach rinneadh tagairt freisin do bhóthar as Gaillimh go Scríb cúpla babhta le linn an chruinnithe.
Níl a fhios cén dearcadh a bheidh ag an Roinn air seo ach bhí sé le tuiscint ó Jim Cullen, Stiúrthóir Sheirbhísí Bóthair na Comhairle Contae, go dtuigeann an Roinn go bhfuil an bóthar nua seo riachtanach.
Bhí an tUasal Cullen den bharúil i dtús an chruinnithe gurbh fhearr gan bacadh le ceist ar bith faoi bhóthar nua ó dheas nó go mbeadh socrú déantaag an mBord Pleanála faoin gcuarbhóthar nua timpeall chathair na Gaillimhe. Mhínigh sé go gcaithfí ceangal a dhéanamh idir bóthar dheisceart Chonamara agus ceann thiar an chuarbhóthair – sin dá gceadófaí cuarbhóthar na cathrach.
Dúirt Jim Cullen gur dhóigh ná a mhalairt go mbeadh fáil ar chinneadh an Bhoird Pleanála faoin gcuarbhóthar nua, nó bóthar cineál cuarach timpeall ar an gcathair, sa samhradh seo chugainn.
Tá an Éisteacht Phoiblí a bhaineann leis thart agus tá an Bord Pleanála i mbun a chuid meastachán ar an iarratas faoi láthair.
Ach ba é dearcadh an Chomhairleora Alistair McKinstry gur dóigh go mbeadh sé tamall blianta sula mbeadh toradh críochnúil ar an iarratas ar an gcuarbhóthar. Ba í a thuairim siúd go bhfuil an cinneadh deiridh ‘tamall blianta’ uainn. Ceapann sé go mbeidh cásanna cúirte ann má cheadaíonn an Bord Pleanála an bóthar nua sin timpeall ar an gcathair.
“Ní féidir an plean do bhóthar Chonamara a choinneáil siar an t-achar sin,” a deir an Comhairleoir McKinstry. “Tá baol fuarlaigh farraige ann.”
Dúirt McKinstry nár mhór don bhóthar siar ó dheas a bheith 15 méadar os cionn leibhéal na farraige. B’fhacthas dósan go raibh na cúrsaí a bhí leagtha amach don bhóthar nua an uair dheiridh sách ard.
Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Stiúrthóir na Seirbhísí Bóthair, Jim Cullen go mbeadh sé níos fusa brú a chur ar an Roinn dá mbeadh próiseas chuarbhóthar na cathrach críochnaithe ag an mBord Pleanála, bíodh a gcinneadh fabhrach nó diúltach.
Ag tagairt don chúrsa le haghaidh an bhóthair, dúirt an Comhairleoir Thomas Welby, Neamhspleách, go ndearna Comhairleoirí Chonamara cinneadh cheana nuair a thug siad a dtacaíocht don chosán sléibhe – sin ó thuaidh do na bailte agus na gabháltais. “Bhí an áit sin plúchta ag brandaí SACanna,” a deir an Comhairleoir Welby “agus ní fhéadfá an ceann is fearr a fháil ar údaráis na hEorpa.”
Dúirt an Comhairleoir Welby go bhfuil roghnú cúrsa le haghaidh bóthair ar an rud is anróití sa saol. “Ach,” a deir sé “má tá uibheagán uait, caithfidh tú uibheacha a bhriseadh.”
Bhí an Comhairleoir Welby den bharúil gur ag an mBainistíocht agus na feidhmeannaigh a bheadh an chumhacht sa deireadh cúrsa a leagan amach don bhóthar ó dheas.
“Níl sé chomh simplí sin,” a deir Jim Cullen, Stiúrthóir na Seirbhísí Bóthair. “Níor mhór a bheith in ann tacaíocht na gComhairleoirí agus tacaíocht an phobail a thaispeáint don Roinn ach a rachfar sa tóir ar shuimeanna móra d’airgead forbartha.”
Dúirt Jim Cullen nach raibh 97% díobh siúd a thug a dtuairim ag cruinniú poiblí agus 100% de na Comhairleoirí Contae ag tacú leis na cúrsaí a bhí na saineolaithe a roghnú do bhóthar Chonamara Theas in 2012 (sna blianta sin a tosaíodh na staidéir). Ní bheadh an Roinn róthógtha le heaspa tacaíochta dá leithéid, beag beann ar an dearcadh a bheadh ag bainistíocht na Comhairle Contae, dar le Cullen.
Dúirt an Comhairleoir Pádraig Mac an Iomaire, Fine Gael, gur theastaigh bóthar nua i gConamara Theas ar chuimse cúiseanna agus go raibh obair agus fostaíocht ar cheann mór acu sin, a deir sé. “Tá an t-uafás ama á chaitheamh ag taisteal de bharr tranglam tráchta,” a deir an Comhairleoir Mac an Iomaire.
“I saol lucht gnó agus forbartha is ionann am amú agus airgead amú,” a deir sé. Dúirt sé go bhfuil sé an-deacair fostóirí a thabhairt siar go Gaeltacht Chonamara anois de bharr an bhail atá ar na bóithre agus go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin go práinneach. Ag deireadh an chruinnithe mhol an Comhairleoir Ó Cualáin go bhféachfaí le tús a chur le hiarracht eile agus glacadh leis an mbeartas a mhol sé – iarratas go dtacódh an Roinn le staidéar straitéiseach.
Ach ina dhiaidh sin, chaithfí a dhul thrí chuile chéim den réiteach arís agus cúrsa don bhóthar a roghnú. Ansin a thiocfadh an crú ar an tairne an athuair.
San alt dátheangach seo, pléann ár gcolúnaí Gaelg, Isla Callister, féile agus nósanna na Nollag ina hoileán dúchais – Manainn. Foilsítear colúin Isla anseo i Manainnis agus i nGaeilge (Gaeilge thíos).
Bee yn Nollick anchasley yn vlein shoh son ymmodee sleih mygeayrt y theihll. Lurg taghyrtyn y vlein, s’licklee dy jean tradishoonyn as plannyn y Nollick caghlaa mastey reddyn elley. Er y fa shoh, ta’n coloartys mychione y chooish tuittym dy trome er ymmodee sleih neesht.
Choud’s ta treisht veg ayn dy jig tooilley naight mie ’sy vlein noa, ta’n traa ry-heet foast gennaghtyn neu-hickyr. Ayns traaghyn myr shoh, oddagh shenn tradishoonyn y Nollick, er y chooid sloo, arral conrieughid aigney, as ta palçhey jeusyn ayns Mannin.
Hie yn ‘Chegeesh Ommidjagh’ er chummal veih’n Ard-Gheurey (21oo Mee ny Nollick) derrey shenn laa y Nollick (6oo Jerrey Geuree) er’n ellan. V’eh traa dy scuirr gobbragh as jannoo giense, as ghow shoh cummey ayns mooarane dy chliaghtaghyn er-lheh.
Va’n tradishoon s’keoie bentyn rish ny ‘possanyn Mollag’ ren rouail mygeayrt ny baljyn feiy’n Chegeesh Ommidjagh. Hie ad mygeayrt goaill arrane, daunsey as cloie greinyn kiaullee jeant ‘sy thie. Chur ad lhieu ‘mollagyn’ (eddryman keyrrey sheidit seose) as woaill ad peiagh erbee lesh tra haink ad ro faggys. V’ad yeearree er argid, agh s’licklee dy row ad eekit dy gholl ersooyl! Foddee dy nee shoh oyr nagh nee tradishoon cadjin t’ayn ny laghyn t’ayn jiu.
Gollrish ny possanyn Mollag, va ceau pishyryn ec carvalee ‘sy cheeill er Oie’ll Verree ny tradishoon ommidjagh elley hannee ayns shennaghys neesht. Agh, foast ta shenn tradishoonyn ry-gheddin er yn ellan.
Ta ‘Ny Guillyn Baney’ er ve ny ayrn scanshoil jeh Nollick ayns Mannin rish ny smoo na daa-cheead blein. She cloie mummeraght aitt ta shoh, goaill stiagh gooynyn baney jesheenit, caggey, baase, aavioghey as noo ny ghaa. T’eh çheet gy kione lesh daunse cliwe gys carval ny Guillyn Baney as çheet gys baare lesh rollage shey-lhiattee jeant ass ny cliwenyn. Ga dy row shoh jeant dy mennick liorish deiney ayns ny shenn laaghyn, jiu ta failt er peiagh erbee goaill ayrn.
Foddee dy vel cliaghtaghyn smoo cadjin yn ellan ry gheddin er Laa’l Steoin (26oo Mee ny Nollick). Ta Shelg yn Drean ny cliaghtey t’er n’gholl er cummal neayr’s traa roie Chreestee. V’adyr cliaghtey goll magh er ny helg son drean, ‘ard-ree ny h-eeanlee’, as ny lurg, hug ad yn drean shelgit er maidjey er-lheh as hie eh er taishbyney. Va oanluckey, arraneys as daunsey ny ayrn jeh’n chliaghtey shoh as ga dy vel eh foast goll dy niartal jiu, s’baghtal dy vel eh er caghlaa harrish ny bleeantyn. Ny laghyn t’ayn jiu, cha nel assee
jeant da drean erbee, agh foast ta’n daunse as arraneys tradishoonagh jeant mygeayrt yn ellan.
Ta tradishoonyn Laa’l Steaoin currit gy jerrey lesh gamman Cammag, spoyrt ashoonagh yn ellan ta cosoylagh rish ‘shinty’ ny ‘hurling’, eddyr yn twoaie as yn yiass. Cha nel agh un reill ayn – cha nel reillyn erbee. Ta’n tradishoon er n’aase dy ghoaill stiagh seshoon kiaullee as arraneys ny lurg, soilshaghey dooin dy vel cliaghtaghyn goll er caghlaa ny laghyn t’ayn jiu.
Cre oddys yn chegeesh ommidagh cur shin ayns cooinaghtyn jeh eisht? Cha nel shoh dy ghra dy lhisagh shiu goll magh lesh eddrymyn keyrey sheidit ny ceau pishyryn ec carvalee yn vlein shoh. Va çhaghteraght scanshoil ec cree tradishoonyn ‘ommidjagh’ y Nollick – gow aash voish dty choorse.
Son ny shenn Manninee, ghow shoh yn chummey jeh’n chegeesh ommidjagh, agh lurg blein doillee as neuchadjinagh, t’eh jeh’n scansh smoo dy gholl ec yn vieauid ayd hene, dy ve kenjal rhyt hene as dy slannaghey oo hene. Jean red ennagh son dty aittys hene, ommidjagh ny dyn.
Beidh an Nollaig difriúil i mbliana do neart daoine timpeall an domhain. I ndiaidh imeachtaí na bliana, is dócha go n-athrófar traidisiúin agus pleananna na Nollag i measc rudaí eile. Mar gheall air seo, tá an chaint ar an ábhar ag titim go trom ar neart daoine chomh maith.
Chomh fada agus tá muinín beag ann go dtiocfaidh tuilleadh nuacht mhaith sa bhliain nua, tá an todhchaí fós éiginnte. In amanna mar seo, d’fhéadfadh seantraidisiúin na Nollag, ar a laghad, éalú a thairiscint agus tá neart acusan i Manainn.
Bíonn an ‘Chegeesh Ommidjagh’ [an Choicís Amaideach ann ón Ard-Gheurey (21 Nollaig) go dtí Seanlá na Nollag (6 Eanáir) san oileán. Tráth a bhí ann a stoptaí an obair agus dhéantaí cóisir, agus is léir é sin i go leor de na nósanna.
Bhain an traidisiún ba chraiceáilte leis na ‘possanyn Mollag’ a dhéanadh camchuairt timpeall na mbailte ar feadh na Coicíse Amaidí. Ghabhadh siad timpeall ag gabháil fhoinn, ag damhsa agus ag seinm uirlisí ceoil de dhéantús baile. Thugadh siad leo ‘baoithe’ (lamhnán caora séidte suas) agus bhuaieadh siad duine ar bith leis nuair dá dtagadh siad róghairid. Bhíodh siad iarraidh airgid, ach is dócha go n-íoctaí iadle dul ar shiúl! B’fhéidir gurb é seo an fáth nach traidisiún coitianta atá ann sa lá atá inniu ann.
Cosúil leis na possanyn Mollag, bhíodh caitheamh piseanna ag ceoltóirí carúl sa chill ar Oíche Fhéile Mhuire ina thraidisiúin amaideach eile a d’fhan sa stair chomh maith. Ach, tá seantraidisiúin fós ar fáil san oileán.
Tá ‘Na Buachaillí Bána’ tar éis a bheith ina chuid thábhachtach den Nollaig i Manainn le níos mó ná dhá chéad bliain. Is cluiche ait cleamaireachta é seo, ina gcuimsítear gúnaí bána maisithe, cogadh, an bás, an athbheochan agus naomh nó dhó. Tagann sé chun críche le damhsa claimhte Charúl na mBuachaillí Bán agus ag teacht go barr le réalta séshleasach déanta as na claimhte. Cé go ndéanadh fir é go minic sna seanlaethanta, inniu tá fáilte roimh dhuine ar bith páirt a ghlacadh ann.
B’fhéidir go bhfuil nósanna is coitianta an oileán ar fáil ar Lá Fhéile Stiofáin. Tá Seilg an Dreoilín á chleachtadh ón aimsir réamh-Chríostaí. Bhítí ag dul amach ag seilg an dreoilín, ‘Ardrí na nÉan’, agus ina dhiaidh sin, chuirtí an dreoilín ar clár adhmaid agus théadh sé ar taispeáint. Bhí adhlactha, amhránaíocht agus damhsa ina chuid den chleachtadh seo agus cé go bhfuil sé fós ag dul go tréan inniu, is léir go bhfuil sé athraithe i gcaitheamh na mblianta. Sa lá atá inniu ann, ní dhéantar dochar
do dhreoilín ar bith, ach fós tá déantar an damhsa agus amhránaíocht thraidisiúnta timpeall an oileáin.
Tugtar traidisiúin Lá Fhéile Stiofáin chun chríche le cluiche camógaíochta, spórt
Tá traidisiúin Lá Fhéile Stiofáin tugtha go deireadh le cluiche iomána, spórt náisiúnta an oileáin atá cosúil le ‘ camanachd’ nó ‘iomáint’, idir an tuaisceart agus an deisceart. Níl ach aon riail amháin ann — níl rialacha ar bith ann! Tá an traidisiún tar éis fás agus tá seisiún ceoil agus amhránaíochta ina dhiaidh ina dlúthchuid de anois, rud a thaispeánann dúinn go bhfuil nósanna á n-athrú sa lá atá inniu ann.
Céard is féidir leis an gCoicís Amaideach a mheabhrú dúinn mar sin? Ní hé le rá gur chóir duit dul amach le lamhnán caora ná piseanna a chaitheamh ag carvalee an bhliain seo. Bhí teachtaireacht thábhachtach ag croí traidisiúin ‘amaideach’ na Nollag – glac sos ó do shaol.
Do na seanMhanannaigh, ghabh seo an phlean den choicís amaideach, ach i ndiaidh bliain dheacair agus neamhghnách, is é an rud is tábhachtaí ná dul ag an luas atá agat féin, a bheith cineálta leat féin agus do do shlánú tú féin. Déan rud éigin ar son do áthais féin, amaideach nó eile.
Tá 727 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte. Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt acu. Deir an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan go bhfuil cúrsaí “an-an-tromchúiseach”.
Deir an tOllamh Philip Nolan go bhfuil líon na gcásanna nua den ghalar ag fás 5% ar a laghad in aghaidh an lae agus go bhfuil an galar á scaipeadh níos sciobtha anois ná mar a bhí aon uair ón earrach.
D’fhéadfadh go bhfuil ráta atáirgthe an ghalair anois idir 1.5 agus 1.6.
Dúirt Nolan go bhfuil rudaí chomh holc anois i mBaile Átha Cliath is a bhí nuair ba mheasa an dara maidhm mí Dheireadh Fómhair. Fógraíodh 311 cás nua i mBaile Átha Cliath tráthnóna.
Má leanann an galar ag scaipeadh mar atá beidh 1,300 cás sa lá sa stát faoin 6 Eanáir, a deir Nolan. 1,800 cás a bheadh ann le fás 7%.
Bhain 44 den 727 cás nua inniu le Dún na nGall, 44 cás eile a bhain le Corcaigh, 24 cás a bhí i gCiarraí agus 24 cás a bhí i gcontae na Mí.
16 cás a bhí i bPort Láirge, 15 cás a bhí i nGaillimh agus níos lú ná cúig chás a bhí i gceist i Maigh Eo.
241 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus 29 díobhsan atá in aonad dianchúraim.
D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 555 cás nua den ghalar deimhnithe ansin le lá anuas agus go raibh seachtar eile a raibh an galar orthu básaithe.
Tá 446 othar sna hospidéil agus an galar tolgtha acu agus tá 30 acusan in aonad dianchúraim.
Tá ráta scaipthe an Covid-19 sa stát anois imithe suas go dtí 122.4 cás in aghaidh gach 100,000.
Is i nDún na nGall atá an ráta is airde go fóill – 274. Tá an ráta i gCiarraí – 125 -os cionn an mheánráta náisiúnta freisin.
Ráta 119 atá i gcontae na Mí, 111 atá i Maigh Eo, 108 atá i bPort Láirge, 59 atá i gCorcaigh agus 52 atá i nGaillimh.
Is maith an seans go mbeidh taisteal ó chontae go contae ar cheann de na hábhair a phléifidh an Rialtas amárach agus srianta breise á bplé acu. Sin a bhí le rá ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney ar maidin. Dúirt sé chomh maith go measann sé go gcuirfear na srianta breise sin i bhfeidhm roimh Lá Nollag an mBan, an 6 Eanáir.
Bhí an rud céanna le rá ag an Aire Iompair Eamon Ryan agus é den tuairim go bhfógrófaí srianta breise amárach. Dúirt Ryan gur drochsheans go scaoilfí an cosc ar thaisteal as an mBreatain roimh an Nollaig.
Cé gur oth leis a gcás, dúirt Eamon Ryan nach mbeadh na hÉireannaigh atá ina gcónaí sa mBreatain in ann filleadh abhaile i gcomhair na Nollag.
Tá pleananna á réiteach ag an Rialtas chun daoine a chónaíonn in Éirinn agus atá sáinnithe sa mBreatain a thabhairt abhaile. Daoine iad sin a bhí ag teacht thar sáile trí aerfort sa Bhreatain nó a bhí thall i mbun oibre. Seachas iadsan, daoine atá riachtanach ó thaobh a gcuid oibre amháin a ligfear anall.
Dúirt Simon Coveney go ndéanfaí chuile iarracht tiománaithe leoraithe, atá sáinnithe sa Ríocht Aontaithe agus iad ar a mbealach chun na Mór-Roinne, a thabhairt abhaile.
Tá thart ar 250 leoraí as an tír seo sáinnithe thall i Sasana ó chuir an Fhrainc deireadh leis an trácht ar fad ón Ríocht Aontaithe chun na tíre sin – bíodh sin ar bóthar, ar muir nó san aer. Tá an cosc i bhfeidhm ó mheán oíche aréir go ceann 48 uair an chloig agus iarracht atá ann an cineál nua den choróinvíreas atá an-tógálach agus atá ag scaipeadh go rábach in oirdheisceart Shasana a choinneáil amach as an bhFrainc.
Dúirt Aire Iompair na Fraince, Jean-Baptiste Djebbari, go nglacfaí le prótacal ag leibhéal an Aontais Eorpaigh “lena chinntiú go bhféadfadh an córas iompair ón Ríocht Aontaithe feidhmiú arís”.
Tá sé deimhnithe ag Aire Oideachais Stormont, Peter Weir go mbeidh daltaí iarbhunscoile sa Tuaiscirt nach bhfuil scrúduithe stáit acu i mbliana ag foghlaim ón mbaile ón 25 Eanáir go dtí saoire lár téarma mhí Feabhra.
Dúirt an tAire Weir leis an bhFeidhmeannas: “Ag brath ar an staid ina mbeidh cúrsaí sláinte phoiblí, táim ag moladh go mbeadh daltaí ag foghlaim ó chian ón 25 Eanáir go dtí an lár téarma, gach dalta dara leibhéal nach bhfuil scrúdú stáit acu i mbliana.”
“Caithfimid na daltaí is mó atá i mbaol ó thaobh na sláinte a chosaint, teastaíonn uainn na scoileanna speisialta a choinneáil ar oscailt agus soláthar a dhéanamh do na daltaí is leochailí atá againn,” a dúirt an tAire Weir.
Bhí Aire Sláinte Stormont, Robin Swann, tar éis amhras a chaitheamh ar athoscailt na scoileanna roimhe sin. Dúirt Swann go raibh sé ag glacadh comhairle ón bpríomhoifigeach sláinte agus ón gcomhairleoir eolaíochta. “Ní dóigh liom go mbeifear ábalta filleadh ar an scoil mar is gnáth i mí Eanáir,” a dúirt Swann.
3,361 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,158 duine ó dheas den teorainn agus 1,203 duine ó thuaidh di.
142,764 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 80,267 cás ó dheas agus 62,497 ó thuaidh.
Thug rialálaí cógais leighis na hEorpa, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, ceadú coinníollach do vacsaín Covid-19 Pfizer/BioNTech inniu. Ní thabharfar an vacsaín d’aon duine san Aontas Eorpach nó go mbeidh cruinniú ag an gCoimisiún Eorpach arú amárach ag a bpléifear faomhadh na vacsaíne.
Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, an tseachtain seo caite go gcuirfí tús leis an vacsaíniú san Aontas Eorpach idir an 27-29 Nollaig.
Cheadaigh an rialálaí cógais san Eilvéis an vacsaín ag an deireadh seachtaine.
Sraith d’fhíseáin ar NÓS, déanta i gcuideachta Dearcán Media ina léirítear gnímhíochtaí úra na Gaeilge. Léiriú ina bhfuil Myra Zepf, scríbhneoir a bhfuil moll mór duaiseanna bainte amach aici, ag tabhairt faoi phobal léitheoireachta óige a chruthú thart ar an tsraith leabhar Rita, maisithe ag Andrew Whitson, agus cuirtear i gcló ag An tSnáthaid Mhór i mBéal Feirste.
Bhuel tá an chéad seimeastar ollscoile curtha díom agam…cineál…beagnach. Chaith mé an tseachtain atá bailithe tharainn suite os comhair mo ríomhaire ó mhaidin go faoithin ag iarraidh a bheith ag cur tionscnaimh agus obair scoile agus scrúdaithe ranga i gcrích.
Nuair a chuirtear rud ar an méar fhada tagann sé féin agus an spriocdháta aniar aduaidh ort an-sciobtha agus déanann siad cinnte go mbíonn aiféala ort. Agus creid uaim é bhí i bhfad níos mó ná rud amháin curtha ar an méar fhada ag Domhnaillín.
Chuaigh mé féin agus mo mhéit ag spionnáil sa gcarr Dé Luain mar bhí sé sin ag teastáil go géar uaim. Mar atá a fhios agat má leigh tú cuid de na hailt eile a scríobh mé, bhí mé ag cailleadh na meabhrach agus mar sin nuair a chuaigh an tír ó Ghéibheann a 5 go Géibheann a 3 dúirt an bheirt againn go mbeadh tairbhe ann dúinn dá gcasfadh muid le chéile agus comhrá a bheith againn taobh amuigh de Snapchat. (Níor leag muid lámh ar a chéile agus bhí mascanna agus chuile shórt i gceist ná bíodh imní ort.) Cé gur chuir an lá gan obair níos mó brú orm bhí gá leis.
Ar aon chuma bhí cheithre lá fágtha agam agus liosta níos faide ná an ceann a bhí ag Martin Luther de rudaí le a bhí déanamh agam roimh an Aoine sin. Leag mé orm féin; thosóinn ag a naoi ar maidin agus bheinn ann go dtí a deich nó a haon déag a chlog san oíche.
An t-achar sin uilig ní raibh ann ach mise, mo ríomhaire agus Blindboy ar na cluasáin agam. (Tá a fhios agam go bhfuil mé trí bliana ró-mhall ach tá an podchraoladh go maith a leaids. Chuaigh mé trí beagnach tríocha clár an fhad agus a bhí mé ag obair)
Mar sin tráthnóna Dé hAoine bhrúigh mé upload ar an rud deiridh agus suas liom a chodladh. Dhúisigh mé ar maidin lá arna mháireach agus bhí ualach bainte díom. Faoiseamh faoi dheireadh thiar thall ó fhíor-dhrochthéarma scoile. Airíonn an tsaoirse seo thar cionn – cé nach mbeidh sí agam ach seal beag gairid.
Mar gheall gur bhrúigh siad tús na scoilbhliana siar mí, ní bheidh na scrúduithe againn go dtí th’éis mhí Eanáir. An bhfuil a fhios agat céard a chiallaíonn sé sin? Staidéar i rith am saoire, mar bíodh a fhios agat nár fhoghlaim mé rud ar bith i mbliana.
Mar sin idir thart ar Lá Fhéile Stiofáin agus an 11 Eanáir beidh Domhnall ag cíoradh chuile nóta ranga agus ag déanamh leathanaigh nótaí amach do na scrúduithe. (Ní hin séitéireacht ná caimiléireacht! Tá cead againn!). Agus gabhfaidh na scrúduithe ar aghaidh as sin go dtí an 22 Eanáir. Tá sé iontach go mbeidh mo lá breithe i rith am na scrúduithe. Tá mé thar a bheith sásta faoi sin.
Mar sin bainfidh mé taitneamh as an mbriseadh gearr seo mar nuair a bheidh an turcaí ite agus an dreoilín ina rí arís beidh Domhnall ar ais agus a shrón sna leabhra. Nollaig Mhór Mhaith Agat.
Táimid tagtha slán go dtí seo i mbliana agus ní beag san. A leithéid de bhliain mar 2020, is ar éigean go ligfear i ndearmad é. Níl sé thart fós. Tá cúpla seachtain eile le dul ach nár bhreá linn ar fad athbhliain a bheith ann agus é fé mhaise agus sinn go léir ar ais ar ár seanléim. Is bliain é seo a bheidh breactha i stair na cruinne, mothaím, bliain a rith sé deacair orm breith air i bhfocail, amhail is go rabhas ag iarraidh speirling a cheapadh i gcupán.
Ag tús na bliana seo, bhíomar lán dóchais, ag súil go mbeadh réiteach sásúil ar an mBreatimeacht, go mbeadh bata agus bóthar tugtha do Donald Trump agus, anseo sa bhaile, go mbeadh toghchán ann a shocródh ár gcúrsa polaitiúil féin. Bhíomar ar mhuin na muice, cheapamar, cé go raibh éiginnteacht áirithe san aer.
Ní raibh aon súil againn go dtiocfadh scéal an víris aniar – nó anoir – aduaidh orainn. Is cuimhin liom a bheith ag tuairisciú faoi i mí Eanáir – is amhlaidh go raibh mo mhac le dul ar chuairt staidéir go dtí an tSín agus de bharr ráig den aicíd nua seo thall, bhí ar na húdaráis an chuairt a chur ar ceal, údar díomá do mo mhac agus go leor daltaí iar-bhunscoile ar fud an chontae a roghnaíodh le dul ar an turas.
Níor thuigeas ag an am go mbeadh an t-oileán seo chomh plúchta ag an víreas i gceann cúpla mí is a bhí an tSín ag an am sin. Agus, fiú, go mbeadh an víreas ceannsaithe, a bheag nó a mhór, sa tSín ag an am a raibh lucht meánscoile Chorcaí ceaptha a bheith ag taisteal chun na hÁise.
Is cosúil gur shleamhnaigh an víreas isteach go hÉirinn. Agus na capaill ag taisteal thar chliatha Cheltenham sa Bhreatain bhíomar ag cur cúpla Euro ar roghanna na n-údar sna rásaí éagsúla.
An t-aon gheall cinnte ná gur dóichí ná a mhalairt go mbeadh an víreas in Éirinn de thoradh ar fhilleadh lucht tacaíochta na gcapall. Ní hamháin sin ach bhí na sluaite ag teacht go hÉirinn chun bheith i láthair ag cluiche idirnáisiúnta rugbaí idir foirne na hÉireann is na hIodáile i gCraobh na Sé Náisiún. Cuireadh an cluiche ar athló ach bhí tacadóirí na Azzurri in Éirinn ar aon nós agus thug siad leo an aicíd ó thír ina bhí ina lár don ghalar san Eoraip ag an am.
Ar eagla na míthuisceana, ní ar mhaithe le locht a chur ar éinne a luaim na samplaí seo ach le béim a leagadh ar an ndúil mharfach atá ionainn sa chine daonna a bheith beo agus ag sóisialú le daoine eile agus go bhfuilimid sásta dul sa bhearna bhaoil más gá chun amhlaidh a dhéanamh.
Agus luaidreáin faoin víreas ag teacht inár dtreo, bhí gnó eile idir lámha ag vótóirí na tíre agus feachtas olltoghcháin ar bun i ndúluachra an Gheimhridh agus polaiteoirí ag póirseáil timpeall ó dhoras go doras ag lorg Uimhir 1 uainn. Toghchán é a chroith ár ndomhan polaitiúil ó bhun go barr. Bhí Sinn Féin ag iarraidh ar an dtoghlach ár nguth a thabhairt don ‘athrú’ agus dheineamar amhlaidh.
Fuair SF an líon is mó vótaí is suíocháin dá n-iarrthóirí ó bhí Olltoghchán 1918 ann. Ach dá mb’athrú suntasach é sin – agus dob ea – bhí athrú cinniúnach eile ar an dtírdhreach pholaitiúil in Éirinn nuair a tháinig Fianna Fáil agus Fine Gael, céilí comhraic le céad bliain anuas ó Chogadh na gCarad, agus an Comhaontas Glas, le chéile chun comhrialtas a bhunú. Ná cuirtear as an áireamh gur ghlac sé geall leis cúig mhí an Rialtas nua a bhunú agus ní túisce i gcumhacht iad go raibh siad báite i scannail agus conspóid. Ní raibh sé seachtaine caite go raibh an tríú hAire Talamhaíochta le ceapadh. Bhí ar bheirt eile éirí as de bharr conspóidí éagsúla – fuarthas amach go raibh Barry Cowen ag tiomáint fé thionchar an óil agus gan ach ceadúnas sealadach aige, agus bhí Dara Calleary i láthair ag ócáid mhíchlúiteach ar a dtugtar Golfgate. Tá a fhios agat go mbíonn fearg ar dhaoine faoi rud éigin nuair a bhronntar an t-aguisín ‘-gate’ air. Is cinnte go raibh aiféala ar Dhara Calleary mar ní imríonn sé galf – is é a mheall an chonspóid ná a rannpháirtíocht i ndinnéar ag a raibh breis is 80 i láthair (i dhá sheomra éagsúla) tráth a raibh cosc ar a leithéid de bharr shrianta chun COVID-19 a chur faoi chois.
Nuair a thug an saoi Síneach, Confucius, beannacht dá lucht leanúna go mbeadh siad beo in am suimiúil, níor shamhlaigh sé riamh go mbeadh siad chomh suimiúil leis an mbliain atá caite againn. Is cinnte gur bliain shuimiúil a bhí ann do thuairisceoirí – cé go raibh go leor againn ag obair go dian dícheallach ó oifig tí.
Ní hamháin gur cuireadh cosc ar dhaoine obair ina ngnáthláithreacha oibre – ach is ar éigean a bhí cead thar theorainn chontae againn de bharr na n-iarrachtaí scaipeadh na haicíde a mhaolú.
Chaitheas féin cúpla saoire in Éirinn le linn an tsamhraidh cé gur imíos thar sáile le haghaidh ceann acu – cúpla oíche álainn ar Inis Oírr ag sú na gréine, ag snámh agus ag ithe is ag ól mo sháith. Bhíos i gCiarraí freisin, ar thrá Dhoire Fhíonáin a fuaireas fuascailt ó ghaoth ghránna an víris ar feadh lá breá gréine ag deireadh an tsamhraidh.
Beidh cuimhne ag ár bpáistí ar feadh i bhfad ar an tsaoire gan choinne a fuair siad ó ghéibhinn na scoile – d’fhag siad an scoil ar an 12 Márta is níor fhill siad go tús mhí Mheán an Fhómhair. Tá siad sa chéad líne chatha ó shin agus tá siad ag seasamh ann go cróga agus le haoibh an gháire go fóill ar a n-aghaidh, cé go bhfuil gach rud sultmhar a bhaineann le saol na scoile, an chraic a bhaineann le himeachtaí iarscoile is a leithéid, srianta go mór.
Bhí an oiread sin rudaí ann nach dócha go dtarlóidh arís – atáimid ag súil nach dtarlóidh arís – ag titim amach inár saol féin gur ar éigean gur thugamar faoi ndeara na sorcais eile a bhí ar bun – toghchán uachtarántachta SAM mar shampla. Tá Donald Trump ar a bhealach amach as an dTeach Bhán ach, cosúil leis an leagan fada de COVID, is eagal liom go mbeidh iarmhairtí a pholasaithe drochaigeanta is lomchaipitileacha á n-iomrascáil ag a chomharba, Joe Biden, agus an domhan trí chéile go ceann i bhfad eile.
Tá taoide an Bhreatimeachta ag líonadh agus seo á scríobh agus gach seans go mbrisfidh sé ar an dtrá roimh i bhfad – ar shamhlaigh éinne go mbeadh sé chomh fadalach leis seo an t-aoi nár theastaigh uaidh a bheith ag an gcóisir a sheoladh abhaile? Níor cheart beag a dhéanamh den aimhréidh a chruthaigh an Bhreatain lena chur chuige leithleasach agus an claonadh gan beartú de réir briathair, is dócha.
Tá an Nollaig ag teannadh linn, séasúr ceiliúrtha faoi shrian agus faoi scáth i mbliana.
Tá línte ó dhán a scrígh m’athair, Dónal Ó Liatháin, a ritheann liom ag an am seo.
“Nó an dtiocfaidh eochair an Nollaig, a réiteoidh dúinn an glas,
go déanfaimid ár gcúrsa, thar táirseach amach.”
Táimíd dóchasach nach leanfaidh an tríú tonn den ghalar san Earrach agus go mbeidh an vacsaín mar dhíon cosanta againn sar i bhfad. Tá teist curtha ar ár gcreideamh ionainn féin mar phobal, ní áirím ar ár gcreideamh i gcumhacht níos cumhachtaí arís, agus is cosúil go bhfuilimid tagtha tríd go dtí seo. Ní beag san, agus seasfaidh sé sin linn.
Ach mothaím i mo chnámha gur mó arís na teisteanna atá romhainn san am atá le teacht agus, mar shampla amháin den dainséar atá os ár gcomhair, an t-athrú a bhí ag teacht ar an aeráid i rith an ama go léir a raibh ár n-aird dírithe ar rudaí eile. B’fhéidir gur níos dúshlánaí fós a bheidh na blianta atá romhainn.
Táimid tagtha slán go dtí seo i mbliana agus ní beag san. A leithéid de bhliain mar 2020, is ar éigean go ligfear i ndearmad é. Níl sé thart fós. Tá cúpla seachtain eile le dul ach nár bhreá linn ar fad athbhliain a bheith ann agus é fé mhaise agus sinn go léir ar ais ar ár seanléim. Is bliain é seo a bheidh breactha i stair na cruinne, mothaím, bliain a rith sé deacair orm breith air i bhfocail, amhail is go rabhas ag iarraidh speirling a cheapadh i gcupán.
Ag tús na bliana seo, bhíomar lán dóchais, ag súil go mbeadh réiteach sásúil ar an mBreatimeacht, go mbeadh bata agus bóthar tugtha do Donald Trump agus, anseo sa bhaile, go mbeadh toghchán ann a shocródh ár gcúrsa polaitiúil féin. Bhíomar ar mhuin na muice, cheapamar, cé go raibh éiginnteacht áirithe san aer.
Ní raibh aon súil againn go dtiocfadh scéal an víris aniar – nó anoir – aduaidh orainn. Is cuimhin liom a bheith ag tuairisciú faoi i mí Eanáir – is amhlaidh go raibh mo mhac le dul ar chuairt staidéir go dtí an tSín agus de bharr ráig den aicíd nua seo thall, bhí ar na húdaráis an chuairt a chur ar ceal, údar díomá do mo mhac agus go leor daltaí iar-bhunscoile ar fud an chontae a roghnaíodh le dul ar an turas.
Níor thuigeas ag an am go mbeadh an t-oileán seo chomh plúchta ag an víreas i gceann cúpla mí is a bhí an tSín ag an am sin. Agus, fiú, go mbeadh an víreas ceannsaithe, a bheag nó a mhór, sa tSín ag an am a raibh lucht meánscoile Chorcaí ceaptha a bheith ag taisteal chun na hÁise.
Is cosúil gur shleamhnaigh an víreas isteach go hÉirinn. Agus na capaill ag taisteal thar chliatha Cheltenham sa Bhreatain bhíomar ag cur cúpla Euro ar roghanna na n-údar sna rásaí éagsúla.
An t-aon gheall cinnte ná gur dóichí ná a mhalairt go mbeadh an víreas in Éirinn de thoradh ar fhilleadh lucht tacaíochta na gcapall. Ní hamháin sin ach bhí na sluaite ag teacht go hÉirinn chun bheith i láthair ag cluiche idirnáisiúnta rugbaí idir foirne na hÉireann is na hIodáile i gCraobh na Sé Náisiún. Cuireadh an cluiche ar athló ach bhí tacadóirí na Azzurri in Éirinn ar aon nós agus thug siad leo an aicíd ó thír ina bhí ina lár don ghalar san Eoraip ag an am.
Ar eagla na míthuisceana, ní ar mhaithe le locht a chur ar éinne a luaim na samplaí seo ach le béim a leagadh ar an ndúil mharfach atá ionainn sa chine daonna a bheith beo agus ag sóisialú le daoine eile agus go bhfuilimid sásta dul sa bhearna bhaoil más gá chun amhlaidh a dhéanamh.
Agus luaidreáin faoin víreas ag teacht inár dtreo, bhí gnó eile idir lámha ag vótóirí na tíre agus feachtas olltoghcháin ar bun i ndúluachra an Gheimhridh agus polaiteoirí ag póirseáil timpeall ó dhoras go doras ag lorg Uimhir 1 uainn. Toghchán é a chroith ár ndomhan polaitiúil ó bhun go barr. Bhí Sinn Féin ag iarraidh ar an dtoghlach ár nguth a thabhairt don ‘athrú’ agus dheineamar amhlaidh.
Fuair SF an líon is mó vótaí is suíocháin dá n-iarrthóirí ó bhí Olltoghchán 1918 ann. Ach dá mb’athrú suntasach é sin – agus dob ea – bhí athrú cinniúnach eile ar an dtírdhreach pholaitiúil in Éirinn nuair a tháinig Fianna Fáil agus Fine Gael, céilí comhraic le céad bliain anuas ó Chogadh na gCarad, agus an Comhaontas Glas, le chéile chun comhrialtas a bhunú. Ná cuirtear as an áireamh gur ghlac sé geall leis cúig mhí an Rialtas nua a bhunú agus ní túisce i gcumhacht iad go raibh siad báite i scannail agus conspóid. Ní raibh sé seachtaine caite go raibh an tríú hAire Talamhaíochta le ceapadh. Bhí ar bheirt eile éirí as de bharr conspóidí éagsúla – fuarthas amach go raibh Barry Cowen ag tiomáint fé thionchar an óil agus gan ach ceadúnas sealadach aige, agus bhí Dara Calleary i láthair ag ócáid mhíchlúiteach ar a dtugtar Golfgate. Tá a fhios agat go mbíonn fearg ar dhaoine faoi rud éigin nuair a bhronntar an t-aguisín ‘-gate’ air. Is cinnte go raibh aiféala ar Dhara Calleary mar ní imríonn sé galf – is é a mheall an chonspóid ná a rannpháirtíocht i ndinnéar ag a raibh breis is 80 i láthair (i dhá sheomra éagsúla) tráth a raibh cosc ar a leithéid de bharr shrianta chun COVID-19 a chur faoi chois.
Nuair a thug an saoi Síneach, Confucius, beannacht dá lucht leanúna go mbeadh siad beo in am suimiúil, níor shamhlaigh sé riamh go mbeadh siad chomh suimiúil leis an mbliain atá caite againn. Is cinnte gur bliain shuimiúil a bhí ann do thuairisceoirí – cé go raibh go leor againn ag obair go dian dícheallach ó oifig tí.
Ní hamháin gur cuireadh cosc ar dhaoine obair ina ngnáthláithreacha oibre – ach is ar éigean a bhí cead thar theorainn chontae againn de bharr na n-iarrachtaí scaipeadh na haicíde a mhaolú.
Chaitheas féin cúpla saoire in Éirinn le linn an tsamhraidh cé gur imíos thar sáile le haghaidh ceann acu – cúpla oíche álainn ar Inis Oírr ag sú na gréine, ag snámh agus ag ithe is ag ól mo sháith. Bhíos i gCiarraí freisin, ar thrá Dhoire Fhíonáin a fuaireas fuascailt ó ghaoth ghránna an víris ar feadh lá breá gréine ag deireadh an tsamhraidh.
Beidh cuimhne ag ár bpáistí ar feadh i bhfad ar an tsaoire gan choinne a fuair siad ó ghéibhinn na scoile – d’fhag siad an scoil ar an 12 Márta is níor fhill siad go tús mhí Mheán an Fhómhair. Tá siad sa chéad líne chatha ó shin agus tá siad ag seasamh ann go cróga agus le haoibh an gháire go fóill ar a n-aghaidh, cé go bhfuil gach rud sultmhar a bhaineann le saol na scoile, an chraic a bhaineann le himeachtaí iarscoile is a leithéid, srianta go mór.
Bhí an oiread sin rudaí ann nach dócha go dtarlóidh arís – atáimid ag súil nach dtarlóidh arís – ag titim amach inár saol féin gur ar éigean gur thugamar faoi ndeara na sorcais eile a bhí ar bun – toghchán uachtarántachta SAM mar shampla. Tá Donald Trump ar a bhealach amach as an dTeach Bhán ach, cosúil leis an leagan fada de COVID, is eagal liom go mbeidh iarmhairtí a pholasaithe drochaigeanta is lomchaipitileacha á n-iomrascáil ag a chomharba, Joe Biden, agus an domhan trí chéile go ceann i bhfad eile.
Tá taoide an Bhreatimeachta ag líonadh agus seo á scríobh agus gach seans go mbrisfidh sé ar an dtrá roimh i bhfad – ar shamhlaigh éinne go mbeadh sé chomh fadalach leis seo an t-aoi nár theastaigh uaidh a bheith ag an gcóisir a sheoladh abhaile? Níor cheart beag a dhéanamh den aimhréidh a chruthaigh an Bhreatain lena chur chuige leithleasach agus an claonadh gan beartú de réir briathair, is dócha.
Tá an Nollaig ag teannadh linn, séasúr ceiliúrtha faoi shrian agus faoi scáth i mbliana.
Tá línte ó dhán a scrígh m’athair, Dónal Ó Liatháin, a ritheann liom ag an am seo.
“Nó an dtiocfaidh eochair an Nollaig, a réiteoidh dúinn an glas,
go déanfaimid ár gcúrsa, thar táirseach amach.”
Táimíd dóchasach nach leanfaidh an tríú tonn den ghalar san Earrach agus go mbeidh an vacsaín mar dhíon cosanta againn sar i bhfad. Tá teist curtha ar ár gcreideamh ionainn féin mar phobal, ní áirím ar ár gcreideamh i gcumhacht níos cumhachtaí arís, agus is cosúil go bhfuilimid tagtha tríd go dtí seo. Ní beag san, agus seasfaidh sé sin linn.
Ach mothaím i mo chnámha gur mó arís na teisteanna atá romhainn san am atá le teacht agus, mar shampla amháin den dainséar atá os ár gcomhair, an t-athrú a bhí ag teacht ar an aeráid i rith an ama go léir a raibh ár n-aird dírithe ar rudaí eile. B’fhéidir gur níos dúshlánaí fós a bheidh na blianta atá romhainn.
Tá freagra eile i mBéarla tugtha ar cheist Dála i nGaeilge ag aire rialtais ar gabhadh leithscéal ar a shon nuair a rinne sé an rud céanna cúpla mí ó shin.
Chuir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, ceist i nGaeilge ar an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an tseachtain seo caite maidir leis na socruithe atá déanta ina roinn ó thaobh na Gaeilge, ach is a mBéarla a tugadh freagra air.
Chuir Ó Snodaigh, cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, an cheist chéanna ar na ranna rialtais eile agus is í an Roinn Comhshaoil an t-aon cheann díobh ar theip uirthi freagra i nGaeilge a thabhairt.
An lá tar éis dóibh an freagra Béarla a thabhairt, thug an Roinn Comhshaoil freagra i nGaeilge ar cheist Uí Shnodaigh.
Tá sé tugtha le fios ag Ó Snodaigh do Tuairisc.ie go bhfuil sé chun gearán a dhéanamh faoin scéal le Ceann Comhairle na Dála.
Bhí Ó Snodaigh chun gearán a dhéanamh leis an gCeann Comhairle ag an am ach ní dhearna sé sin mar gur ghabh an Roinn Comhshaoil leithscéal faoin scéal agus toisc gur thug siad gealltanas nach dtarlódh a leithéid arís.
Nuair a tharla an chéad eachtra mí Mheán Fómhair, dúirt Ó Snodaigh gurbh é sin an chéad uair ó toghadh é in 2002 go bhfuair sé freagra Béarla ar cheist Dála i nGaeilge ach taobh istigh de dhá mhí, tá an rud céanna déanta arís ag an Roinn chéanna.
Tá cúrsaí an choróinvíris ag dul in olcas ar an oileán seo. Bhásaigh 13 duine ó thuaidh den teorainn le 24 uair an chloig agus deimhníodh gurbh é an víreas ba shiocair bháis ag ceathrar eile a bhásaigh le déanaí. Fágann sin go bhfuil 1,183 duine curtha den saol ag Covid-19 sa réigiún sin ó thús na paindéime. Fógraíodh go raibh an galar tolgtha ag 640 duine eile, sin 61,437 duine ar fad ón Márta. Tá 427 othar san ospidéal ag an víreas agus 30 acu in ionaid dianchúraim.
Ó dheas den teorainn fógraíodh go raibh 582 cás den ghalar againn inniu agus go raibh seisear eile tar éis bháis dá bharr. Tá 2,149 duine curtha den saol ag an víreas an taobh seo anois agus é tolgtha ag 78,254 duine. 198 othar atá san ospidéal ag Covid-19 agus 34 acusan atá in aonaid dianchúraim.
Dúirt an Príomhoifigeach Sláinte an Dr Tony Holohan inniu go raibh cúrsaí ag dul in olcas an-tapa: “Fianaise atá i bhfigiúirí an lae inniu go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas níos tapúla na mar a bhí á thuar againn. Má bhíonn daoine cúramach anois is féidir linn tionchar an ghalair sna seachtainí seo romhainn a mhaolú agus daoine atá leochaileach a chosaint.”
Deirtear nach dtagann an Nollaig ach uair sa bhliain, ach tá go leor áiteanna timpeall na hÉireann ina bhfuil rian den fhéile mhór gheimhridh le brath ó thús deireadh na bliana – na bailte agus na háiteanna sin a bhfuil gné éigin Nollaigiúil sa logainm.
Cé nach bhfuil an oiread sin acu ann ar mhórbhunachar na logainmneacha atá ag Logainm.ie, tá roinnt logainmneacha Nollaigiúla bailithe ag Meitheal an tsuímh, an grúpa sin daoine atá a bhíonn ag bailiú na mionlogainmneacha atá ar gharraithe, bóithríní agus cúinní bóthair ar fud na tíre.
Níl ach sampla amháin ag Logainm.ie den fhocal ‘Nollaig’ féin i logainm – an baile fearainn ‘Buaile na Nollag’ in oirdheisceart chontae na Gaillimhe. Aisteach go leor, tá ‘Buaile na Nollag’ in aon pharóiste le ‘Buaile na Cásca’.
Tá téama na Nollag, nó ar a laghad an gheimhridh, le feiceáil sa liosta logainmneacha seo a chuir Logainm.ie ar fáil do NÓS.
Doire na Mainséar – Co Dhún na nGall
Tá an baile fearainn seo ar bhruach na Locha Fada i Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall. Áit a gcoinnítí gabhair atá i gceist leis an mír ‘Mainséar’ sa chomhthéacs seo, agus ní áit a dtugtar slánaitheoirí an chine dhaonna ar an saol.
Buaile na Nollag – Co na Gaillimhe
Mar a luadh thuas, níl ach sampla amháin den fhocal ‘Nollaig’ féin ar bhunachar Logainm.ie ach tá go leor samplaí de thráthanna eile bliana agus d’fhéilte ar an mbunachar céanna. Luaitear an Cháisc, féile eile Chríostaíochta, ann trí huaire, agus is iomaí logainm ina dtagraítear do na seanfhéile Ceilteacha ar nós Tamhnaigh Bhealtaine agus Doire Shamhna.
Christmas Tree Corner – Co na Mí
Seo ainm páirce i gcontae na Mí, ainm a bailíodh don togra ‘Ainmneacha Páirce na Mí’. Deirtear gur cruthaíodh na páirceanna timpeall an cheantair seo agus bóthar á thógáil aimsir an Ghorta Mhóir.
Bóthar na dTurcaithe – Co Phort Láirge
Tá Bóthar seo na dTurcaithe i mbaile na Trá Móire ar chósta Phort Láirge. Ar ndóigh tá daoine ann arbh fhearr leo dul go hInis na nGé i dtuaisceart Mhaigh Eo le haghaidh dhinnéar na Nollag, agus daoine eile a sheachnódh an éineoil ar fad i nGlasraigh chontae an Dúin.
Paróiste San Niocláis – Co Luimnigh
Tá fianaise áirithe ann go raibh paróiste a ainmníodh as Nioclás Mhíora i Luimneach na céadta blianta ó shin. Thit séipéal Niocláis naofa, a bhíodh taobh le Caisleán Eoin i lár na cathrach, as a chéile am éigin sa 17ú hAois. Níl fágtha anois den seanpharóiste sin ach ainm na sráide ar a mbíodh an séipéal – Sráid San Niocláis. Cruthaíodh an paróiste nua seo a ainmníodh as éarlamh na mairnéalach in 1991.
Tá an tseachtain tugtha agam ag iarraidh cás a dhéanamh do Mhaigh Eo agus a dtriall chomh cráite is a bhí riamh.
Raghaidh siad sa ghleo arís in aghaidh Átha Cliath inniu ag fiosrú duaise, ag fiach go domhain is go diongbháilte agus iad dall aon bhabhta amháin eile ar an achrann a leanfaidh a mbris.
Deirtear gur súil le breis a chailleann an cearrbhach, ach i gcás Mhaigh Eo tá i bhfad níos mó ná san i gceist.
Tá a leithéid de rud ann agus iomrall an chearrbhaigh.
Deir na húdair linn gurb é atá i gceist le hiomrall an chearrbhaigh ná an dul amú a bhíonn ar an nduine go bhfuil toradh áirithe i ndán, bunaithe ar thorthaí eile a tháinig roimhe sin. Is é an sampla is fearr atá againn d’iomrall an chearrbhaigh ná nuair a chaitear pingin in airde agus gurb é an ceann a thaispeánann é féin, déarfaimis, ceithre bhabhta as cúig. Creideann an cearrbhach sa chás san go bhfuil sé i ndán don gcruit í féin a thaispeáint ar an gcéad chaitheamh eile, cé ná fuil aon fhianaise ann, eolaíoch ná dóchúil, go bhféadfadh a leithéid a bheith amhlaidh.
Dála na seachtaine seo caite i gcás Phort Láirge sna camáin, tá mealladh ag baint leis an dtuairim go bhféadfadh toradh gan choinne a bheith i ndán dúinn. Uaireanta, áfach, caithfear bheith dílis don bhfianaise lom atá os do chomhair amach.
Níl buaite ag Maigh Eo ar Áth Cliath i gcluiche sraithe nó craoibhe ó 2012, tráth ar chnagadar na curaidh uile-Éireann sa chluiche leathcheannais. Tá na foirne tar éis a bheith in adharca a chéile sé bhabhta dhéag ar fad ó shin agus níl oiread is cluiche amháin buaite ag Maigh Eo.
Cuid de lucht tacaíochta Mhaigh Eo. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Táid sa chluiche ceannais arís don tríú huair in imeacht cúig bliana agus ar bheith ann anois níl aon chúlú. Ní foláir, leis, nó go bhfuilid tar éis teacht ar mhíle cúis eile le coicíos anuas chun a chur ina luí gaidhte orthu féin go mb’fhéidir, b’fhéidir, b’fhéidir gurb í seo a mbliain.
Nach i scéal Mhaigh Eo atá éirim an spóirt féin? Nach iad tréithe sin an chreidimh, an dóchais agus na muiníne bun is barr gach spórt ar domhan? Tá fianaise láidir ann nach gcuirfidh Maigh Eo stop le sé chraobh na staire as a chéile ag na Dubs ach an uair fhada fhánach, buann an chinniúint ar an imní seachas a mhalairt.
Ar mhaithe leis an spórt, mar sin, agus ar mhaithe an áitimh agus chun cealú a dhéanamh ar an ndíchreideamh tráth seo na Nollag, tabharfad daoibh trí chúis go bhféadfadh Maigh Eo craobh na hÉireann a bhuachtaint don gcéad uair ó 1951.
2020: Is í an Nollaig í. Is í an bhliain is aite agus is allta i gcuimhne na ndaoine í. D’fhéadfadh aon ní titim amach agus ní chuirfí iontas a thuilleadh orainn.
Tástáil: Tá ar a laghad tástáil mhaith amháin fachta ag Maigh Eo sa chraobh i mbliana (in aghaidh na Gaillimhe) agus beidh cruachtaint agus cóiriú ag baint leis an dtástáil chéanna. Ní dóigh liom go n-áiteodh aoinne gur dhein aon fhoireann tástáil ar dhintiúirí Átha Cliath go dtí seo sa chraobh. Más rud é go nochtfar easnamh éigin ina gcuid imeartha inniu, b’fhéidir go mbeadh sé ródhéanach é a chur ina cheart.
Líne lántosach: Don gcéad uair lem’ chuimhne, tá líne lántosach le dealramh ag Maigh Eo agus iad ag tabhairt aghaidh ar Áth Cliath. Tá tuairim (easnamhach, dar liom) ann le tamall go bhfuil laige éigin i líne lánchúil Átha Cliath nuair a chuirtear caid ard ina dtreo. Dhein an Cabhán iarracht éigin é sin a thástáil sa chluiche leathcheannais ach níor dheineadar luath a dhóthain ná minic a dhóthain é. Anuas air sin, bhí drochtheilgean ar an gcaid fhánach a scaoileadh isteach ard. Le himreoir óg na bliana Tommy Conroy ina bheathaigh i gcúinne amháin, Aidan O’Shea ina fhathach i lár baill agus faobhar chun fiaigh nach bhfaca le tamall i gCillian O’Connor, ní mór do chosantóirí Átha Cliath bheith ar tinneall ó thús deireadh.
Cillian O’Connor agus Aidan O’She. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Sin iad thuas na trí chúis dóchais is mó atá ag Maigh Eo inniu ach ainneoin a bhfeabhais, bhí comharthaí sóirt in aghaidh Thiobraid Árann i dtús na míosa, ná fuil na seanalochtaí a bhí riamh orthu á dtréigint ach an oiread.
Bhí an choimhlint imithe ó mhaith agus Maigh Eo glan in uachtar i bhfad sara nochtadh cuid de na seana-lochtaí céanna. B’fhéidir go rabhadar 20 pointe chun cinn ach fós féin, bhí na lochtaí ann, táid fós ann agus má fhaigheann Áth Cliath a mboladh, is gearr go mbeidh córas cosanta Mhaigh Eo réabtha as a chéile arís mar a deineadh sa dá nóimeat déag ag tús an dara leath sa chluiche leathcheannais anuraidh eatarthu.
Deirtear linn go bhfuil cosantóirí Mhaigh Eo chomh maith is a bhíodar riamh ach más ar thóir lochtaí laistiar de lár a ghoirt ag Maigh Eo atánn tú, gheobhair iad gan puinn iniúchadh a dhéanamh. Dá fheabhas é leathchúlaí nua Chathair na Mart, Eoghan McLaughlin, ní gá ach féachaint ar an iarracht dhéanach a thuill cárta dubh in aghaidh na Gaillimhe dó chun a thuiscint go bhfuil mórán fós le foghlaim aige. Féach chomh maith ar an anbhá a tháinig air díreach sara dtug na himreoirí féna ngoib a fhliuchadh sa dara leath i gcoinne Thiobraid Árann. Nuair ná féadfadh a choisíocht dhiamhair é a fhuascailt ón ndraip, bhí McLaughlin i ngalar na gcás lámh leis an dtaobhlíne ar thaobh Ardán Ó hÓgáin.
I dtréimhse trí nóimeataí díreach tar éis do na himreoirí turas an tobair a thabhairt orthu féin sa dara leath i gcoinne Thiobraid Árann, chaill David Clarke ceithre cinn dá chiceanna amach as a chéile nuair a chuir na Tiobraid Árannaigh fáisc a mhúchta air.
Cúl báire Mhaigh Eo, David Clarke. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Níorbh iad na fathaigh mhóra ar nós Colin O’Riordan, Steven O’Brien ná Liam Casey ach an oiread a bhí á threascairt ach Bill Maher fé dhó agus Kevin Fahey babhta eile. Tar éis báide agus pointe agus deis ghlórmhar eile ar bháide ó Steven O’Brien a ghéilleadh, chuaigh Clarke i muinín an chic amach ghearr go dtí imeall an stua agus slánaíodh seilbh na caide don gcéad uair as chúig iarracht. Ná habair liom ná fuil ceann tógtha ag Dessie Farrell agus a chriú de sin. Muna n-athraíonn Clarke agus Maigh Eo a gcur chuige, beidh thiar orthu.
Ní haon drochfhoireann iad Maigh Eo agus ní bheidís i gcluiche ceannais na hÉireann chomh minic dá mba ea. Tá sé de mhísheans arís leo, áfach, go bhfuil sárfhoireann na linne rompu ar an ród – an Via Dolorosa atá taistealaithe chomh minic sin acu.
An féidir leo a mbó a chur thar abhainn i mbliana thar aon bhliain eile, ainneoin a ndeir na húdair agus lucht an díomhaointis?
Ar chuma an chearrbhaigh, bíonn iomrall, leis, ar an nduine díomhaoin.
Bliain ana-ait í seo gan aon agó ach níl sí chomh hait le bliain an duine díomhaoin sa tseanchas:
An Nollaig in aghaidh na ráithe. An Cháisc in aghaidh na seachtaine. Domhnach gach re lá agus lá saoire a bheith eatarthu.
582 cás a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna an líon is mó cásanna a fógraíodh aon lá ón 5 Samhain.
Seo an chéad lá ón 8 Samhain gur fógraíodh níos mó ná 500 cás. Seisear eile a raibh an galar orthu atá básaithe.
D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 512 cás nua den ghalar deimnithe acu le lá anuas agus go raibh dháréag eile a raibh an galar orthu básaithe.
Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET níos túisce inniu go mbeadh ardú ar líon na gcásanna sna laethanta amach romhainn ach nár cheart go mbeadh daoine “scanraithe” faoi sin.
An rud a bhí le déanamh, ar sé, ná “a bheith an-an-chúramach go deo” sna laethanta amach romhainn agus le linn thréimhse na Nollag. Mhol an tOllamh Nolan do dhaoine “tarraingt siar” láithreach ó bheith ag bualadh le daoine go sóisialta.
Tá rún ag an Rialtas srianta nua a thabhairt isteach ar d’earnáil an fháilteachais go gairid tar éis na Nollag, a deir an Taoiseach.
Dúirt Micheál Martin gur Dé Máirt a dhéanfadh an Rialtas cinneadh i dtaobh mholadh na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí go dtabharfaí na srianta nua isteach ar an 28 Nollaig.
Tá Nphet ag moladh chomh maith nach mbeadh cead chun an tí ach ag teaghlach amháin eile in áit trí theaghlach. Moladh eile ag Nphet go dtabharfaí isteach cosc taistil arís a d’fhágfadh nach mbeadh cead ag daoine a gcontae a fhágáil ach amháin i gcás riachtanais.
Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan go raibh daoine ag bualadh lena chéile an iomarca le tamall agus go raibh líon na dteagmhálaithe sóisialta a bhíonn ag daoine ag cur leis an mbaol a bhaineann leis an Covid-19.
Dúirt an Dr Holohan go gcaithfeadh gach duine athmhachnamh a dhéanamh ar a gcuid pleananna agus líon na dteagmhálaithe a bhíonn acu a laghdú chun cosaint a thabhairt do dhaoine muinteartha leo atá níos leochailí.
Idir 1.1 agus 1.3 atá ráta atáirgthe an ghalair anois, agus d’fhéadfadh sé a bheith níos airde ná sin, a dúirt an Dr Holohan.
Táthar ag moladh do dhaoine teorainn a chur le líon na dteagmhálaithe a bheidh acu an deireadh seachtaine seo go háirithe má tá siad ag cuimhneamh ar chuairt a thabhairt ar a muintir don Nollaig an tseachtain seo chugainn.
Bhain 42 den 582 cás nua inniu le contae na Mí, 34 cás a bhí i gCorcaigh agus 33 cás a bhí i gCiarraí.
14 cás a bhí i nDún na nGall, 11 cás a bhí i bPort Láirge, seacht gcás a bhí i nGaillimh agus cúig chás a bhí i Maigh Eo.
198 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus 34 díobhsan atá in aonad dianchúraim.
Tá ráta scaipthe an Covid-19 sa stát imithe os cionn 100 cás in aghaidh gach 100,000 duine arís.
Ráta 244 atá i nDún na nGall, 113 atá i Maigh Eo agus 91 atá i gcontae na Mí. Ráta 87 atá i bPort Láirge, 79 atá i gCiarraí, 47 atá i nGaillimh agus 39 atá i gCorcaigh.
3,315 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,149 duine ó dheas den teorainn agus 1,166 duine ó thuaidh di.
139,051 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 78,254 cás ó dheas agus 60,797 ó thuaidh.
San Ard-Chúirt inniu ghabh an stát leithscéal le Joanne Hayes agus a muintir faoinar tharla di i 1984 nuair a cuireadh ina leith san éagóir gur mharaigh sí naíonáin. Íocfar cúiteamh léi féin agus a muintir.
D’iarr Joanne Hayes, a deirfiúr Kathleen,agus a beirt deartháireacha Edmund agus Michael, go ndearbhódh an chúirt nach raibh bunús ar bith le cinntí an Bhinse Fiosrúcháin agus go raibh siad mícheart. Rinne an Ard-Chúirt amhlaidh inniu.
Bhí JoanneHayes 25 bliain d’aois i 1984 agus í ina cónaí lena muintir i Mainistir Ó dTorna i gcontae Chiarraí nuair a fuarthas corp naíonáin fir a sádh ar an Trá Bhán i gCathair Saidhbhín, 75 míle ó bhaile.
Chuir na Gardaí dúnmharú an naíonáin i gCathair Saidhbhín i leith Joanne Hayes nuair a fuarthas amach go raibh sí ag iompar ach nach raibh aon pháiste aici. Thaispeáin Joanne do na Gardaí an áit ar adhlaic sí a maicín Shane, a bhásaigh go luath tar éis a shaolaithe agus a adhlacadh ar fheirm an teaghlaigh.
Faoi dhiancheistiú an Gharda Síochána, d’admhaigh muintir Hayes gur mharaíodar an páistín ach tharraing siad siar an admháil sin arís agus dúirt gur faoi chomhéigean na nGardaí a rinneadh na ráitis.
Caitheadh an cúiseamh in aghaidh Joanne Hayes amach sa gcúirt agus bunaíodh Binse Fiosrúcháin Leanaí Chiarraí chun iompar na nGardaí sa gcás a fhiosrú – fiosrúchán a cáineadh go géar faoin mbealach ar ceistíodh finnéithe agus líomhaintí gan fianaise a dhéanamh.
In 2018 a ghabh an Garda Síochána leithscéal le muintir Hayes as a n-iompar.
San Ard-Chúirt inniu dúirt an Breitheamh Leonie Reynolds gur “saobhadh nach raibh bun na barr leis” a bhí sa gcaoi ar caitheadh le Joanne Hayes. Dúirt sí nach raibh “aon bhunús” le cinneadh an Bhinse Fiosrúcháin faoi mhuintir Hayes agus go raibh sé “mícheart”.
D’athdhearbhaigh Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris agus an tAbhcóide Sinsir Conleth Bradley ar son an Aire Dlí agus Cirt,a leithscéal le Joanne Hayes agus dúirt gur caitheadh go “náireach” léi.
Dearbhaíodh sa chúirt go raibh na cinntí agus na líomhaintí a rinne an Binse Fiosrúcháin i gcoinne mhuintir Hayes “gan bhunús agus mícheart”. Dúirt an tAbhcóide Sinsir Liam Reidy ar son Joanne Hayes, nach raibh aon bhunús le cinneadh an Bhinse Fiosrúcháin agus a bhuíochas do chinneadh nahArd-Chúirte inniu go raibh ainm Joanne Hayes “glanta, rud a bhí ag teastáil uaithi go géar”.
Ghabh Joanne Hayes buíochas le muintir Mhainistir Ó dTorna agus na cairde uilig a sheas léi le 36 bliain, “a thug misneach agus dóchas dúinn nuair ba ghruama an saol”. D’iarr sí ar dhaoine ligean dóibh leanúint lena saol i measc a bpobail agus gan cur isteach ar a saol pearsanta.
Tá an dara plean teanga ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta an tseachtain seo. D’fhaomh an tAire Stáit Jack Chambers plean don Eachréidh Dé Céadaoin agus d’fhógair sé inniu go raibh plean d’Oileán Thoraí faofa chomh maith aige.
Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú do 26 ceantar Gaeltachta ar fad. Fágann an fógra seo go bhfuil 20 plean teanga ceadaithe ar fad.
Beidh allúntas bliantúil suas le €100,000 ar fáil faoin bpróiseas pleanála teanga chun Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú agus chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean ar Oileán Thoraí.
Dúirt an tAire Stáit gur céim mhór chun cinn é ceadú an phlean.
“De thoradh plean teanga don oileán a bheith ceadaithe anois faoin bpróiseas pleanála teanga beifear in ann dul ar aghaidh agus Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú chun cabhrú le feidhmiú an phlean teanga ar an oileán,” arsa an tAire Stáit Chambers.
“Is céim mhór chun tosaigh é seo agus táim cinnte go mbainfidh pobal oileán Thoraí leas as an infheistíocht shuntasach bhliantúil a chuirfear ar fáil as seo go ceann seacht mbliana chun cabhrú le feidhmiú rathúil an phlean. Tréaslaím leis an gcomharchumann agus an coiste as an obair mhór atá déanta acu chun an plean a ullmhú agus guím gach rath orthu lena chur i bhfeidhm.”
Tá dhá phlean teanga eile á mheas ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair agus péire eile á meas ag Údarás na Gaeltachta.
Tá pleananna teanga fós le faomhadh i gcás sé cinn de na Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta; An Ghaeltacht Láir i nDún na nGall; Cléire i gCorcaigh; Maigh Eo Thiar; Oirthear Chathair na Gaillimhe, Bearna agus Cnoc na Cathrach, agus Oileáin Árann i nGaillimh.
Tá 18 oifigeach pleanála teanga agus triúr oifigeach pleanála teanga cúnta fostaithe faoin gcóras go dtí seo.
D’fhógair an tAire Stáit chomh maith go bhfuil allúntas ar fiú breis agus €65,000 ceadaithe aige chun tacú le Oideas Gael clár oibre comhaontaithe a fheidhmiú i ndáil le cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta a riar i nGaeltacht Gleann Cholm Cille.
“Aithnítear go forleathan an obair fhónta atá ar bun ag an eagraíocht Oideas Gael le fada an lá chun deiseanna a chur ar fáil do dhaoine fásta fud fad na hÉireann agus an domhain an Ghaeilge a fhoghlaim i dtimpeallacht álainn cheantar Ghleann Colm Cille. De thoradh Oideas Gael mealltar na céadta daoine chuig an dúiche go bliantúil – rud a chuireann go mór le turasóireacht chultúrtha agus le geilleagar an cheantair dá réir,” a dúirt an tAire Stáit.
Níor tháinig na ceantair Ghaeltachta slán ón ardú atá tagtha ar líon na gcásanna Covid-19 sa stát le roinnt seachtainí.
Cé go bhfuil ráta scaipthe an Covid-19 faoi bhun an mheáin náisiúnta i bhformhór na gceantar Gaeltachta, tháinig ardú ar an ráta i gcuid mhaith acu.
As an 13 toghcheantar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu, tháinig ardú ar an ráta Covid-19 in ocht gcinn acu agus bhí ardú mór i gceist in áiteanna. D’fhan an ráta mar a chéile in dhá thoghcheantar agus thit sé i dtrí cinn eile.
Is i dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, a chonacthas an t-ardú is mó sa chéad chúpla seachtain den mhí seo. Bhí níos mó ná dúbailt ar an ráta scaipthe ansin agus é ardaithe ó 49 go dtí 107 sa tréimhse idir 1-14 Nollaig. 22 cás nua den Covid-19 a aimsíodh sa toghcheantar le linn an ama sin.
Fágann sin go bhfuil an ráta i nDún Garbháin os cionn an mheáin náisiúnta – 84.7 cás in aghaidh gach 100,000 duine.
Bhí ardú mór i gceist i gcuid de Ghaeltacht Dhún na nGall chomh maith. I dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach i dTuaisceart Dhún na nGall, mar a bhfuil na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile, chuaigh ráta an Covid-19 ó 174 go dtí 276 in achar seachtaine, de réir na staitisticí is deireanaí.
Bhí ardú beag i gceist chomh maith i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall agus an ráta imithe suas ó 68 go dtí 72 idir an 1-14 Nollaig.
Laghdú ar an ráta a bhí i gceist i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Dhún na nGall. Thit an ráta ansin ó 63 go dtí 42.
Is é Dún na nGall an contae is measa atá buailte ag cásanna den víreas sa stát, ó thaobh céatadán den daonra de. Tá an ráta is airde sa tír i gCarn Domhnach i dtuaisceart an chontae. Ráta 796 atá i gceist, os cionn naoi n-uaire níos airde ná an meánráta náisiúnta.
I gCiarraí, bhí ardú suntasach ar líon na gcásanna sa Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh. D’ardaigh an ráta ó 24 go dtí 80 idir an 1-14 Nollaig. Níos lú ná cúig chás a bhí i gceist go fóill i gCorca Dhuibhne.
Bhí ardú beag le feiceáil ar líon na gcásanna i gConamara sa chéad choicís den mhí seo. Sé chás a bhí i gConamara Theas agus ráta 35 a bhí i gceist sa cheantar. Sé chás a bhí i gConamara Thuaidh chomh maith agus ráta 28 ann.
Thit ráta scaipthe an Covid-19 i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, sa chéad chúpla seachtain den mhí seo. Thit an ráta ó 73 go dtí 44 sna figiúirí is déanaí.
Níos lú ná cúig chás a bhí i gceist i mBéal an Mhuirthead ach tháinig ardú ar líon na gcásanna i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Tuar Mhic Éadaigh. Naoi gcás a aimsíodh sa toghcheantar sin le coicís anuas agus ráta 49 ann.
I gcontae na Mí, tháinig titim ar an ráta ó 35 go dtí 29, i mBaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, ach tháinig ardú ar an ráta i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, ardú ó 15 go dtí 25.