Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Sinéad Ní Thuamáin – Buaiteoir ‘Slam Filíochta 2020’

| , , ,

Bhuail Meon Eile le Sinéad Ní Thuamáin, buaiteoir ‘Slam Filíochta 2020 Liú Lúnasa’. Is múinteoir bunscoile í Sinéad a scríobhann a cuid dánta ina ham saor ón teagasc. Thosaigh sí agus í ar Ollscoil na Banríona, áit ar thit sí i ngrá leis an fhilíocht.

Tá Slam Filíochta mar chuid de Liú Lúnasa le sé bliana anuas. Is é an t-aon chomórtas filíochta Gaeilge ar domhan a thugann deis do gach file a gcuid scríobhneoireachta a chur i láthair ar stáitse. I mbliana bhí ar na filí uilig a gcuid dánta a thaifeadadh agus a sheoladh chuig Liú Lúnasa le seans a bheith acu sa chomórtas. Tá duaiseanna airgid ann don chéad, don dara agus don tríú háit agus is í Sinéad a thóg léi an bua le dán dátheangach s’aici “Comhrá Gan Mhaith”

Is féidir an Slam iomlán a fheiceáil anseo agus seo thíos an dán ‘Comhrá gan Mhaith’ le Sinéad Ní Thumáin:

Comhrá gan Mhaith

Is daoine falsacha santacha muid

A mbíonn ag goid ‘s ag troid

Dearmad déanta chun buíochas a chur in iúl

Fed up, F***d off, Run down

Cad a tharla don dúil,

 paisean, agus misneach?

Cá bhfuil an tacaíocht?

Fágtha ar an trá fholamh

Gan bogadh gan mothú

Numero Uno is tábhachtaí

D’imigh an grá, d’imigh an comhluadar

Uilig inár aniar taobh thiar de scáileán

Smart phones, stupid people

Technology taking over imagination

Mar an plá ar na bprátaí

Tá muid uilig ocrach

Ocrach d’eispéireasaí nua

Áit chun scaoileadh

Run from problems, keep head down

Complain but don’t take blame

Gan brí, gan feidhm

Ag iarraidh an saol a athrú

Ach cad é go díreach 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta