Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Stair na hÉireann i 100 focal – Leabhar agus Taispeántas

| , , ,

Anuraidh shocraigh triúr scólaire Gaeilge – Gregory Toner, Máire Ní Mhaonaigh agus Sharon Arbuthnot – cuid de na focail is suimiúla agus is iontaí sa Ghaeilge a roghnú agus a léiriú i bhfoirm leabhair.

Roghnaigh siad 100 focal ó Fhoclóir Gaeilge (DIL) an Acadaimh Ríoga i mBaile Átha Cliath agus cuireadh scéalta na bhfocal agus léaráidí bríomhara leo chun an t-ábhar a thabhairt chun beatha.

‘A History of Ireland in 100 Words’ is teideal don leabhar agus an mhí seo osclaíodh taispeántas ealaíne bunaithe air i Leabharlann Halla an Línéadaigh i mBéal Feirste. ‘A History of Ireland in 10 Words’ an t-anim atá ar an taispeántas mar gur roghnaíodh deich bhfocal ón leabhar ar cuireadh pictiúir agus scríbhneoireacht leo lena sanasaíocht a mhíniú.

Dé hAoine 30 Deireadh Fómhair, tabharfaidh an triúr údar caint a bheidh le fáil ar líne ach, idir an dá linn, bhuail Meon Eile le Gregory Toner ina oifig i mBéal Feirste chun léargas a fháil ar an leabhar agus ar an taispeántas.

Ar an drochuair beidh Leabharlann Halla an Línéadaigh druidte go ceann tamaill anois ach bíonn nuashonruithe ar fáil ar an suíomh anseo agus is féidir an leabhar a cheannach anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta