Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Mórdhuais Leabhar Páistí na Bliana buaite ag ‘Nóinín’ le Máire Zepf

| , , ,

Nóinín le Máire Zepf i ndiaidh an mhórdhuais ‘Leabhar na Bliana’ a bhaint ag Gradaim KPMG Leabhar Páistí na hÉireann 2020.

Is rannscéal Gaeilge é Nóinín atá dírithe ar dhéagóirí agus a phléann le téamaí atá níos dorcha ná na cinn is nós le Máire a chíoradh – seo an chéad leabhar atá scríofa aici don aosghrúpa seo. D’fhoilsigh Cois Life an leabhar spleodrach faoi chailín cúthail ciúin sna déaga a chasann le fear óg ar líne. 

Reachtáladh ócáid bhronnta na ngradam ar líne i mbliana den chéad uair agus bhí dhá leabhar Gaeilge ar liosta na mbuaiteoirí. Bronnadh Gradam Eilís Dillon ar an mhaisitheoir Kim Sharkey dá saothar Mór agus Muilc, scéal béaloidis ón Chonallach John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla. 

Leabhair Ghaeilge a bhí i dtrí cinn de na deich leabhar a bhí ar an ghearrliosta i mbliana agus, mar léiriú eile ar an dul chun cinn atá déanta i réimse na litríochta óige, ceapadh an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn ina Laureate na nÓg ar na mallaibh chomh maith.

Labhair Máire linn faoin éacht iontach seo atá déanta aici, faoi cad a chiallaíonn sé do thodhchaí litríocht na Gaeilge don aos óg in Éirinn agus faoin mhéid atá idir lámha aici faoi láthair…

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta