Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Achainí ar líne faoi chúrsaí pleanála i nGaeltacht Chiarraí 

| , ,

Tá achainí ar líne tosnaithe ag buíon daoine i gCorca Dhuibhne an tseachtain seo, ag lorg tacaíochta ón bpobal d’aighneacht atá le cuir fé bhráid Chomhairle Contae Chiarraí agus plean forbartha contae nua á réiteach acu.

Maítear san achainí go bhfuil géarchéim tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht agus i gceantair tuaithe Chiarraí agus, de dheasca rialacha agus cur chuige pleanála Chomhairle Contae Chiarraí, go bhfuil pobail tuaithe an chontae ar an dé deiridh.

Tá cearta tithíochta á gceilt ar mhuintir na Gaeltachta ar mhaithe le Dia beag na turasóireachta

5 cinn d’éileamh at ar an achainí, ina measc, go dtabharfaí aitheantas do gach baile fearainn mar aonad lonnaíochta astu féin, go gcuirfí scéim tógála tithíochta sóisialta aonair fén dtuath ar bun aríst, agus go mbeadh pé pleanálaí a bheidh i bhfeighil na gceantair Ghaeltachta líofa sa Ghaelainn.

Tá an achainí ar fáil anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta