Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ciorcail Chomhrá Ghaeilge

|

Tá grúpaí éagsúla in oiriúint do gach leibhéal agus cumas teanga. Tugann na ciorcail comhrá seo deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma más foghlaimeoir le cúpla focal iad nó cainteoir ó dhúchais atá ag iarraidh bualadh le daoine nua le Gaeilge acu.

Tá sé an-éasca grúpa nua Caint & Comhrá a bhunú – níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile thar Zoom mar shampla, le comhrá le chéile i nGaeilge ar bhonn rialta.

Níl aon chostas nó am breise de dhíth chun páirt a ghlacadh i ngréasán Gaeilge. Nuair atá am agus sonraí teagmhála agat don chiorcal comhrá, seol na sonraí chuig: caint@cnag.ie nó is féidir imeachtaí a chlarú ar PEIG.ie féin.

Is féidir teacht ar Chiorcal Comhrá i do cheantar fhéin ag baint úsáid as rannóg “Imeachtaí” ar PEIG.ie.

Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil le caint@cnag.ie.

Léigh tuilleadh ábhar ó PEIG.ie anseo

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta