Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Gaeltacht X: cúrsa Gaeltachta ar líne arna eagrú ag Conradh na Gaeilge

| , , ,

De dheasca na dianghlasála cuireadh na cúrsaí samhraidh i ngach coláiste Gaeltachta ar ceal i mbliana agus idir dhaltaí agus mhuintir na Gaeltachta ag cailleadh amach dá barr. Tá cúrsa Gaeltachta ar líne eagraithe ag Conradh na Gaeilge chun blaiseadh beag den eispéireas a thairiscint don aos óg le linn an tsamhraidh. 

Tá an leathanach Gaeltacht X ar Instagram agus TikTok, áit a gcuirtear comórtais iontacha, físeáin bhríomhara, agallaimh éagsúla agus níos mó ar fáil saor in aisce do leantóirí an tionscadail.  

Tá ceathrar ceannairí i gceannas ar an leathanach agus iad uilig gníomhach ar na meáin shóisialta Ghaeilge; Síomha Ní Ruairc, Chris Murphy, Róisín Seoighe agus Darragh Ó Caoimh. Labhair muid le Síomha faoin tionscadal, faoi impleachtaí na paindéime do na cúrsaí samhraidh agus cad a spreag iad an t-eispéireas Gaeltachta a chur ar fáil ar bhealach go hiomlán difriúil i mbliana. 

Is féidir Gaeltacht X a leanúint ar Instagram agus ar TikTok ag @gaeltachtx chun blaisín de spraoi na Gaeltachta a bheith agat i mbliana.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta