Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Glór – Podchraoladh nua ag Áras Uí Chonghaile

| , ,

Chinn an fhoireann in Áras Uí Chonghaile podchraoladh a thosú chun scríbhneoirí agus údair áitiúla a chur faoi agallamh agus a chur chun cinn.

Ag deireadh mhí Mheán Fhómhair, seoladh an chéad phodchraoladh le Laurence McKeown. Is údar agus iar-phríosúnach é McKeown ó Bhaile Raghnaill i gContae Aontroma. Ó shin, bhí podchraoladh acu leis an staraí an Dr. Margaret Ward agus leis an iar-eagarthóir nuachtáin Michael Pierse.

Phléigh an triúr scríobhneoirí saol s’acu, deacaireachtaí agus feidearthachtaí a bhaineann leis an scríbhneoireacht in Éirinn.

Chuaigh Meon Eile go dtí an tÁras agus bhuail muid leis an oifigeach forbartha, Clíodhna Nic Bhranair, a bhíonn ag reáchtáil na bpodchraoltaí. Labhair sí faoi na rudaí is mó a thaitníonn léi faoin phost nua mar chraoltóir agus faoi na pleananna ar léith atá ann don todhchaí.

Craoltar podchraoladh nua achan seachtain agus tá siad uilig ar fáil anseo.

Le tuilleadh eolais a fáil ar Áras Uí Chonghaile nó leis an chlár geimhridh úr a léamh, is féidir dul anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta