Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ceiliúradh ar an Ghaeilge agus ar mhná na tíre

| , , ,

Tháinig mná éagsúla atá ag obair in earnáil na Gaeilge le chéile i nDoire chun na deiseanna gairmiúla atá ar fáil leis an teanga a phlé le daltaí scoile. Thit an t-imeacht iontach amach i Halla na Cathrach mar chuid d’fhéile Sheachtain na Gaeilge a bhí eagraithe ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin.

Chomh maith leis sin, ba sheans é ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan agus ar mhná na tíre. Tugadh deis do dhaltaí scoile ón cheantar spléachadh a fháil ar a bhfuil i ndán dóibh féin má leanann siad leis an Ghaeilge amach anseo agus ba léir go bhfuil suim sa teanga beo bríomhar i measc na n-óg sa chathair.

Bhí plé oscailte idir cainteoirí an lae agus daltaí ó scoileanna éagsúla maidir leis na poist Gaeilge atá ar fáil leis an teanga agus na deiseanna a thugann an teanga dóibh taobh amuigh den obair.

Ba mhór an onóir do Meon Eile cuireadh a fháil chuig an ócáid agus tá moladh mór tuillte ag Oifigigh Gaeilge na comhairle, Erin Hamilton agus Pól Ó Frighil, as a gcuid oibre leis an ócáid ghalánta seo a reáchtáil chun daoine óga a spreagadh i dtreo na Gaeilge.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta