Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Múrphictiúr nua de Joe McDonnell

| , , ,

In 2009 cuireadh múrphictiúr in airde de Joe Mc Donnell i Léana an Dún in iarthar Bhéal Feirste, ach thar na blianta bhí caitheamh agus cuimilt le feiceáil air, a d’fhág go raibh ceann nua de dhíth. Shocraigh tríúr gníomhaithe ón cheantar – Pádraic MacCoitir, Míchéal Fitzsimons agus Archie Livingstone – múrphictiúr nua a chur in airde agus, le cuidiú ó Phól Torbóid a rinne an dearadh, cuireadh suas ar an bhalla é ar na mallaibh. 

Rugadh Joe McDonnel i mBéal Feirste in 1951. Phós sé Gretta agus bhí beirt paistí acu. Bhí sé ina bhall den IRA agus in 1976 cuireadh isteach sa Cheis Fhada é. An 9 Bealtaine 1981 thosaigh sé ar stailc ocrais agus trí mhí níos moille ar an 8 Iúil, fuair sé bás dá bharr. Faoi dheireadh mhí Lúnasa bheadh deichniúr fear san iomlán i ndiaidh bás a fháil.

Bhí slua mór i láthair ag nochtadh an mhúrphictiúir nua, teaghlach Joe McDonnell ina measc. Tá traidisiún láidir múrphictiúr i mBéal Feirste agus íomhánna iad a insíonn an stair pholaitiúil agus an stair shóisialta araon.

Labhair Meon Eile le Míchéal Fitzsimons, duine de na daoine ón cheantar a d’eagraigh an múrphictiú nua, agus le Colum Mac Giolla Bhéin a scríobh dán faoin stalic ocrais atá anois le feiceáil ar an mhúrphictiúr. Labhair muid fosta le hiníon Joe McDonnell, Bernadette, a bhí i láthair ag an seoladh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta