Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Year: 2020

Seó na Nollag speisialta i mbliana do pháistí Ghaelscoil Neachtain

Beidh seó na Nollag go fóill ag tarlú i nGaelscoil Neachtain i mbliana ach ní ar nós na mblianta roimhe seo. Thug Meon Eile cuairt ar an scoil le fáil amach cad é go díreach atá ar bun ag daltaí agus múinteoirí na scoile.

Beidh gach rang sa scoil ag ullmhú radharc don seó. Déanfar taifeadadh ar gach radharc agus ansin cuirfear iad ar fad le chéile chun an seó iomlán a chruthú. Beidh an seó le fáil ar líne nó ar DVD agus beidh an t-airgead a shaothraíonn an scoil ag dul i dtreo Chumann Naomh Uinseann de Pól.

Beidh gach rang ag déanamh taifeadadh ar ‘scáileán glas’ a chruthaigh cúpla múinteoir don seó. Sa dóigh seo, beidh siad in ann cúlraí éagsúla a chur taobh thiar de na páistí agus iad ag aisteoireacht. 

Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint lena bheith ag déanamh seó leis an scáileán glas, dar le Múinteoir Ellen. Mar shampla, bíonn roinnt páistí neirbhíseach ar an ardán agus b’fhearr leo a bheith sa seomra ranga ag taifeadadh le níos mó daoine. Ar an lámh eile, ní bhíonn an t-atmaisféar céanna i gceist leis an seó, gan lucht féachana ann.

Tá na hullmhúcháin go léir faoi lán seoil i nGaelscoil Neachtain agus tá na daltaí agus an fhoireann ar fad ag súil go mór leis. Go n-éirí go geal leo!

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-5,000+-coip-den-fhocloir-nua-diolta-agus-meadu-13%-ar-usaideoiri-ar-line

5,000+ cóip den Fhoclóir Nua díolta agus méadú 13% ar úsáideoirí ar líne

Díoladh breis agus 5,000 cóip de The Concise English-Irish Dictionary ó cuireadh an leagan clóite den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge ar fáil sna siopaí ag tús mhí Mheán Fómhair, agus tá “na cóipeanna ag éirí gann cheana féin” dar le Príomh-Fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn.

Chomh maith leis sin, bhí méadú mór ann ar an éileamh ar na leaganacha digiteacha de The Concise English-Irish Dictionary (foclóir.ie) agus Foclóir Gaeilge-Béarla agus English-Irish Dictionary (teanglann.ie).

Thug 2,400,000 duine cuairt ar foclóir.ie agus teanglann.ie araon i gcaitheamh na bliana 2020. Is ionann sin agus méadú 13% ón mbliain 2019 do foclóir.ie agus méadú 26% ón mbliain 2019 do teanglann.ie. Thug 560,000 duine cuairt ar téarma.ie, an bunachar téarmaíochta, méadú 17% ón mbliain seo caite.

Foilsíodh an leagan clóite den fhoclóir ag tús mhí Mheán Fómhair agus díoladh os cionn céad cóip de in aon siopa amháin laistigh de cheithre lá. 30,000 ceannfhocal atá san fhoclóir nua atá bunaithe ar foclóir.ie, an foclóir Béarla-Gaeilge ar líne a seoladh seacht mbliana ó shin. Tá togra na foclóireachta ar cheann de na tograí Gaeilge is mó agus is uaillmhianaí a rinneadh le fada fada an lá, agus os cionn 48,000 ceannfhocal ar fáil sa bhfoclóir ar líne. 

Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-ceathrar-ball-nua-ceaptha-ar-bhord-fhoras-na-gaeilge

Ceathrar ball nua ceaptha ar Bhord Fhoras na Gaeilge

Tá ceathrar ball nua ceaptha ar Bhord Fhoras na Gaeilge, triúr a d’ainmnigh Sinn Féin agus duine amháin a d’ainmnigh an SDLP.

Is iad an ceathrar atá ceaptha ar bhord na heagraíochta trasteorann ná oifigeach pleanála teanga Mhúscraí Liadh Ní Riada, iarpholaiteoir de chuid Shinn Féin; Kevin O’Hara, gníomhaí de chuid Shinn Féin i gConamara; Caoimhín Mac Giolla Mhín, gníomhaí de chuid Shinn Féin as Béal Feirste agus stiúrthóir Chiste Infheistíochta na Gaeilge; agus Doiminic Ó Brolcháin, iarpholaiteoir de chuid an SDLP.

An bhliain seo chugainn a cheapfar cathaoirleach nua ar bhord an Fhorais agus a thréimhse ar an mbord caite ag Pól Ó Gallchóir.

Is é Barra Ó Muirí Cathaoirleach gníomhach Fhoras na Gaeilge agus d’fháiltigh sé roimh na ceapacháin boird go léir atá déanta le tamall.

Ghabh sé buíochas chomh maith le hiarchathaoirleach an Bhoird Pól Ó Gallchóir.

“Cuirfidh saineolas agus taithí na gcomhaltaí go mór le gnó an bhoird in 2021. Is mian liom focal ar leith buíochais a thabhairt dár gcathaoirleach, Pól Ó Gallchóir, ar tháinig deireadh lena thréimhse ar an bhord, as a stiúir, as a léargas agus as a thacaíocht d’Fhoras na Gaeilge ó 2017,” arsa Barra Ó Muirí.

Idir an dá linn, dúirt Príomfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go raibh sé “thar a bheith bródúil” as an mbliain a bhí curtha isteach ag an eagraíocht agus na heagraíochtaí Gaeilge eile a gcuireann siad maoiniú ar fáil dóibh.

“Táimid anois ag feidhmiú ó chian le naoi mí agus tugann an méid a baineadh amach i mbliana misneach agus dóchas dom don bhliain atá romhainn.

“Léirigh pobal na Gaeilge ar fud na tíre go bhfuil an acmhainneacht acu agus an teacht aniar iontu mar phobal le tacú le chéile, le gníomhú mar phobal, agus le bheith mar phobal teanga, más pobal fíorúil féin é. Is mian liom focal ar leith buíochais a thabhairt do na sé cheanneagraíocht Ghaeilge as a ndua agus as a ndúthracht le linn na bliana seo agus as an tacaíocht a thug siadsan do phobail Ghaeilge ar fud na tíre.

“D’fhoilsíomar an chéad mhórfhoclóir Gaeilge le seasca bliain i mbliana agus tá lúcháir orainn go bhfuil os cionn 5,000 cóip díolta, tá na cóipeanna ag éirí gann cheana féin!”

Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-gailearai:-an-ghaeltacht-faoi-shoilse-na-nollag-–-tithe-maisithe-o-thuaidh,-o-dheas-agus-thiar

GAILEARAÍ: An Ghaeltacht faoi shoilse na Nollag – tithe maisithe ó thuaidh, ó dheas agus thiar

Is í an Nollaig féile an tsolais agus muid ag iarraidh ardú meanman ó ghruaim na haicíde agus dorchadas an gheimhridh. Chuaigh na grianghrafadóirí Manuela Dei Grandi, Seán Ó Mainnín agus Tommy Curran timpeall Chorca Duibhne, Chonamara agus Ghaoth Dobhair féachaint conas mar a mhaisigh muintir na háite sin a dtithe féin.

Féile an tsolais. Teach i Lios Póil. Pictiúr: Manuela Dei Grandi
Tá an réinfhia ag faire sna fuinneoga sa teach seo i mBaile an Fheirtéaraigh. Pictiúr: Manuela Dei Grandi
Grianán maisithe i mBaile an Fheirtéaraigh Pictiúr: Manuela Dei Grandi
Gairdín lasta go gléigeal. Daingean Uí Chúis. Pictiúr: Manuela Dei Grandi
Scáil na soilse sa lochán uisce. An Mhuiríoch. Pictiúr: Manuela Dei Grandi
Binn tí sa Mhuiríoch. Pictiúr: Manuela Dei Grandi
Daingean Uí Chúis. Pictiúr: Manuela Dei Grandi
Garraí na dTor. Pictiúr: Manuela Dei Grandi
Garraí na dTor. Pictiúr: Manuela Dei Grandi
Siopa bláthanna draíochtúil ‘Tí Mhistéil’, ar an gCeathrú Rua. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Soilse ag spréacharnach ar theach sa Tuairín i gConamara. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Soilse na Nollag ar na crainnte i gConamara. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Crann Nollag faoina shoilse ildaite i leantóir leoraí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Uirlisí feirme lasta faoi shoilse na Nollag i nDoire Fhatharta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Rúdolf agus a shrón dhearg i ngairdín i gCladhnach, an Cheathrú Rua, Conamara. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Sceacha faoi shoilse draíochta i mBéal an Daingin, Conamara, agus an firín beag é féin lasta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
An teach seo ag fógairt na Nollag go lonrach i Leitir Móir, Conamara. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Tá Daidí na Nollag ag faire ort ar an gCeathrú Rua! Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Íomhánna Nollag ar bhinn tí i Leitir Móir. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Teach  agus an gairdín i nDoire Fhatharta, Conamara, réidh don Nollaig. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Sceach ildaite i mBéal an Daingin, Conamara
Gaoth Dobhair lasta i gcomhair na Nollag. Pictiúr: Tommy Curran
Gairdín atá maisithe don Nollaig i nGaoth Dobhair. Pictiúr: Tommy Curran
Daidí na Nollag i nGaoth Dobhair. Pictiúr: Tommy Curran
Siopa crua-earraí ag fógairt na Nollag. Pictiúr: Tommy Curran
Crann Nollag órga i nGaoth Dobhair. Pictiúr: Tommy Curran
Solas geal na Nollag, Gaoth Dobhair. Pictiúr: Tommy Curran

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘fast-fashion’,-‘plant-based’,-agus-‘spice-bag’-i-measc-na-bhfocal-a-cuireadh-leis-an-bhfocloir-bearla-gaeilge-in-2020

‘Fast fashion’, ‘plant-based’, agus ‘spice bag’ i measc na bhfocal a cuireadh leis an bhFoclóir Béarla-Gaeilge in 2020

Foilsíodh an leagan clóite den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge i mí Mheán Fómhair agus 31,000 ceannfhocal Béarla ann. Ar ndóigh ní féidir focail nua a chur le foclóir clóite, ach ní hin le rá nach mbeidh foireann an Fhoclóra ag cur le líon na bhfocal ar an bhfoclóir ar líne. 

Go gairid i ndiaidh don leagan clóite a bheith ar fáil sna siopaí leabhar, cuireadh iontrálacha nua leis an bhfoclóir i mí Dheireadh Fómhair. Bailíodh eolas faoi ‘chuardaigh nach raibh aon toradh orthu’ agus roghnaíodh liosta focal a raibh “éileamh mór” orthu le cur leis an bhfoclóir. 

Focail agus téarmaí a bhaineann leis an bpaindéim, le himpleachtaí na paindéime, agus leis an saol nua is ea roinnt mhaith acu. Baineann cuid acu le téama eile a bhí go mór i mbéal an phobail roimh thús na paindéime agus atá fós i mbéal an bhig is an mhóir —  an éigeandáil aeráide. 

Ar na téarmaí agus focail a bhaineann go díreach leis an víreas corónach bhí ‘close contact’ (dlúth-theagmhálaí), ‘self-quarantine’ (féinchoraintín), agus ‘super spreader event’ (ócáid sárleata), ‘immuno-compromised’ (imdhíon-laghdaithe), ‘co-morbidity’ (comhghalracht), agus ‘sanitiser’ (díghalrán). 

Tá go leor cainte ann faoin ‘gnáthshaol nua’ agus muid ag fanacht go foighdeach ar an vacsaín. Beidh na Gaeil in ann an saol nua seo a phlé gan aon dua i dteanga Bhríd agus Phádraig a bhuí leis an ngrúpa eile focal a cuireadh leis an bhFoclóir: face covering (cumhdach aghaidhe), physical distancing (scaradh fisiciúil), video call (físghlao), remote learning agus remote working (cianfhoghlaim agus cianobair),  agus staycation (saoire sa bhaile).

Cuireadh na téarmaí climate action (gníomhú ar son na haeráide), climate emergency (géarchéim aeráide), fast fashion (mearfhaisean), veganism (veigeánachas) agus plant-based (plandabhunaithe) leis an bhfoclóir freisin – léiriú ar an éileamh atá ann i measc phobal na Gaeilge ar théarmaíocht a bhaineann le cúrsaí comhshaoil agus aeráide. 

Ar na focail eile a cuireadh leis an bhFoclóir i mí Dheireadh Fómhair, nach mbaineann le mórthéama faoi leith, bhí impactful (it was an impactful speech chuaigh an óráid go mór i bhfeidhm ar dhaoine), sourdough

 (taos géar), active learning (foghlaim ghníomhach), top-class (den scoth), agus ar deireadh ar fad, bia náisiúnta na mBleá Cliathach: spice bag (mála spíosraí).

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-eist:-‘santa,-baby’-canta-as-gaeilge-ag-ciara-ni-e

ÉIST: ‘Santa, Baby’ canta as Gaeilge ag Ciara Ní É

Tá leagan Gaeilge den amhrán cáiliúil Nollag ‘Santa, Baby’, leis an amhránaí Meiriceánach Eartha Kitt, déanta ag Ciara Ní É díreach in am don Nollaig. Craoladh an t-amhrán den chéad uair ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna aréir agus tá sé ar fáil ar leathanach YouTube Chiara ó shin.

Scríobhadh an leagan Gaeilge seo mar chuid de mhír Nollag atá á craoladh ar Tús Áite le cúpla lá anuas – ‘Litir do Dhaidí na Nollag’.

Níos mó

Coinnímis ag ceol le chéile – Meadhbh Nic Aindreasa

Seo an clár deireanach de shraith cheoil s’againn ‘Coinnímis ag ceol le chéile’. Le linn sé seachtaine anuas, thug Meon Eile cuairt ar cheoltóirí agus amhránaithe Gaelacha in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste. Phléigh muid saol s’acu mar cheoltóir agus na dóigheanna a ndeachaigh an dianghlasáil i bhfeidhm orthu. 

Le linn na géarchéime seo, ní bhíonn móran de dheis ag daoine seinm le chéile ná éisteacht le ceol beo mar sin shocraigh Áras Mhic Reachtain agus Meon Eile go dtabharfadh muid blaiseadh don lucht féachana go dtí go mbeidh muid in ann sin a dhéanamh arís. 

Inniu is í Maedhbh Nic Aindreasa atá linn. Is múinteoir ceoil í Meadhbh atá ag obair i gColáiste Feirste. D’fhás sí aníos leis an cheol thart uirthi agus bhí ról lárnach ag a seanathair, Seán Mac Aindreasa, maidir leis an cheol agus an amhránaíocht a spreagadh.

San fhíseán thíos, tugann Daithí Mac Uait, bainisteoir imeachtaí Áras Mhic Reachtain, intreoir don tsraith. Is eisean a thug cuireadh do na ceoltóirí seinm agus, le cuidiú ón Chomhairle Ealaíon, bhí deis acu airgead a thuilleadh le linn an paindéime fosta.



Níos mó

<a-href="https://tuairiscie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘christmas’,-‘santa’-agus-‘star’-ar-na-focail-is-mo-cuardach-ar-focloir.ie-ag-deireadh-bhliain-na-paindeime

‘Christmas’, ‘Santa’ agus ‘star’ ar na focail is mó cuardach ar foclóir.ie ag deireadh bhliain na paindéime

Tá dúshlán théarmaí na paindéime tugtha ag na focail ‘elf’, ‘Santa’ agus ‘star’ ar focloir.ie an Nollaig seo.

Bhí na focail ‘lock-down’, ‘pandemic’, ‘virus’, ‘quarantine’


agus ‘mask’ i measc an 1000 focal is mó cuardaigh ar foclóir.ie i mbliana nach raibh i measc an 1000 is mó a cuardaíodh anuraidh.

Ach níl a dóigh féin á fáil ag na téarmaí gruama sin an mhí seo agus d’éirigh le ‘elf’, ‘santa’, ‘star’ ‘Christmas’, ‘sleigh’, ‘reindeer’, ‘Christmas tree’ agus ‘decoration’ áit a fháil i measc an 100 focal is mó cuardaigh mí na Nollag.

Ba iad na deich bhfocal is mó cuardaigh ar foclóir.ie in 2020 ná ‘for’, ‘go’, ‘to’, ‘play’, ‘love’, ‘be’, ‘speaking voice’, ‘hello’, ‘help’ agus ‘app’.

Bhí bliain mhór ag lucht an fhoclóra in 2020 agus an leagan cloíte den fhoclóir ar líne curtha ar fáil acu.

Ach bhí borradh faoi úsáid na suíomhanna foclóireachta i mbliana chomh maith.

2.43 milliún úsáideoir a bhí ag an bhfoclóir Béarla-Gaeilge ar líne in 2020, ardú 13% ó 2019.


Thug na húsáideoirí sin 6,54 milliún cuairt (seisiún) ar an suíomh agus d’amharc siad ar 34 milliún leathanach, ardú 23%.

In Éirinn a rinneadh 75% de na cuardaigh, bhain 13% acu le Meiriceá agus bhain 6% leis an mBreatain. Breis is 33,000 úsáideoir a bhí ag an bhfoclóir i gCeanada, 25,000 úsáideoir a bhí san Astráil agus breis is 10,000 úsáideoir a bhí sa Fhrainc agus sa Ghearmáin.

Tá foireann an fhoclóra fós ag tochas a gcinn ag iarraidh meabhair a bhaint as an laghdú ar líon na n-úsáideoirí in St Lucia i mbliana. Ochtar a bhain úsáid as an suíomh ansin in 2020 i gcomparáid le 17 duine in 2019. Malairt scéil a bhí ann san Airgintín, mar ar tháinig ardú 30% ar líon na n-úsáideoirí, ó 550 go dtí 725.

In 2020, tháinig méadú 13% ar an líon úsáideoirí ag focloir.ie i gcomparáid le 2019.

2.4 milliún usáideoir a bhí ag Teanglann.ie in 2020, ardú 27%, agus d’amharc na daoine sin ar nach mór 40 milliún leathanach.

Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-ba-cheart-tuairimi-roinn-na-gaeltachta-faoi-chursai-pleanala-sa-ghaeltacht-a-fhoilsiu-ar-mhaithe-le-tredhearcacht-–-o-snodaigh

Ba cheart tuairimí Roinn na Gaeltachta faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a fhoilsiú ar mhaithe le trédhearcacht – Ó Snodaigh

Tá ráite ag Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais gur cheart do Roinn na Gaeltachta cáipéis faoi chúrsaí pleanála a chuir siad faoi bhráid na Roinne Tithíochta a fhoilsiú.

Dúirt Teachta Dála Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh gur cheart an cháipéis a chur ar fáil chun léiriú a thabhairt don phobal ar chur chuige na Roinne i leith cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.

Cé go ndúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers i bhfreagra scríofa ar cheist Dála go raibh aighneacht déanta ag Roinn na Gaeltachta mar chuid den athbhreithniú atá ar bun ag an Roinn Tithíochta ar na rialacháin faoi chúrsaí pleanála, is cosúil gurb amhlaidh nach bhfuil aon aighneacht oifigiúil déanta acu.

Thug urlabhraí ón Roinn le fios do Tuairisc.ie gur ‘doiciméad’ a bhí sa cháipéis ar thagair an tAire Stáit di, seachas aighneacht oifigiúil.

Tá iarrtha ag Aengus Ó Snodaigh ar Roinn na Gaeltachta an téacs iomlán den cháipéis, a cuireadh faoi bhráid na Roinne Tithíochta mí Lúnasa, a fhoilsiú ach táthar ag diúltú é sin a dhéanamh.

Dúirt an tAire Stáit Chambers nach mbeadh sé “cuí” an doiciméad a fhoilsiú i láthair na huaire agus athbhreithniú ar bun i gcónaí ag an Roinn Tithíochta ar rialacháin pleanála.

“Mar chuid d’athbhreithniú atá ar siúl ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis na treoirlínte pleanála, thapaigh mo Roinn an deis cáipéis faoin ábhar a chur faoi bhráid na Roinne sin i mí Lúnasa,” arsa Chambers.

“Ós rud é go bhfuil an obair sin ar fad i ndáil leis an athbhreithniú ar bun i gcónaí ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí an cháipéis thuasluaite a roinnt le haon tríú páirtí ag an tráth seo.”

Níl urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sásta le freagra an Aire Stáit, áfach, agus deir sé gur cheart go gcuirfí an cháipéis ar fáil don phobal.

“Ba chóir í a fhoilsiú láithreach ar mhaithe le trédhearcacht agus lena léiriú don phobal cén cur chuige atá ag Roinn na Gaeltachta i leith cheist na pleanála sa Ghaeltacht,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh le Tuairisc.ie.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie cheana go gcuirfí aighneacht oifigiúil faoi bhráid na Roinne Tithíochta amach anseo nuair a bheadh tús curtha ag an Roinn sin le próiseas comhairliúcháin phoiblí faoi chúrsaí pleanála.

Tá brú níos mó ar Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta cur chuige níos láidre a bheith acu ó thaobh chosaint na Gaeilge sa chóras pleanála sa Ghaeltacht i bhfianaise roinnt cásanna atá i mbéal an phobail le tamall.

Tá cuid de mhuintir na Gaeltachta i Ráth Chairn agus sa Rinn go mór i gcoinne cead pleanála a thabhairt d’fhorbairtí tithíochta sna ceantair sin agus imní ann faoin tionchar a bheadh acu ar an nGaeilge.

I gCiarraí, tá an grúpa ‘Todhchaí na Tuaithe’ bunaithe chun aird a tharraingt ar chúrsaí cead pleanála sa Ghaeltacht agus faoin tuath ar fad.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil gá le “gníomh dearfach eisceachtúil” le cosaint a thabhairt don Ghaeltacht sa chóras pleanála.

Sheol Conradh na Gaeilge polasaí nua i dtaobh na pleanála sa Ghaeltacht an mhí seo caite agus i measc na moltaí atá ann, moltar gur ar Údarás na Gaeltachta a bheadh cúram na pleanála sa Ghaeltacht feasta.

Tá moltaí an Chonartha pléite acu leis an Aire Tithíochta, Darragh O’Brien, agus táthar ag súil cruinniú eile a bheith acu leis an mhí seo.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire cheana, áfach, nach gceapann sé go bhfuil gá leis an gcóras pleanála atá i bhfeidhm faoi láthair a athrú.

Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-970-cas-nua-den-choroinvireas-fogartha,-ardu-110%-tagtha-ar-lion-na-gcasanna-le-seachtain

970 cás nua den choróinvíreas fógartha, ardú 110% tagtha ar líon na gcásanna le seachtain

22/12/2020

Government Buildings ,Dublin.

Taoiseach, Micheál Martin pictured addressing the nation at Government Buildings ,Dublin.

Photograph: Julien Behal Photography / RollingNews.ie

Tá 970 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte, an líon is mó cásanna a fógraíodh aon lá ón 25 Deireadh Fómhair. 13 duine eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 439 cás nua den ghalar deimhnithe ansin le lá anuas agus go raibh 16 duine eile a raibh an galar orthu básaithe.

Tá 447 othar a bhfuil an galar tolgtha acu in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 30 acusan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan gur “údar an-mhór imní” an t-ardú atá ag teacht ar scaipeadh an víris sa phobal.

Dúirt sé go bhfuil ardú 110% tagtha ar líon na gcásanna a deimhníodh anseo le seachtain anuas (4,478 cás) i gcomparáid le líon na gcásanna a bhí ann an tseachtain roimhe sin.

Bhain 59 den 970 cás nua inniu le Corcaigh, 50 cás a bhí Dún na nGall agus 40 cás a bhí i nGaillimh. 36 cás a bhí i gcontae na Mí, 27 cás a bhí i gCiarraí, 27 cás a bhí i bPort Láirge agus naoi gcás a bhí i Maigh Eo.

Bhí 348 de na cásanna nua i mBaile Átha Cliath.

238 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus 28 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Tá ráta scaipthe an Covid-19 sa stát imithe suas ó 122.4 cás in aghaidh gach 100,000 inné go dtí 138.2 inniu.

Ráta 291 atá i nDún na nGall, níos mó ná a dhá oiread an mheánráta náisiúnta.

Ráta 140 atá i gCiarraí, 137 atá i gcontae na Mí, 127 atá i bPort Láirge agus 113 atá i Maigh Eo. Tá an ráta i gCorcaigh imithe suas go dtí 68 agus ráta 64 atá i nGaillimh.

3,390 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,171 duine ó dheas den teorainn agus 1,219 duine ó thuaidh di.

142,764 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 81,228 cás ó dheas agus 62,936 ó thuaidh.

Tá srianta nua fógartha ag an Rialtas a fhágfaidh go ndúnfar na bialanna agus tithe tábhairne ar an 24 Nollaig agus go gcuirfear cosc ar dhaoine a gcontae féin a fhágáil ó mheán oíche an 27 Nollaig.

Pictiúr: Julien Behal Photography / RollingNews.ie

Beidh cead ag daoine taisteal ar ais go dtí a gcontae féin ina dhiaidh sin más amhlaidh go bhfuil siad ar cuairt ar chontae eile don Nollaig.

Beidh cead ag  teaghlach amháin cuairt a thabhairt chun an tí idir an 27 Nollaig agus an 1 Eanáir agus beidh cosc ar chuairteanna tí ina dhiaidh sin.

Beidh cead oscailte i gcónaí ag na siopaí ach dúnfar na gruagairí agus seirbhísí eile Déardaoin na seachtaine seo chomh maith. Dúnfar chomh maith pictiúrlanna agus gailearaithe. Fágfar cead oscailte ag ionaid aclaíochta don aclaíocht aonair agus beidh cead spóirt áirithe a imirt amhail galf agus leadóg.

Ar líne amháin a bheidh seirbhísí eaglasta ón 26 Nollaig.

Déanfar athbhreithniú ar na srianta nua ar an 12 Eanáir, ach dúirt an Tánaiste Leo Varadkar tráthnóna gur dócha go mairfidh siad feadh dhá mhí.

Beidh mí Feabhra nó mí an Mhárta againn faoin am go mbeidh vacsaín faighte ag dóthain daoine le difríocht a dhéanamh do chúrsaí, a dúirt Varadkar. Dúirt sé go bhféadfadh go mbeadh 2,000 cás in aghaidh an lae ann faoi dheireadh na bliana mura ndéanfaí gníomh anois.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh an mhaidhm cásanna is déanaí difriúil ón dá mhaidhm roimhe seo mar go raibh líon na gcásanna ag ardú níos sciobtha agus go raibh an galar á tholgadh ag níos mó daoine atá amach san aois.

Ní fhéadfadh sé geallúint a thabhairt, a dúirt Martin, nach mbeadh tréimhse dianghlasála eile ann i ndiaidh na tréimhse seo. Dúirt sé gur sheas sé lena chinneadh an stát a athoscailt agus gurbh amhlaidh go raibh “sos ó Leibhéal 5 tuillte ag daoine”.

Cuirfear síneadh leis an gcosc taistil idir Éirinn agus an Bhreatain go dtí an 31 Nollaig.

Idir an dá linn, dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu go bhfaighidh an chéad dream an tsnáthaid in aghaidh an Covid-19 i mbliana.

Thug an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a mbeannacht inné don vacsaín Pfizer/BioNTech agus táthar ag súil go ndéanfaidh siad amhlaidh i gcás vacsaín Moderna an chéad seachtain de mhí Eanáir.

D’fhoilsigh an Rialtas an tseachtain seo caite an plean náisiúnta vacsaínithe chun dul i ngleic leis an Covid-19, plean chun 14.3 milliún dáileog a cheannach ó shé chomhlacht dhifriúla.

Níos mó

<a-href="https://tuairiscie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-ceard-ata-i-ndan-duinn-faoi-na-srianta-nua?-seo-treoir-i-ngaeilge-do-leitheoiri-tuairisc.ie…

Céard atá i ndán dúinn faoi na srianta nua? Seo treoir i nGaeilge do léitheoirí Tuairisc.ie…

Agus an tríú tréimhse dianghlasála fógartha ag an Rialtas, seo treoir i nGaeilge faoi na srianta nua. Bíodh Nollaig shona shlán agaibh!

Céard atá i ndán dúinn faoi na srianta nua? Seo treoir i nGaeilge do léitheoirí Tuairisc.ie…

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-cothrom-an-ama-seo-anuraidh-ag-an-mbeer-tent-a-bhi-muid

Cothrom an ama seo anuraidh ag an mBeer Tent a bhí muid

Cothrom an ama seo anuraidh, bhí scrúduithe Nollag na chéad bhliana díreach críochnaithe agam. Scrúdú Gaeilge an ceann deireanach a bhí agam; chuaigh mé ar an mbus chuig an gcoláiste, mo chuid nótaí á staidéar agam agus mé réitithe cheana féin le dul amach ina dhiaidh. 

Bhí cara liom ar an mbus céanna nár thosaigh ag staidéar go ndeachaigh sé ar an mbus. Bhí níos mó suime agam féin agus ag an ngroupchat a bheith ag pleanáil na hoíche. Ón áit ar cuireadh i mo shuí mé sa halla scrúdaithe, bhí amharc agam ar bheár an choláiste agus is chuig an mbeár céanna a chuaigh mé féin a luaithe agus a bhí mo pháipéar sínte isteach i lámha an fheitheora agam. 

I mbliana nuair a chríochnóidh mé na scrúdaithe céanna is chuig an gcistin a bheidh mé ag dul, áit a gheobhaidh mé cupán deas tae agus, má bhíonn an t-ádh liom, pióg mhionra. 

Ag an mBeer Tent a chuaigh muid ar dtús, nó le bheith go hiomlán ionraic faoi, an scuaine taobh amuigh den Bheer Tent. Má bhí cor ar bith sa scuaine is cinnte go mba dhaoine a bhí ag fágáil an scuaine ba chúis leis, mar ní raibh ag éirí le duine ar bith a dhul isteach san áit. 

Sheas muid féin isteach sa scuaine chéanna, í breá fada agus daoine brúite suas sa mullach ar a chéile, ag seasamh cois ar chéile agus ag scipeáil thar a chéile ag iarraidh dhul chomh fada le ceann na scuaine. 

Ní raibh aon chaint ar scaradh shóisialta an uair sin dar ndóigh. Fuar, fluich agus ag éirí mífhoighdeach, sheas muid ansin ar feadh leathuaire. 

D’fhág beirt le dhul chuig Supermacs ar an taobh eile den tsráid, faoin am a dtáinig siad ar ais agus cúpla mála chips an duine acu, ní raibh de dhifríocht sa scuaine ach go raibh sí th’éis éirí i bhfad níos faide, agus muide fós san áit cheannann céanna. 

Níorbh fhada ina dhiaidh sin sular chaith muid in aer é – d’imigh muid linn agus bhog an scuaine taobh thiar dúinn leis an spás a bhí fágtha inár dhiaidh a líonadh arís. Cé go ndeachaigh muid ag cúpla beár éagsúil san oíche, sin é an chuid is mó a sheasann amach. Muid uilig ansin, ag caint agus ag argóint faoi chuile shórt; na scrúduithe, na léachtóirí, cá rachaidh muid ina dhiaidh sin. Ag cur rudaí trína chéile agus á gcur ina cheart arís.

Ghlaoigh mé ar chara liom i ndiaidh scrúdú an lae inniu. Tá an bheirt againn inár gcónaí sa mbaile, agus ag staidéar na rudaí céanna. Ba é an chéad uair agam é a bheith ag caint léi ó mhí Mheán Fómhair agus chaith muid an chuid is mó den am ag clabhsán. 

Tá trí mhí caite againn ag déanamh staidéir ar théacsanna nach bhfeicfidh muid arís go brách, le léachtóirí nár casadh ariamh orainn, agus ní raibh muid fiú in ann dul ag an gcaifé ina dhiaidh.  

Rinne an bheirt againn neart tabhairt amach faoin scrúdú, céard a tháinig aníos ar an bpáipéar agus céard nár tháinig, chuile rud beo a chuaigh mícheart, ag maíomh as na rudaí a fuair muid ceart, agus ag gáire faoi na botúin amaideacha a rinne muid. 

Is cinnte go mbeidh an dream sa mbaile breá sásta go ndearna mé an méid sin; tá siad tinn tuirseach ag éisteacht liomsa ag cur díom. D’aireofá uait é fiú a bheith in ann breathnú thimpeall ort; go bhfeicfeadh duine thú agus cuma chaillte ort, go gcuirfidís strainc orthu féin agus go mbeadh a fhios agat uaidh sin go rabhadar sa mbád céanna leat.

Sa mbaile níl ann ach an ríomhaire, na ballaí gorma taobh thiar de, agus fear béal dorais liom a bhfuil sé de nós aige glaoch an-tábhachtach a dhéanamh agus mise i lár scrúdaithe. 

Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-tithe-tabhairne-agus-bialanna-le-dunadh-agus-cosc-taistil-le-tabhairt-isteach-aris

Tithe tábhairne agus bialanna le dúnadh agus cosc taistil le tabhairt isteach arís

Tá an Rialtas le srianta nua a  thabhairt isteach a fhágfaidh go ndúnfar na bialanna agus tithe tábhairne ar an 24 Nollaig agus go gcuirfear cosc ar dhaoine a gcontae a fhágáil ó mheán oíche an 26 Nollaig.

Bheadh cead ag daoine taisteal ar ais go dtí a gcontae féin ina dhiaidh sin más amhlaidh go bhfuil siad ar cuairt ar chontae eile don Nollaig.

Beidh cead ag  teaghlach amháin cuairt a thabhairt chun an tí idir an 27 Nollaig agus an 1 Eanáir agus beidh cosc ar chuairteanna tí ina dhiaidh sin.

Beidh cead oscailte i gcónaí ag na siopaí ach dúnfar na gruagairí agus seirbhísí eile Déardaoin na seachtaine seo chomh maith. Dúnfar chomh maith pictiúrlanna agus gailearaithe. Fágfar cead oscailte ag ionaid aclaíochta agus beidh cead spóirt áirithe a imirt amhail galf agus leadóg.

Ar líne amháin a bheidh seirbhís eaglasta ón 26 Nollaig.

Déanfar athbhreithniú ar na srianta nua ar an 12 Eanáir.

Cuirfear síneadh leis an gcosc taistil idir Éirinn agus an Bhreatain go dtí an 31 Nollaig.

Tá sé curtha in iúl ag an bPríomhoifigeach Leighis Tony Holohan d’airí rialtais gur dóigh leis go mbeidh gá le srianta Leibhéal 5 a thabhairt isteach athuair tar éis na Nollag.

Tá sé ina imní go bhfuil an víreas á scaipeadh níos láidre arís i measc gach aoisghrúpla.

Idir an dá linn, dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu go bhfaighidh an chéad dream an tsnáthaid in aghaidh an Covid-19 i mbliana.

Thug an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a mbeannacht inné don vacsaín Pfizer/BioNTech agus táthar ag súil go ndéanfaidh siad amhlaidh i gcás vacsaín Moderna an chéad seachtain de mhí Eanáir.

D’fhoilsigh an Rialtas an tseachtain seo caite an plean náisiúnta vacsaínithe chun dul i ngleic leis an Covid-19, plean chun 14.3 milliún dáileog a cheannach ó shé chomhlacht dhifriúla.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan aréir go bhfuil cúrsaí “an-an-tromchúiseach” faoi láthair.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan go bhfuil líon na gcásanna nua den ghalar ag fás idir 5-7% in aghaidh an lae agus go bhfuil an galar á scaipeadh níos sciobtha anois ná mar a bhí aon uair ón earrach.

Ba shoiléir, arsa Nolan, go bhfuil “an tríú maidhm” den Covid-19 againn.

D’fhéadfadh go bhfuil ráta atáirgthe an ghalair anois idir 1.5 agus 1.6, a dúirt sé.

Dúirt Nolan go bhfuil rudaí chomh holc anois i mBaile Átha Cliath is a bhí nuair ba mheasa an dara maidhm mí Dheireadh Fómhair. Fógraíodh 311 cás nua i mBaile Átha Cliath tráthnóna.

Má leanann an galar ag scaipeadh mar atá beidh 1,300 cás sa lá sa stát faoin 6 Eanáir, a deir Nolan. 1,800 cás a bheadh ann le fás 7%.

Tá NPHET ag moladh do dhaoine fanacht sa bhaile agus éirí as a bheith ag bualadh le daoine go sóisialta.

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-eist:-bunaitheoir-nos-faoi-agallamh-ar-‘seal-le-sean’-raidio-ri-ra

ÉIST: Bunaitheoir NÓS faoi agallamh ar ‘Seal le Seán’ Raidió Rí Rá

Labhair bunaitheoir NÓS, Tomaí Ó Conghaile, leis an gcraoltóir Seán Ó Dubhchon ar an gclár Seal le Seán ar Raidió Rí Rá an tseachtain seo caite faoi Ghradaim Cheoil NÓS, a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn, faoina shaol mar aistritheoir sa Bhruiséil, an obair iriseoireachta atá déanta aige le NÓS féin, leis an nuachtán , agus na sealanna a thug sé mar láithreoir teilifíse ar TG4 agus ar BBC NI.

Is féidir éisteacht leis an agallamh iomlán seo:

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘ta-an-ciniochas-ann-i-measc-phobal-na-gaeilge-fein’

‘Tá an ciníochas ann i measc phobal na Gaeilge féin’

Thuig mé i gcónaí go raibh mé difriúil le formhór na ndaoine i bpobal na Gaeilge. Bhí a fhios agam go raibh rud éigin cineál ‘ait’ déanta agam agus mé ag foghlaim na teanga agus mé ag fás aníos. Agus mé ar scoil, d’fhiafraínn díom féin ‘an do mo leithéidse an Ghaeilge?’. Ach d’athraigh sé sin agus mé i mo dhuine fásta i saol na Gaeilge. Mhothaigh mé gurbh iad na Gaeil mar ‘theaghlach eile’ agam agus chuirtí fáilte romham i gcónaí ag ócáidí éagsúla Gaelacha. 

Nuair a rinneadh ionsaí eagraithe orm de bharr an fhíseáin a rinne mé, bunaithe ar dhán a scríobh faoi faoi ghruaig na mban dubh, bhí náire orm ar bhealach. Níor thaitin és liom go mbeadh an cineál sin airde orm cé nár chuir maslaí agus ciníochas na dtroll as dom. Scaipeadh scéal an eachtra timpeall na meán traidisiúnta agus na meán sóisialta, agus mhothaigh mé beagáinín imníoch agus tuirseach de bharr na bhfógraí go léir a bhí ar m’fhón. 

Dúirt mé ar Twitter go raibh tráchtanna ciníocha i mBéarla agus i nGaeilge ann agus gur chuir na cinn Ghaeilge isteach orm toisc gur chreid mé go raibh mé i gcónaí ag obair ar son na teanga. Bhí eagla bheag orm labhairt amach faoi na tráchtanna i nGaeilge mar bhí a fhios agam go mbeadh ionadh ar fhormhór na ndaoine agus go ndéarfadh siad nach fíorGhaeilgeoirí iad na daoine sin. Ach a mhalairt a bhí fíor. 

B’fhéidir go raibh daoine ann a d’úsáid Google Translate ach bhí daoine eile ann ar léir go raibh Gaeilge mhaith acu. Ní raibh mé ag iarraidh go gceapfadh éinne go raibh mé i gcoinne phobal na Gaeilge nó aon sórt raiméise mar sin agus mé ag labhairt faoi na tráchtanna seo, bhí mé díreach ag iarraidh go dtuigfí go mbíonn an ciníochas le cloisteáil agus le feiceáil gach áit. 

Mar sin féin, nuair a tharla sé seo ar fad bhí an tacaíocht a fuair mé ó phobal na Gaeilge dochreidte ar fad! Seasadh liom. Níor mhothaigh mé comrádaíocht mar sin riamh. Chuaigh an grá agus an meas ar fad go mór i bhfeidhm orm, agus thuig mé láithreach boinn go raibh an pobal lánsásta go raibh mé i saol na Gaeilge agus is cinnte nach bhfágfaidh mé an pobal sin go deo. 

Dúradh liom go raibh mé ‘cróga’ sa bhealach a dhéileáil mé leis an ionsaí sin. Dar liom féin, ní crógacht a bhí ann ach seantaithí – tá mé cleachta leis an gcineál seo seafóide a tharlaíonn do dhaoine dubha. Traenáiltear muid ó aois óg le bheith ag déileáil leis an bhfuath a chaitear orainn. Ní bhacaim leis an bhfuath ar líne dá bharr – feicim na tráchtanna gránna agus cuireann siad ag gáire mé. 

Ach is ceacht é an t-eachtra seo dúinn go léir – tá an ciníochas gach áit timpeall orainn, i saol na Gaeilge freisin. Is daoine muid uilig agus dá bharr sin beidh roinnt claontachtaí ann i ngach pobal. Uaireanta, más pobal mionlach atá i gceist, ceaptar nach mbeadh aon fhadhb le mionlach a bheith mar pháirt den phobal sin. Cé go bhfuil sé sin fíor go pointe, ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil daoine ciníocha ann sa phobal. Caithfimid a bheith ionraic lena chéile faoi thopaicí mar seo. Táim sásta gur tharla an t-eachtra seo le déanaí mar gur músclaíodh muid. Níl deireadh leis an gciníochas go fóill. 

Níos mó

An ceol i gcroílár na Gaelscoile i gCrois Mhic Lionnáin

Thug Meon Eile cuairt ar Ghaelscoil Phádraig Naofa i gCrois Mhic Lionnáin, Contae Ard Mhacha, le fáil amach faoin traidisún láidir ceoil atá acu sa scoil.

Is léir go bhfuil bua an cheoil ag daltaí agus múinteoirí na scoile agus go dtaitníonn an ceol go mór leo. Tá grúpa ceoil thraidisiúnta faoi sheol acu, chomh maith le cór scoile agus cór amhránaíochta ar an sean-nós fosta.

Tá a gcroí istigh sa cheol, amhráin áitiúla ina measc, agus bhí sé galánta a bheith ag éisteacht leo agus muid ar cuairt ann. Nach maith iad!

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta