Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Lá Domhanda an Raidió

| , , ,

Is é inniu, an 13 Feabhra, an lá a dhéantar ceiliúradh ar mheán an raidió ar fud an domhain. Is in 2012 a thosaigh Lá Domhanda an Raidió sa Spáinn agus anois, le cuidiú UNESCO, tá na himeachtaí ceiliúrtha ag fás leo gach bliain.

Níl aon dabht ach go bhfuil ról lárnach ag an raidió sna meáin chumarsáide Ghaeilge agus le fás na meán digiteach, tá cúrsaí ag dul ó neart go neart. Chuaigh Meon Eile chuig teach craoltóireachta an BBC i mBéal Feirste chun bualadh le craoltóirí Gaeilge BBC Raidió Uladh agus plé a dhéanamh ar an taithí acu i saol an raidió.

Labhair muid le Róisín Ní Chéileachair, Leas-Eagarthóir BBC Gaeilge, faoin fhás atá i ndiaidh theacht ar ar stáisiún le tamall de bhlianta anuas, agus le Dáithí Ó Muirí agus le Tessa Fleming faoin obair ríshuimiúil a dhéanann siad féin ó lá go lá.

Is féidir éisteacht leis an chlár Blas gach oíche 7in-7.30in ar BBC Raidió Uladh nó ar BBC Sounds.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta