Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bleaist Eolaíochta ESB 2020

| , , ,

An tseachtain seo caite tháinig bunscoileanna as gach cearn den tír le chéile i mBaile Átha Cliath le páirt a ghlacadh i mBleaist Eolaíochta ESB. Imeacht eolaíochta ceithre lá é seo a bhfuil lá amháin tiomnaithe do Ghaelscoileanna mar chuid de.

Bhí ar na scoileanna tabhairt faoi cheist eolaíochta, taighde a dheánamh air agus ansin na torthaí a chur i láthair. Bhí an rogha ag an scoil féin maidir leis an ábhar ar dhírigh siad air.

Bhí moltóirí ag siúl thart timpeall an halla ar an lá ag cur ceisteanna ar na daltaí agus bronnadh duaiseanna ar an taighde ab fhearr.

Thug Meon Eile cuairt ar an imeacht fosta agus bhí muid ar bís leis na scórtha Gaelscoil a fheiceáil in aon áit amháin. Bhí deis againn na seastáin eolaíochta a fheiceáil, comhrá a dhéanamh leis na hiomaitheoirí agus rud nua a fhoghlaim chomh maith!

Beidh Bleaist Eolaíochta ESB ar siúl arís roimh i bhfad i Luimneach agus Béal Feirste. Le spás a chur in áirithe nó le níos mó eolais a fháil téigh anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta