Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

TG4 ar an séú cainéal is mó lucht féachana den chéad uair riamh

Bhí TG4 ar an séú cainéal is mó lucht féachana den chéad uair riamh anuraidh, de réir tuarascáil bhliantúil nua an stáisiúin.

De réir na tuarascála a foilsíodh inniu, tháinig méadú 3% ar mheánsciar TG4 den lucht féachana le linn na bliana 2019, rud a d’fhág go raibh sé ar an séú cainéal os mó ó thaobh lucht féachana.

1.82% an meánsciar den lucht féachana a bhí ag an stáisiún in 2019.

Tabharfaidh na figiúirí nua seo dóchas do TG4 go bhfuil an taoide ag casadh maidir lena bhfigiúirí lucht féachana.

Tháinig laghdú 6% ar lucht féachana TG4 in 2018 agus bhí sé ar an seachtú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn an bhliain sin.

Mí an Mhárta an mhí ba rathúla a bhí ag TG4 in 2019 agus meánsciar náisiúnta 2.65% den lucht féachana acu an mhí sin. 

Bhí os cionn 2% ag an stáisiún trí mhí eile, mí Feabhra, 2.03%, mí Lúnasa, 2.22% agus mí na Nollag, 2.02%.Deirtear chomh maith sa tuarascáil nua gur tháinig méadú 24% anuraidh ar líon na ndaoine a bhíonn ag féachaint ar sheinnteoir TG4 agus gur tháinig ardú 174% ar líon na ndaoine a bhíonn ag plé le TG4 ar na meáin shóisialta. Deirtear, bunaithe ar thaighde de chuid TG4 féin, gur mheall an stáisiún 71% de phobal na Gaeilge le linn na bliana 2019.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 go raibh sé “fíorbhródúil” as foireann an stáisiúin agus as na léiritheoirí a sholáthraíonn ábhar dó.

“Bhí bliain an-mhaith ag TG4 in 2019 maidir le lucht féachana, an chéad bhliain riamh go raibh muid ar an 6ú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn, sin chun cinn ar leithéid BBC Two agus Channel 4. Ar-líne freisin, trí sheinnteoir TG4, tá teacht ar TG4 ar fud an domhain agus ábhar Gaeilge TG4 ar fáil don lucht féachana domhanda saor in aisce,” arsa Alan Esslemont.


Na deich gcaineál is mó lucht féachana in 2019

Cainéal Sciar LF %
RTÉ One 17.62
Virgin Media One 11.51
RTÉ2 6.16
BBC One 4.47
Virgin Media Two 3.88
TG4 1.82
BBC Two 1.72
Virgin Media Three 1.63
Channel 4 Ireland 1.41
Sky News 1.17
Sky One 1.08
RTÉ One + 1 0.94
Sky Sports Main Event 0.91
Sky Sports News 0.87
More4 0.76

 Dúirt sé gur theastaigh maoiniú breise go géar ó TG4 agus “bearna charnach” €9.87 milliún  ina mbuiséad.

“Beimid ag leanúint arís lenár bhfeachtas chun an leibhéal maoinithe atá molta ag an BAI a bhaint amach do 2021,” arsa Ard-Stiúrthóir TG4.

Dúirt Cathaoirleach Bhord TG4, Siún Ní Raghallaigh go raibh TG4 “níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh”.


Meánsciar náisiúnta den lucht féachana ag TG4 2014-2019

Cainéal 2014 2015 2016 2017 2018 2019
TG4 1.8 1.7 1.8 1.9 1.8 1.8

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta