Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

FÍSEÁN: ‘Géilleann solas geal an lae do dhorchacht dhubh Oíche Shamhna…’

| , ,

‘Tá fuacht an gheimhridh san aer. Tá an samhradh anois ar nós tine mhall éagmaiseach nó mian thuisleach. Níl romhainn anois ach an t-idirdhorchadas lena gcasann muid ar ár mbealach isteach san uaigneas. Agus gile an tsamhraidh ag gabháil in éag, géilleann solas geal an lae do dhorchacht dhubh na hoíche. Oíche Shamhna.’

Tá an tSamhain linn agus tá go leor a chreideann go n-osclaíonn an bhearna idir an saol seo agus an taobh eile ag an am seo bliana agus gur féidir linn teagmháil a dhéanamh leis na spioraid agus na daoine maithe. 

Tá Féile na Samhna á cleachtadh ar fud fad an domhain anois, féile a bhfuil a fréamhacha go domhain anseo in Éirinn. 

Bígí ag fáire amach do na daoine maithe, go háirithe sibhse atá amuigh cois tine cnámha ar Oiche Shamhna. 

Míle buíochas leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge a thug an maoiniú chun an físeán seo a dhéanamh. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta