Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tuairimí na bpáistí ar an scolaíocht bhaile

| , , ,

Scolaíocht bhaile – tuairimí na bpáistí from Meon Eile on Vimeo.

Le níos mó ná trí mhí anuas, tá páistí scoile fud fad na tíre ag dul don scolaíocht bhaile. Níl aon amhras ach go raibh sé dúshlánach do thuismitheoirí na ceachtanna scoile a mhúineadh agus iad ag obair ón bhaile i rith an ama ach cad é mar a mhothaigh páistí scoile faoin socrú nua seo?

Cloisimid ó Róise agus Lorcan ó Ghaelscoil na gCrann ar an Ómaigh faoina dtaithí féin ar an scolaíocht bhaile le linn na srianta dianghlásala. Tá athair na bpáistí, Risteard Mac Daibhéid, ina Leas-Phríomhoide sa scoil agus é ag baint úsáid as Google Classroom lena rang féin a theagasc ón teach chomh maith le bheith ag cuidiú lena bpáistí féin.

Is gearr anois go mbeidh saoire an tsamhraidh linn agus agus an teagasc baile ag teacht chun deiridh ach tá dóigheanna iontacha ar féidir le páistí agus tuismitheoirí araon leanúint leis an phróiseas foghlama le linn na saoire. Thaispeán Róise agus Lorcan bealaí sultmhara le bheith ag foghlaim ón bhaile maidir leis an nádúr, an tíreolaíocht agus an stair agus is cosúil go mbeidh siad ag leanúint leis na ceachtanna ailtéarnacha seo go dtí go bhfilltear ar an scoileanna arís amach anseo…

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta