Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Scéal mná óige Gaeltachta a bhfuil COVID-19 uirthi

| , , ,

Seán Ó Baoill
30 March 2020

Coicís ó shín d’éirigh Marie Nic Eamharcaigh, as Gaeltacht Thír Chonaill, tinn le pianta agus teocht ard i ndiaidh di teacht abhaile as Londain.

Cuireadh Marie, atá 18 mbliana d’aois, chuig an ionad tástála coróinvíris i Leitir Ceanainn, ar chomhairle a dochtúra agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Rinneadh tástáil uirthi agus cúpla lá ó shin fuarthas toradh deimhneach ar an tástáil le haghaidh COVID-19.

Bhí leithlisiú ar súil ag Marie agus a teaghlach ó d’éirigh sí tinn coicís ó shín agus is í an t-aon duine sa teach atá tinn.

Labhair ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill léi inné – seo a bhí le rá aici.

Tá os cionn 3,000 cás de COVID-19 deimhnithe in Éirinn anois.

D’fhógair na húdaráis sláinte sa Tuaisceart go bhfuil 86 chás nua den víreas sa dlísne ó bhí tráthnóna inné ann.

Sin 410 cás atá deimhnithe sna Sé Chontae ar an iomlán agus 21 atá básaithe de thoradh an choróinvíris.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas go raibh 200 cás nua sa Phoblacht ó bhí inné ann fosta.

Tá 2,615 chás den víreas atá deimhnithe sa Phoblacht anois agus tá 46 básaithe.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta