Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Lánmharcanna sna scrúduithe cainte do gach dalta Ardteiste agus iad curtha ar ceal

| , ,

Fógraíodh ar maidin go mbeidh lánmharcanna á dtabhairt do gach dalta i scrúduithe cainte na hArdteiste, a bhí le tosú ar an 23 Márta.

Bronnfar lánmharcanna ar dhaltaí atá ag déanamh staidéar an an  Ghaeilge agus ar theangacha Eorpacha eile sa scrúdú cainte toisc an scrúdú a bheith curtha ar ceal. 

Is ionann scrúdú cainte Gaeilge na hArdteistiméireachta agus 40% de na marcanna ar fad. 25% atá ag gabháil do na scrúduithe cainte i scrúdú Ardteiste na Fraincise, na Gearmáinise agus na Spáinnise.

Fógraíodh ar maidin ag preasócáid de chuid na Roinne Oideachais chomh maith go gcuirfí siar go dtí an 15 Bealtaine an spriocdháta d’obair chúrsa a bheadh le déanamh mar chuid den scrúdú ardteiste.

Níl aon chinneadh déanta go fóill maidir le cathain a bheidh scoileanna na tíre á n-athoscailt nó faoi scrúduithe stáit na hardteiste a bheith ar siúl i mí Iúil. “Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair beidh scrúduithe na hArdteiste á reáchtáil,” a dúirt an tAire Oideachais, Joe McHugh ar maidin.

Tá an spriocdháta d’obair phraiticiúil a bhíonn le déanamh d’ábhair eile sa scrúdú curtha siar go dtí an 15 Bealtaine agus tá aon chur i láthair a bhí le déanamh, sa cheol, mar shampla.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta