Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ranganna aclaíochta ar líne le Conor Mac Labhraí

| , , ,

Tá na hionaid aclaíochta fud fad na tíre uilig druidte de thorramh COVID-19, rud atá deacair ar dhaoine a bhíonn ag dul chuig na hionaid seo go rialta.

Ar an lámh eile tá daoine anois sa bhaile agus níos mo ama acu ná mar a bhí riamh roimhe seo le tabhairt faoi dhúshláin úra.

Tá sé feicithe againn le roinnt seachtainí anuas go bhfuil níos mó agus níos mo daoine ag bácáil, amuigh sa gharraí nó ag tabhairt faoi jabanna beaga DIY. Ach más ag iarraidh a bheith níos aclaí atá tú, tá stócach óg Gaeltachta ag cur ranganna aclaíochta ar fáil saor in aisce ar Facebook gach maidin Dé Luain, Dé Céadaoin agus Dé hAoine.

Bhí an teagascóir aclaíochta, Conor Mac Labhraí, in ainm agus a bheith ag oscailt a ionaid aclaíochta féin i nGaeltacht Thír Chonaill sular tugadh srianta COVID-19 isteach.

Tá áit úr tógtha aige díreach in aice lena theach i nGaoth Dobhair agus lear mór trealaimh ceannaithe aige.

Cé go bhfuil díomá air nach dtig leis an t-ionad a oscailt go fóill, tá an Conor fós ag iarraidh cuidiú le daoine agus iad a spreagadh trína chuid ranganna ar líne.

Thig leat tuilleadh eolais a fháil ANSEO.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta