Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Stádas dearg ag Stoirm Ellen i gCorcaigh anocht agus stádas oráiste i gcontaetha ar chósta an iarthair agus an deiscirt

| , ,

Tá Stoirm Ellen ar a bealach agus rabhadh tugtha ag Met Éireann go mbeidh fógra dearg i bhfeidhm i gCorcaigh óna 9.00 pm go dtí meán oíche anocht agus stádas oráiste ar chósta an iarthair agus an deiscirt óna 9.00 pm go dtí meán oíche amárach.

Le seacht gcontae a bhaineann an stádas oráiste – Maigh Eo, Gaillimh, An Clár, Luimneach, Ciarraí, Corcaigh agus Port Láirge.

D’fhéadfadh gustaí contúirteacha a bheith leis an ngaoth. Tá baol ann go mbeidh báisteach throm léi agus d’fhéadfadh fuarlaigh a bheith in áiteanna.

Thug Met Éireann rabhadh go bhféadfadh tuilte a bheith cois cósta ó tharla an stoirm, an rabharta agus an ghaoth ag séideadh ón talamh i dteannta a chéile. I gCorcaigh, Ciarraí agus contae an Chláir is mó atá baol tuilte.

Beidh an taoide rabharta is airde dá bhféadfadh a bheith ann againn as seo go Domhnach agus tá an Garda Cósta ag impí ar dhaoine a bheith fíorchúramach cois cósta, talamh rite a sheachaint agus a chinntiú nach sáinneofar iad in íochtar trá agus an taoide ag tuile thart orthu go tobann.

Tá stádas buí gaoithe fógartha ag Met Éireann don chuid eile den tír agus tá an rabhadh céanna tugtha ag Oifig Aimsire na Breataine i gcás na sé chontae i dTuaisceart Éireann.

Tá imní léirithe ag Met Éireann faoi dhaoine atá ag campáil, go háirithe iadsan atá i gCúige Mumhan áit a mbuailfidh an stoirm ansin anocht sula dtabharfaidh sí a haghaidh suas le cósta thiar na tíre.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta