Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

A rún maidir le costas a lógó nua scaoilte ag Údarás na Gaeltachta

| , ,

Tá a rún maidir lena lógó nua scaoilte ag Údarás na Gaeltachta.

Dhiúltaigh Údarás na Gaeltachta a rá le Tuairisc.ie níos túisce an mhí seo cén costas a bhí ar a lógó nua nó cén comhlacht a fostaíodh chun é a dhearadh.

Ach tá an t-eolas sin curtha ar fáil anois acu i bhfreagra ar cheist Dála a chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh ar Aire na Gaeltachta.

€3,800 móide cáin bhreisluacha a d’íoc an tÚdarás leis an gcomhlacht New Graphic, atá lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath, chun an lógó nua a chur ar fáil dóibh.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le fios gur roghnaigh an tÚdarás New Graphic chun an lógó a dhearadh toisc gurb iad a rinne an suíomh idirlín nua a fuair an eagraíocht Ghaeltachta i mbliana. Bhí an-chur amach ag New Graphic ar obair an Údaráis dá bharr.

Bhuaigh New Graphic an conradh chun suíomh idirlín nua a chur ar fáil don Údarás i gcomórtas oscailte ar etenders.ie.

Tá ceist curtha ag Tuairisc.ie ar Údarás na Gaeltachta cé mhéad a chosain an suíomh idirlín nua atá acu.

Níor reáchtáladh comórtas oscailte i gcás an lógó “de bharr an costas a bheith faoin tairseach chostais mar a bhaineann sé le rialacháin soláthair poiblí”.

Dhiúltaigh an tÚdarás an t-eolas sin a chur ar fáil do Tuairisc.ie níos túisce an mhí seo.

“Níl sé cuí ag an staid seo ainm an chomhlachta ná an costas a caitheadh leis a shonrú de bharr leochaileacht tráchtála. É sin ráite is féidir a dhearbhú gur déanadh an obair dheartha ar chostas íseal agus fíor-réasúnach,” a dúradh.

Dhá lógó a bhí ag Údarás na Gaeltachta go dtí seo, ceann a d’eascair ó bhrandáil Ghaeltarra Éireann a bhí ann nuair a bunaíodh an eagraíocht i 1980. Forbraíodh branda nua don eagraíocht i 1996.

Mar chuid de chomóradh 40 bliain na heagraíochta a beartaíodh lógó a fháil “a thabharfadh aitheantas d’fhéiniúlacht na Gaeltachta agus do ról an Údaráis inti” le dhá scór bliain anuas.

Suaitheantas a bhí uathu a leagfadh béim “ar nuálaíocht, ar cheannródaíocht agus ról lárnach an Údaráis i ngach a tharlaíonn sa Ghaeltacht”.

Dúirt urlabhraí ón Údarás go raibh dearadh an lógó nua “bunaithe ar an gcoincheap gur áit shainiúil í an Ghaeltacht agus go bhfuil Údarás na Gaeltachta fite fuaite i chuile ghné de shaol sin na Gaeltachta”.

Dúirt sé go raibh “cruth láidir, glan agus soiléir” ar an lógó ar chosúil é le “marcóir digiteach ar mhapa” rud a “cheanglaíonn” an tÚdarás “go dlúth leis an gceantar ar a bhfuil sé ag freastal”.

Mhaígh sé go dtugann an fíochán nó an sníomh atá ar na línte ag bun an mharcóra le fios “go bhfuil an eagraíocht fite fuaite i ngach a bhaineann leis an nGaeltacht” agus go dtugann an lógó “nod” freisin faoi chuid d’earnálacha traidisiúnta na Gaeltachta ar nós na fíodóireachta.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta