Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Insint Eile – Lán do Chráige

| , , ,

Sa scéaldráma seo déanann páistí as Dún Geanainn an scéal ‘Lán do Chráige’ a athinsint. Bailíodh an scéal mar chuid de Scéim na Scol sna 1930í. Fuair Séamus Mac Eachmharcaigh an scéal óna athair, Tomás Mac Eachmharcaigh, ó Ghlaise Chú, Contae Dhún na nGall.

Bhí Tomás 62 bliain d’aois nuair a d’inis sé an scéal do Shéamus ceithre scór bliain ó shin i 1938. Tá téacs an scéil thíos.

Bailitheoir – Séamus Mac Eachmharcaigh

Faisnéiseoir – Tomás Mac Eachmharcaigh, Glaise Chú

http://www.duchas.ie/en/cbes/4428399/4404433

Bhí bean ann am amháin agus cha raibh aici ach mac amháin agus bhí sé ag éirí aosta. Bhí sé ag gabháil a phósadh agus ní raibh airgead ar bith aige. Oíche amháin bhí an bheirt acu ina suí ag an tine ag comhrá. D’iarr an bhean ar a mac an bhó a bhí amuigh sa bhóitheach a thabhairt leis chun aonaigh agus go bhfaigheadh sé lán a chráige uirthi. D’imigh an mac leis chun aonaigh leis an bhó agus nuair a bhí sé giota fada ar shiúl casadh fear air agus chuir an fear ceist air cá mhéad a bhí sé ag iarraidh ar an bhó. Dúirt sé gur lán a chráige a bhí sé ag iarraidh uirthi.

Dúirt an fear leis go dtabharfadh sé deich bpunta uirthi. “Bhal,” arsa fear a bhí ag díol na bó, “d’iarr mo mháthair orm lán mo chráige a iarraidh uirthi.” Chuir an fear a lámh in a phóca agus thug sé amach lán a chráige d’airgead rua agus airgead geal agus thug sé don fhear eile é agus dúirt “Tá lán do chráige agat anois.” “Tá!” arsa an fear eile agus d’imigh sé leis chun an bhaile agus lán a chráige leis agus d’imigh an fear eile agus an bhó leis.

Dúirt an fear a dhíol an bhó, “Nach trua a ghlac mé comhairle mo mháthar ar chor ar bith. Níl bó, níl bainne, níl airgead, níl bean anois agam.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta