Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An Ceathrú Póilí agus ‘Bia’ oscailte arís sa Chultúrlann

| , ,

Tá siopa leabhar Gaeilge Bhéal Feirste oscailte arís den chéad uair ó bhí Lá Fhéile Pádraig ann. Dúnadh an siopa, atá thíos staighre i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich, de bharr scaipeadh an víris chorónaigh ar an 18 Márta. 

Fógraíodh ar na meáin shóisialta inniu, áfach, go bhfuil “na soilse lasta” agus na doirse oscailte arís sa siopa leabhar Gaeilge is mó rath in Ultaibh. Bhí lucht an tsiopa thar a bheith gníomhach a fhad is a bhí na srianta diana i bhfeidhm le cúpla mí anuas, agus eolas faoi leabhair agus imeachtaí á scaipeadh acu go rialta. 

Cuireadh seirbhís nua ar bun ag deireadh mhí na Bealtaine inár fhéad custaiméirí de chuid an tsiopa “Cliceáil agus Bailigh”. Bhíothas in ann orduithe a chur isteach ar shuíomh an tsiopa ar líne agus iad a bhailiú ag an gCultúrlann, gan dul isteach sa siopa agus gan na srianta a shárú. 

Ach ón lá inniu, Luan go Satharn idir 10.00 agus 16.00, beidh fáilte is fiche arís roimh chustaiméirí teacht isteach sa siopa agus na leabhair agus earraí eile a bhíonn ar díol ann a phóirseáil. 

Anuas air sin, d’fhógair lucht na bialainne ‘Bia’, atá lonnaithe in íochtar na Cultúrlainne taobh leis an gCeathrú Póilí go bhfuil siad oscailte an athuair agus srianta áirithe i bhfeidhm ann lena chinntiú nach scaipfear an víreas corónach i measc na gcustaiméirí. 

Tá An Ceathrú Póilí, an Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath, agus siopa Chló Iar-Chonnacht i gCois Fharraige anois oscailte arís. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta