Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seoladh ‘BLOSC’, blag staire le Feargal Mac Bhloscaidh

| , , ,

Ag tús mhí Mhárta d’eagraigh Gael Ionad Mhic Goill agallamh poiblí idir an stairí agus múinteoir Feargal Mac Bhloscaidh agus an t-iriseoir Robert McMillen.

Is muinteoir staire i gColáiste Feirste é Feargal atá i ndiaidh tús a chur le blag staire dar teideal ‘BLOSC’ ina scríobhann sé faoi ábhair shuimiúla éagsúla ón domhan mór, le béim láidir ar stair na hÉireann.

Rinne Feargal comhrá spéisiúil le Robert faoina shaol ag fás aníos dó i Tír Eoghain agus faoi na nithe agus na daoine a spreag a chuid suime sa stair. Phléigh an bheirt acu an blag nua agus cúrsaí polaitíochta comhaimseartha.

Labhair Meon Eile le Feargal agus Rab, agus le roinnt daltaí ó Choláiste Feirste a bhí sa lucht féachana.

Is féidir an blag a léamh anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta