Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Out’: Úrscéal faoi reifreann na gceart pósta agus an pobal LADT

| , , ,

Ag tús na bliana thosaigh Cian Ó Gríofa ag scríobh a chéad úrscéil, ‘Out’, scéal faoi triúr daoine aiteacha atá ina gcónaí i mBaile Átha Cliath.

Buaileann muid leo agus iad ag dul tríd an ghnáthshaol, ag iarraidh a bheith fíor agus dílis dóibh féin. Tá an leabhar suite in 2015 i rith an reifrinn stairiúl a thug cearta pósta don phobal aerach sa deisceart. Cé go bhfuil cuid den ábhar trom, déanann Cian iarracht greann a chur tríd agus agus saothar sultmhar a chur ar fáil don léitheoir.

Tá aithne ar Chian mar gheall ar a chuntas Gaylgeoirí ar Facebook agus Instagram a chuireann méimeanna, gifeanna agus físeáin ghlice amach bunaithe ar an phobal LADT agus an Ghaeilge.

Luaigh Cian gur mhian leis scéal dearfach a scríobh chun tacú leis an phobal óg LADT mar nach raibh a leithéid ar fáil dó féin nuair a bhí sé féin ag fás aníos.

Tá an leabhar ar fáil ar www.wattpad.com agus tá sé saor in aisce. Déan cuardach ar an anim ‘Madeinwicklow’ nó téigh anseo. Déanann Cian iarracht cúpla caibidil a fhoilsiú gach coisís, agus tá 60 caibidil san iomlán pleanáilte aige.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta