Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

COVID-19: Agallamh le Piaras Ó Dochartaigh

| , , ,

Tá 7,413 cás de COVID-19 deimhnithe in Éirinn anois.

D’fhógair na húdaráis sláinte sa Tuaisceart go bhfuil 84 cás nua den víreas sa dlísne ó bhí  inné ann.

Sin 1,339 cás atá deimhnithe sna Sé Chontae ar an iomlán agus 78 atá básaithe de thoradh an choróinvíris.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas go raibh 365 cás nua sa Phoblacht ó bhí inné ann fosta.

Tá 6,074 cás den víreas atá deimhnithe sa Phoblacht anois agus tá 235 básaithe.

Tá go leor imní ar dhaoine san am i láthair agus go leor éiginnteachta ann.

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe gur dóichí gur corradh le €16 bhilliún an costas eacnamaíochta a bheas ar ghéarchéim an choróinvíris ar deireadh.

Tá 507,000 duine a chaill a bpost mar gheall ar an ghéarchéim ag fáil an liúntais €350 sa tseachtain atá tugtha isteach ag an Rialtas, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Tá 205,000 duine eile ag fáil an ghnáthliúntais dífhostaíochta, sin €203 sa tseachtain.

Labhair muid leis an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh faoin imní atá ar an phobal faoina bhfuil i ndán do gheilleagar na tíre…

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta