Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Airgead á bhailiú le haghaidh trealamh cosanta pearsanta d’oibrithe sláinte

| , , ,

Agus éiginnteacht mhór ann maidir leis an easpa trealaimh cosanta phearsanta atá ar fáil ag oibrithe sláinte ar an líne thosaigh, tá an géarchéim ina bhfuil an tseirbhís sláinte ó thuaidh níos soiléire ná riamh.

I ndiaidh di labhairt le col ceathrair léi atá ina chomhairleoir leighis, chinn Louise Smith as an Mhullach Bán i gContae Ard Mhacha feachtas a thoiseacht ar líne. Is í an sprioc atá aici cuidiú chun an trealamh cuí a chur ar fáil d’oibrithe sláinte, chan amháin sna hospidéil ach dóibh siúd atá ag obair sa phobal chomh maith.

Mar atá faoi láthair, tá go leor airgid acu chun 1,000 masc a cheannach ach ní leor sin. Tá Louise ag iarraidh ar dhaoine ó fud fad na tíre tacú leis an fheachtas agus difear a dhéanamh. Agus uair na cinniúna buailte linn, tá sé in am dúinn uilig ár gcuid féin a dhéanamh chun cuidiú leis na seirbhísí sláinte ar an líne thosaigh. 

Labhair muid le Louise faoin fheachtas agus faoin spreagadh a fuair sí chun tús a chur leis. Is féidir leat cuidiú leis an fheachtas anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta